Dé Céadaoin, Meán Fómhair 30, 2009

M2009.09.27

Go pearsanta sílim go ndéanann an póstaer seo thíos an méid céanna céille is a dhéanann ceann Libertas.

M2009.09.26

Níl eagla ag Neil Oliver roimh eilifint mhór na Gàidhlig.
Bhíos ag ceapadh go raibh an fhadhb chéanna ag na hAlbanaigh is atá ag na hÉireannaigh maidir le plé ar á gcultúr Gaelach.
Tá cúpla clár, maidir le stair na hAlban de, craolta ar BBCa4 faoin am seo, ach níor luaigh an Oilibhéarach Gàidhlig go dtí seo. Nó ba chóir a rá, níor luadh cén teanga a labhair daoine áirithe sa stair. Ó rí Alban Constaintín mac Aoidh go Uilliam de Bhailís agus Roibeárd de Bhrus, bhí sé orainn a shamhlú go rabhadar ag labhairt na Gàidhlig.

D'athraigh sin le A History Of Scotland - Episode 4 - Language Is Power, atá ar fáil ar You Tube buíochas d'Albanach éigin. Is fiú breathnú air má tá uair a chloig le meilt agat, nó, le haghaidh na n-íomhánna breátha de na Garbhchríocha amháin.

Dúirt an staraí ag tús an chláir:
"Níl labhraíonn an chuid is mó againn Gàidhlig, labhraíonn muid Béarla, bíodh go n-admhaímid nó nach n-admhaímid é ní foláir dúinn breathnú ar ár dtír féin trí phriosma an Bhéarla. Agus nuair a théimid chun na Garbhchríocha agus na nOileán faighimid muid féin i measc teanga agus chultúr nach dtuigeann muid. Is amharc dúbailte míchompordach míshuaimhneach é.
Is rún náireach na hAlban é."
Ní bheinn ag súil lena leithéid d'ionracas ó staraí Éireannach go deo na ndeor.

Dar leis an gclár thosaigh fadhbanna na Gàidhlig nuair a chaill Clann Mhic Dhomhnaill Dáil Riada .i. Ríthe Inis Gall .i. Alasdair Mac Domhnaill/Eoghan Mac Domhnaill/ Aonghus Óg Mac Domhnaill a gcumhacht sna Garbhchríocha, Ros agus Inse Ghall do Chlann Stiùbhard na hÍsealchríocha.

Ní raibh Gàidhlig ó dhúchas ag na Stíobhartaigh ach Albainis, agus faoi dheireadh thiar nuair a theip ar chumhacht na nGael ó thuaidh chuir teaghlach ríoga na Stíobhartach Albainis chun tosaigh sa dlí, sa rialtas agus sna healaíona (timpeall 1500). B'é James IV an Stíobhard deireananch a labhair Gàidhlig. Bhí teanga na nGael imeallaithe dá réir, fiú má bhí sé ag níos mó ná leath den daonra. Bhí sé imeallaithe go dtí an pointe inaa raibh sé beagnach frithAlbanach a bheith in ann í a labhairt go fiú; "Breathnaíodh ar chainteoirí Gàidhlig mar mheirligh". Breathnaíodh orthu mar Éireannaigh (doch-rud), leis, mar is féidir a fheiceáil ón dán Albainis i gcuid a 5. Ní Albanachas ceart é a bheith in ann "Irish" a labhairt.
Cruthaíodh teaghlach ríoga na Stíobhartach féiniúlacht nua do na hAlbanaigh. Náisiúnachas nua na nAlbanach .i. Feochadáin agus Albainis srl.

Ar ndóigh níor chuir sin deireadh leis an dteanga ná baol air, tháinig an meath is mó uirthi le Fuadach nan Gaidheal sna ochtú agus naoú haois déag.

Dé Máirt, Meán Fómhair 29, 2009

M2009.09.25


Beidh Iúpatar agus a réanna is mó infheicthe leis an tsúil anocht i ndiaidh luí na gréine tar éis a 8 a chlog. Díreach faoin ngealach a bheidís.

Faraor, mar is gnáth, tá sé measartha néaltach, ní mór a bheith ag súil de shíor le briseadh beag sa síor-scamall.

Dé Luain, Meán Fómhair 28, 2009

M2009.09.24

Idir Michael Ó Laoghaire agus Declan Mag Sheanlaoich níl a fhios agam cé acu is measa, ach táim lán cinnte go bhfuil na díospóireachtaí timpeall Chonradh Liospóin níos measa ar aon chaoi dá bharr na beirte.
Táid beirt ag fáil níos mó poiblíochta ná éinne eile san fheachtas seo. N'fheadar an luíonn an locht sin leis na meáin nó le muintir na tíre?

Tá póstaeir Libertas níos measa -más féidir- ná na cinn curtha suas ag Fianna Fáil agus Fianna Gael .i. na cinn ag maíomh go mbeidh postanna ar fáil do chách agus go mbeadh ár mná níos sábháilte le Conradh Liospóin daingnithe srl.

Seo thíos ceann Libertas. In ainm Chroim ach cad sa foc atá i gceist leis an seafóid seo:



Is dóigh go bhfuil súile glas aici toisc gur rud Éireannach é sin! Tá ionadh orm nach bhfuil pionta pórtar ina lámh agus hata mór glasuaithne ar a cloigeann.
Tá ceann eile ann le cailín ag caoineadh agus deireann sé "Daonlathas na hEorpa 1945-2009?"
Dia idir sinn agus a leithéid de bhuinneach!

Tá a fhios ag cách go bhfuil Ó Laoghaire sa rás (i dteannta le Intel) i gcomhair cúiseanna leithleasacha seachas ar son na tíre, a háit san Aontas nó cearta na n-oibrithe i gcoitinne.
Ach bhí sé amaideach a dhóthain é sin a mhíniú ar TV3 aréir, maith an fear:
"Breathnaigh, tá m'fheachtas le haghaidh vótáil Tá.....á.... ceann de na fáthanna atá mé i mbun feachtais i gcomhair vótáil Tá is ea go bhfuil an rialtas neamhinniúil, ach fós caithfidh mé a chur ina luí orthu Aer Lingus a dhíol dom"

Dé hAoine, Meán Fómhair 25, 2009

M2009.09.23

Who do You Think You Are an t-ainm atá ar Chlár á chraoladh ar RTÉ a haon i láthair na huaire.
Clár measartha spéisiúil atá ann má tá spéis agat i nginealas dhaoine mór le rá. Caithfidh mé a admháil go músclaíonn sé mo spéis féinig, ach níos mó ar bhonn stairiúil, seachas le fáil amach faoi stair mhuintir dhuine ar leith.
Clár Sasanach atá ann a craoladh ar an BBC roimhe seo, feictear dom gur cheannaigh RTÉ cearta an chláir chun a sraith féin a dhéanamh de.
Is léir freisin gur tháinig roinnt den fhoireann ó chlár an BBC leis, monuar.

Thosaigh an chéad chlár le Ryan Tubridy agus a mhuintir thiar sa gCeathrú Rua (sin nasc PDF).
Fuair sé amach a dhóthain faoina shin-sheanathair a bhí ina mhúinteoir scoile agus an fhíric gurbh as an gClár ó dhúchas dó srl.
Bhí an eilifint mhór le feiceáil tríd an gclár, níor luaigh siad ariamh gur cainteoirí dúchas Gaeilge iad, go raibh Gaeilge ag an teaghlach go léir nó aon ní mar sin. Nuair a bhí láithreoir an Late Late ag breathnú ar a dtuairisceán daonáirimh ag léamh amach chuile ní scríofa acu, luann sé gach aon ní seachas an cheist dheireanach .i. an ceann faoin nGaeilge. Mura bhfuil teilifís digiteach (D'fhéad mé an íomhá a stopadh) sa teach s'againne ní bheinn in ann a fheiceáil go raibh Gaeilge is Béarla acu sa teaghlach Gaeltachta.
B'fhéidir nach raibh spéis ag an Tiobraideach ina dteanga labhartha, ach bheadh amhras orm! Is minic a mhaíonn an fear céanna ar an raidió gur mhaith leis a bheith in ann níos mó Gaeilge a labhairt, tá meas aige ar an teanga, agus ar ndóigh tá sé ag dul amach le hAoibhinn Ní Shúilleabháin . Déarfainn féin gur dúradh leis gan mórán béime a chur ar an taobh Gaelach dá chultúr...
The Islands, agus Carrowroe a bhí ar Cheantar na nOileáin agus Ceathrú Rua faoi seach tríd an gclár.
Ar aon nós, stop an clár ag fiosrú scéal mhuintir Uí Tiobraide ag an bpointe sin, ní dhearnadh aon iarracht a mhuintir i gContae an Chláir a aimsiú, cíos deachún s'acu a chíoradh nó stair Ghaelach mhuintir Uí Tiobraide a mhíniú.
Ní raibh ann ach scéal sop don ghinealas a bhí ó léiritheoirí an cláir. Níor theastaigh uathu ach rud amháin, gaol lag a dhéanamh leis an bhfear céanna agus ríshliocht Shasana.
Chuaigh siad siar, ar thaobh a mháthair go dtí bean éigin ó Shasana a raibh gaol lag aici féin do ríshliocht Shasana, bean a phós duine éigin ar nós sin-sin-sin seanathair mháthair Uí Tiobraide.

Bhí sé beagnach mar an gcéanna leis an dara haoi, Ivan Yates. Seachas sa gcás sin rinneadh mór den fhíric go raibh troid idir sheanathair Yates agus Rialtas na Poblachta ó thaobh múineadh na Gaeilge i scoileanna de. "Zealots", "De Velara", ceol scanrúil sa gcúlra, níos mó íomhánna de Dev.

Is toradh an clár seo de (A) Chogadh na Saoirse .i. dódh na Ceithre Chúirteanna agus na doiciméid ginealais a bhí ann, (B) Dearg-Choilíneachas i gcoitinne agus an meon coilínithe a fháisceann as .i. cine nach dtuigeann cé hiad féin .i. ní mór aghaidh a thabhairt ar Shasana agus a stair nuair atá míniú ar ár stair ag teastáil.

M2009.09.22

Tá an cuma ar an scéal ón bpobalbhreith is nuaí ón IT go bhfuil an rás rite dóibh siúd atá ag argóint in aghaidh Chonradh Liospóin.
Gan ach seachtain le dhul tá (gan na "Níl a fhios againn" san áireamh) 59 faoin gcéad ar a shon agus 41 faoin gcéad ina aghaidh.
Um an dtaca seo an bhliain seo caite, sa chéad reifreann, bhí na céatadáin ag seasamh ag 47 ar a shon agus 53.5 ina aghaidh. Aisiompú suntasach.
Más mian le lucht Níl an reifreann a bhuachan bheadh gá le céatadán níos giorra dá chéile anois, ach tá an baol ann go bhfuil sé ródhéanach.

Ach an rud is aistí faoi na pobalbhreitheanna seo ón IT ná bíonn siad lán le ceisteanna sáinne. Sa gcás seo bhí an cheist; An gceapann tú go bhfuil muid níos fearr bheith páirteach san AE?

Geallaim dhuit gur tháinig an cheist sáinne sin roimh aon cheist ar an gConradh féin!
Agus is éasca a shamhlú cén chaoi a mbeadh duine ag ceapadh dá gcloisfeadh sé a leithéid de cheist.
Bhainfí as go bhfuil ceangal idir ár vótáil ar an gConradh agus ár mballraíocht san Aontas.
Agus níor mhaith le héinne slán a fhágáil leis an Aontas, fiú mura dtaitníonn sé leis go mbeimis ag cailliúint roinnt cearta crosta.

M2009.09.21

NI FIL I REMFIUS IN AITT IMBI OGUM
“Is fánach an áit ina bhfaighfeá ogham.”

Leaganacha a 1



Ní rabhas ró-chinnte faoin spásáil focal sa gceann thuas. Idir "IN" agus "AITT" ach go háirithe. Agus "REMFIUS" ag leanúint ar aghaidh go dtí an tsraith eile leis?







FRC i gcónaí

Déardaoin, Meán Fómhair 24, 2009

M2009.09.20

Ní rabhas i gceist agam "ceiliúradh" a dhéanamh ar "Lá 'le Artúir", ach táim díreach tar éis téacs a fháil ansin a deireann nach bhfuil ach €2.50 ar phionta sa bpub áitiúil!!

"To Martha" óir beidh póit orm ar maidin by dad

M2009.09.19


Níl aon ní chomh taitneamhach agus leithinis Chorca Dhuibhne ar feadh cúpla lá le linn Samhradh Beag an Fhómhair.

D'fhágas Gleann na nGealt thoir agus a bhfuil d'aois seo ár dTiarna i mo dhiaidh an tseachtain seo caite.

Is aisteach cé chomh tábhachtach is atá an gleanntán beag sin (thíos) ar imeall na hEorpa do chultúr na tíre seo, na hEorpa féin agus an domhain go léir.

Dún Chaoin faoi sholas an tráthnóna go deimhin.

(Dún Chaoin agus Ceathrú an Fheirtéirigh le feiceáil thíos)


Sliabh an Iolair atá ar an sliabh a dhreapamar le linn ár dturas. Bhí sé déanta agam cúpla uair roimhe, ach ón taobh thoir. Ach tá cosán deas réidh feirmeoireachta ag tosnú ag Mám Clasach (an thaobh thiar) idir Dhún Chaoin agus Fionn Trá. Casann sé go deas réidh suas gan mórán stró. Siúlóid bhreá 2 uaire gan an áit plódaithe le daoine amhail Cnoc Bréanainn ar lá géine. Radhairc den chéad scoth ar fáil de Chorca Dhuibhne, Uíbh Ráthach, Sceilig Mhíchíl agus na Blascaodaí.



Is cuimhin liom an chéad uair a chonaic mé ogham, nuair a bhíos i mo mhac léinn i gCorcaigh na Mumhan .i. Coláiste Ollscoile Chorcaí. Bhí na clocha ogham á stóráil i sórt dorchla dorcha den seanfhoirgneamh. B'fhéidir go raibh scór acu ann, iad i bhfolach ó shúile fiosracha an ghnáthphobail.
Is deas le feiceáil go bhfuil an ceann seo thíos fós ina sheasamh san áit ar cuireadh ann é .i. Cill Maoilchéadair.


: A NM MAILE -I NBIR MACI BROCANN - Ainm Maol Inbhir mac Brocáin atá air de réir dealraimh.

Clog gréine Chill Maoilchéadair

Dé Máirt, Meán Fómhair 22, 2009

M2009.09.18

Tá sé i gceist ag an Rialtas go mbainfidh NAMA (cáiníocóirí) drochiaschtaí as na bainc in Éirinn ionas go gcruthófar an beart seo spás dóibh tosú ag iasachtú arís do ghnóthais bheaga agus daoine i gcoitinne, agus de réir sin ag spreagadh fás in athuair sa ngeilleagar.
Ach níl aon ní sa reachtaíocht a bhaineann le NAMA a chuireann iallach ar na bainc amhlaidh a dhéanamh .i. iasachtú do gnóthaí beaga etc.

Agus taispeánann an taighde is nuaí ón Banc Ceannais Eorpach nach bhfuil fonn ar bhainc san Eoraip airgead a thabhairt do gnóthais bheaga agus mheánmhéide .i. GBM-anna (SMEs)!

Dé Máirt, Meán Fómhair 15, 2009

M2009.09.17

Tá an cuma air, mar sin, má íocann an rialtas dhá thrian den aghaidhluach le haghaidh sócmhainní NAMA, tá gach cosúlacht ann go gcuirfí caillteanais uafásach mór ar an gcáiníocóir, den méid €3O Billiún, nó cúigiú cuid d'ioncam náisiúnta
In aon tír eile ar domhan bheadh na mic léinn i mbun círéibeacha. Bheadh gilitín lonnaithe ar Shráid Chill Dara agus na coirpigh á dtarraingt as an Dáil chun solaoid a dhéanamh díobh.

Beidh agóid in aghaidh NAMA ar siúl amárach, á reáchtáil ag Páirtí an Lucht Oibre, agus ceann eile Dé Sathairn. Faraor dom beidh mé thíos i gCorca Dhuibhne don chuid eile den tseachtain. (An chéad uair go ndearna mé gearán faoi thuras ó dheas).

Tá iompar ceanndána an rialtais ar an gceist seo dochreidte, tá iompar na nGlasach níos measa fós.
Agus mar dhuine a vótáil ar a son san olltoghchán braithim go raibh amadán ceart déanta agam.

Iorras. Teamhair. NAMA.
Filleann an feall ar an bhfeallaire.

Dé hAoine, Meán Fómhair 11, 2009

M2009.09.16

Cad é faoi fhánaíocht dhaoine eile a chuireann éad orainn, bhuel ormsa ar aon chaoi.
Éalú.
Éalú ón tseafóid seo go léir in Éirinn; an cúlú, ár rialtas dearg-thruaillithe. Míchothromaíocht lofa sóisialta.

NAMA agus an fiach uafásach a chuirfidh sé ar na glúinte chun olagarcachtaí na tíre a shábháil!

Uaireanta braithim tinn tuirseach d'Éireannaigh, ar nós "cara árasáin" a gcaitheann tú an iomarca ama leis.

Tuigim meon na Manach.

Dé Céadaoin, Meán Fómhair 09, 2009

M2009.09.15

Is aisteach an radharc ón suíochán seo.
Clár Nollag agus bronntanas ar TG4 agus ceol Nollag dá réir ag dul leis, ach cailíní óga bréag-dhonn beag-éadaí borb-ghlórach an Teastais Shóisearaigh ag ól vodca as buidéil coke is ag baint sult as an samhradh beag bog, thíos sa lána in aice leis an bhfuinneog seo againne.

M2009.09.14




Fáilte in Ogham, leagan a 2

Níl a fhios agam an bhfuil sé leagtha amach i gceart agam.

Cad a déarfadh Maol Mhaedhóg Ó Morgair dá bhfaca sé a leithéid de chlaiseanna draíochta aisteach ar an gcarrchlós?

Dar le Kathrine Simms ina haiste "An Eaglais agus Filí na Scol"; nuair a bhí Maol Mhaedhóg ina bhuachaill óg in Ard Mhacha gur smaoinigh sé ar dhul mar dhalta "go dtí oide áirithe a raibh cáil air maidir leis na healaíona saora, mar a deirtear....ach, nuair a ghabh sé isteach don theach chuige, chonaic sé an fear ag imirt de bhuillí meara le meanaithe agus é ag déanamh claiseanna ar bhealach aisteach ar an bhfalla. Chuir an radharc sin amháin, de bharr a éagantachta, alltacht ar an mbuachaill stuama agus theith sé leis uaibh agus níorbh áil leis fiú súil a leagan air as sin amach"
Creidtear gurbh ogham a bhí sna claiseanna ar an bhfalla.
Bhí "eagla ar an ábhar naoimh go raibh blas draíochta agus págántachta dá réir ae a chleachtadh"

M2009.09.13

Á, a Dháithí mo cheol thú. Níl a leithéid de chaint ionraic le fáil ó aon tráchtaire nó iriseoir sna meáin Béarla.

There can be no more belief in the notion that there will be a big capital gain in buying a property, any more than there will be capital gain in buying a sofa.

Dé Máirt, Meán Fómhair 08, 2009

M2009.09.12

Constaintín mac Aoidh mhic Cinnéad mhic Ailpín.
Céad rí na hAlban de réir dealraimh, de bhunadh Cruithneach a bhí tógtha i measc na nGael i gCúige Uladh. An fear a d'aontaigh Cruithneach agus Gael faoi theanga na nGael agus Chríostaíocht in Albain.

Ní raibh a fhios agam sin -nó aon ní i ndáiríre faoi stair na hAlbain- go dtí go bhfaca mé clár iontach ar BBCa4 anocht

Dé Luain, Meán Fómhair 07, 2009

M2009.09.11

Ba spéisiúil an clár "Blood of The Irish" atá á athchraoladh faoi láthair ar RTÉ arís. Agus is rud maith é go bhfuil sé á athchraoladh, fiú má tá lochtanna go leor le fáil ann go minic.

Taispeánann sé go bhfuil bunús láidir leis an miotas gur tháinig ár sinsear ó thuaisceart na Spáinne, mar a mhaígh Céitinn agus staraí Gaelacha dá leithéidí. Clann Mhíl Easpáinne más é do thoil é?

Ach thar aon ní eile is é an rud is aistí faoin gclár ná go bhfuil gaol DNA díreach idir bhroic na hÉireann agus broic na Spáinne! Agus gaol DNA díreach idir bhéir marbh na hÉireann agus béir na Spáinne.!
Níl aon ghaol díreach idir bhroic na hÉireann agus broic na Breataine de réir dealraimh!

Mar sin, maítear gur thóg na Gaeil na béir agus na broic leo ón Spáinn go hÉirinn i mbáid!

Ní thugann sé freagra cuí sásúil cén fáth go ndéanfaí a leithéid ar chor ar bith. Go pearsanta sílim go bhfuil sé beagán craiceáilte.
Nach bhfuil seans níos fearr ann go siúlfadh na broic/béir ón Spáinn go hÉirinn thar oighearshruth éigin a thug bealach sábháilte dóibh?

M2009.09.10

Cheannaíos dhá 54c stampa cúpla nóiméad ó shin.
Agus seo thíos an íomhá a bhí orthu!

Tuigim cén fáth gur mhaith leis an Post Plandáil Uladh a chomóradh, ach ní thuigim ar chor ar bith an íomhá. Bhuel ní fíor sin, tuigim. Ach ní thuigim an easpa samhlaíochta, cad chuige an easpa samhlaíochta? Nach bhfuil sé beagáinín ró "PC"?

Ba bhreá liom íomhá de theaghlach á mharú ag fórsaí na corónach. Nó b'fhéidir teaghlaigh ar a dteitheadh ar thaobh shléibhte agus ag fáil bháis ón ocras agus ón oscailteacht. Nó píosa filíochta ón tréimhse fiú;

Roinnid í eatarthu féin,
an chríoch-sa chlainne saoirNéill,
gan phoinn do mhaigh lachtmhair Fhloinn
nach bhfuil ina acraí againn.

Díoltas Dé is ábhar ann -
fir Albain, ógí Londain
d'fhanadar ina n-áit sin -
cá áit ar ghabhadar Gaeil?

Nó cad faoi íomhá de chloigeann ar spíce ?



Cloigeann Chathaoir Uí Dhochartaigh

M2009.09.09

Níor chuir Pól Ó Muirí fiacail ann ina eagarfhocal i gComhar na míosa seo.

"Tá suíomh beag Idirlín againn féin ach caitheann muid dua mór leis an iris a chuirtear i gcló...díríonn muid ar dhaoine nach bhfuil eagla orthu roimh ailt a léamh, seachas blúirí blag"
"..gach seans go bhfuil muid ag déanamh freastal níos fearr, níos réabhlóidí, níos cultúrtha, níos dúshlánaí, ar léitheoirí ná mórán blaganna buile."

Cé leis na "blaganna buile"?
An Liathánach? an Almhanach fiú?

M2009.09.08

Rabhadh: Seo a leanas blagmhír ar NAMA. Idir NAMA agus Conradh Liospóin ní haon iontas go bhfuil muintir na tíre trína chéile ar fad.

Agus seo an chaoi a ndéantar é

Ar an gceist sin, seo thíos an t-alt a bhí le feiceáil i Nuacht24 4ú lá den mhí seo.
Agus thugas faoi deara botún a rinne mé! Ó an náire! In áit "drochbhanc" ba chóir go mbeadh "banc maith" ann maidir le plean Fhine Gael. Botún bunúsach uafásach.


---------------

Ba chóir go mbeadh a fhios agat láithreach bonn go bhfuil tú ag dul amú ar d'fhiontar airgeadais nuair atá saineolaithe airgeadais agus eacnamaíochta den eite chlé, den dhearg-eite dheis agus den lár ar aon intinn le chéile gur fiontar lochtach amach is amach atá á bheartú agat. A mhalairt a bhí a fhios ag Airí Rialtas de réir dealraimh, fiú an iar-Thoiseach Fine Gaelach Garret Fitzgerald a chur a ladar isteach sa scéal ag moladh do dhaoine gan a bheith ag ceistiú seasamh an rialtais ar an ábhar ar eagla go gcuirfeadh scanradh ar lucht an mhargaidh idirnáisiúnta.
Thosaigh inneall bolscaireachta an rialtais go glórach i ndiaidh a laethanta saoire go deimhin, agus bhí an teachtaireacht chéanna le cloisteáil ó gach ceann dá n-argóintí ar son NAMA mar atá sé beartaithe ag an Roinn Airgeadais, sé sin, "níl aon rogha eile againn", "níl a mhalairt plean le fáil" "An t-aon chluiche ar an mbaile" srl.

I dteannta leis an mbolscaireacht bhréagach sheafóideach nach bhfuil aon rogha eile againn tá iarracht chomhfhiosach á déanamh le cur ina luí ar dhaoine go bhfuil na 46 eacnamaí agus saineolaí airgeadais a shínigh an t-alt ag ceistiú NAMA san Irish Times an tseachtain seo caite míchruinn agus mí-ionraic ina n-argóintí. Tá muid ag feiceáil anois go bhfuil na polaiteoirí ar ais óna saoire agus an t-inneall bolscaireachta faoi lánseol gur bhog an díospóireacht ar NAMA amach ó dhioscúrsa eacnamaíochta mar ba chóir an cheist seo a phlé, go dioscúrsa polaitíochta.

Aon saoránach/cháiníocóir in Éirinn a chreideann gur chóir NAMA a chur i bhfeidhm déarfainn go neamhbhalbh nach dtuigeann an saoránach/cáiníocóir sin cad is NAMA ann ar chor ar bith. Aon saoránach nach gceistíonn beart an rialtais agus a ghlacann leis go réidh, mar a mholann an Dochtúir Mac Gearalt, déarfainn go neamhbhalbh nach bhfuil an saoránach sin ag comhlíonadh a dhualgas daonlathach.
Mar sin ní mór na roghanna eile a mheas.

Seo iad a leanas mar achomaire:

(1) NAMA .i. Drochbhanc réadmhaoine an rialtais. Tógann an rialtas sócmhainní lofa ó na bainc ag praghas níos airde ná a luach reatha ar an dóchas go mbeadh praghsanna boilscithe ar réadmhaoin san fhadtéarma. Déantar roinnt athchaipitliú ar na bainc ach ní gá seilbh iomlán a thógáil toisc go bhfuil a dhóthain caipitil ag na bainc chéanna ó ró-íocaíocht na sócmhainní luaite. Tosaíonn an rialtas ag súil go dtosaítear na bainc ag iasachtú arís, agus go spreagtar boilgeog réadmhaoine nua amach anseo ionas go bhfaightear an stát a hairgead ar ais ón mbeart. Sa gcás áirithe seo ní fhaigheann an cáiníocóir aisíoc dá hinfheistíocht fhlaithiúil sna bainc mura bhfuil boilgeog réadmhaoine eile againn, agus má tharlaíonn sin tá muid ag rith timpeall an fháinne fhí áirithe seo go deo na ndeor.

(2) Náisiúnú na mBanc .i. Plean Pháirtí an Lucht Oibre. Fógraítear na bainc dócmhainneach (toisc go bhfuilid, mar shampla tá €24 billiún ag AIB i sócmhainní forbartha), mar sin níl aon chostas don cháiníocóir, bheadh sé ar an scairshealbhóir an titim a láimhseáil, agus an sealbhóir bannaí ag tógáil gnáthscair sa bhanc. Tógann an rialtas seilbh ar an mbanc, idir sócmhainní maithe agus olc. Cruthaítear drochbhanc leis na droch-sócmhainní a bhainistiú agus déantar athchaipitliú ar an mbanc maith le iasachtú a thosú. D'fhéadfaí an banc a dhíol amach anseo. Mar gheall ar an ráthaíocht a thug an rialtas do na bainc bheadh ceart ag sealbhóirí bannaí airgead a éileamh, go dtí Meán Fómhair 2010 nuair a chríochnaíonn an ráthaíocht sealadach.

(3) Banc Maith .i. Plean Fhine Gael. Cruthaítear banc maith nua ar an toirt .i. amárach, le hiasachtú a spreagadh agus fás in athuair a chothú sa gheilleagar go díreach. Ach ní dhéantar aon ní do na bainc phríobháideacha agus a sócmhainní lofa nó maithe go dtí Meán Fómhair 2010. Ansin cuirtear deireadh leis an ráthaíocht sealadach, tógann an rialtas sócmhainní na mbanc ar lámh idir mhaith agus olc. Cuirtear na sócmhainní atá ag oibriú isteach sa bhanc maith agus fágtar na sócmhainní lofa i lámha na scairshealbhóirí agus sealbhóirí bannaí le hoibriú amach dóibh féin. Sa gcás seo níl aon fhiach ar an gcáiníocóir nó ar a shliocht leis an gcóras a réiteach agus déantar infheistíocht go díreach isteach sa gheilleagar a chinnteodh go mbeadh an tír in áit níos fearr tairbhe cheart a bhaint amach as an bhfeabhsú sa gheilleagar domhanda.

(4) Áisíneacht amhail NAMA ach é a bheith i bpáirt le Náisiúnú .i. Plean An Ollaimh Patrick Honohan, An IMF agus na 46 eacnamaí agus saineolaí airgeadais (Karl Whelan srl). Ceannaíonn NAMA na sócmhainní ag a luach reatha réalaíoch, seo ag déanamh na bainc dócmhainneach agus scairshealbhóirí ag iompar caillteanas. I ngeall ar an mbeart seo ní mór don rialtas seilbh shealadach a thógáil ar na bainc, á náisiúnú. Déanann an áisíneacht nua um bhainistiú sócmhainní (sórt NAMA) iarracht an méid agus ab fhéidir a fháil do na sócmhainní thar thréimhse fhada ama. Ní bheadh aon tob-reic(Fire Sale) de réadmhaoine mar ba mhaith le giollaí an rialtais tú a chreidiúint. Sa gcás seo tá an cáiníocóir ag fáil luach dá chuid airgid, sé sin, tá gnáthscair sa bhanc aige anois as ucht sábháil na mbanc. Seo gnáthscair a sheasfaidh dó go fial nuair a chuirtear na bainc fholláin ar an mhargadh arís am éigin sa todhchaí.

(5) Go Tigh an Diabhail Leo .i. Plean David McWilliams, eacnamaithe a chreideann go tréan in eacnamaíocht an tsaormhargaidh agus daoine eile nach bhfeiceann aon chiall le sábháil na n-institiúidí bhanc truaillithe atá againn faoi láthair.
Sa bheart seo téann na bainc go Tigh an Dhrochdhuine. Ní cheannaítear a sócmhainní lofa a d'eascair as a gcuid spéacláireachta agus cearrbhachais le hairgead an cháiníocóra. Ní dhéantar athnuachan ar an ráthaíocht ar thaiscí sna bainc i 2010 agus tosaítear deireadh a chur leo de réir a chéile, idir an dá linn tagann bainc idirnáisiúnta nua isteach sa tír chun an bhearna seo a líonadh. Glantar an córas agus réitítear an fhadhb go deo!

Dé hAoine, Meán Fómhair 04, 2009

M2009.09.07


Taispeánann na Danmhargaigh an bealach chun tosaigh. Agus an bealach sin sa bhfarraige amuigh

Thuas tá grianghraf d'fheirm gaoithe Horns Rev atá lonnaithe 14-20km sa Mhuir Thuaidh. Feirm a d'fhéadfadh 160 MW a sholáthair agus é faoi lánseol.

Níl le déanamh againn ach an plean seo a leanúint. Tá sé chomh simplí leis sin. Faraor dúinn ní léir go bhfuil an toil pholaitíochta ann, fiú agus na Glasaigh i gcumhacht, agus ní thuigeann na hamadáin eile "dul chun cinn eacnamaíochta" mura bhfuil tú ag caint faoi tithe saoire, árasáin bheaga agus an margadh tithíochta i gcoitinne. NAMA mar shampla!

Bheadh ciall éigin ag baint le faoiseamh cánach láidir d'fheirmeacha gaoithe atá suite sa bhfarraige amuigh. Tá infheistíocht mhór le mealladh sa tionscal seo.

Seo a leanas alt (botúin Gaeilge san áireamh) ó Nuacht24 3ú lá de mhí Iúil.

Is fada uainn anois ó bhí cúrsaí timpeallachta an chloch is mó ar phaidrín na n-éiclaochra (eco-warrior) amháin, sa lá atá inniu ann is iad éiciphostanna an chéad fhuadar óir (nó glas mar a bhaisteadh air) eile do lucht gnó agus fiontair an domhain. De réir taighde déanta ag na Náisiúin Aontaithe chuaigh infheistíocht i bhfuinneamh in-athnuaite thar $148 billiún faoi dheireadh 2007. Mhéadaigh infheistíocht i bhfuinneamh glas ó fhoinsí ar nós gaoth, na gréine agus bithbhreoslaí trí huaire níos tapúla ná mar a thuar an Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP). "Sa chaoi chéanna a mhealladh na mílte chun California agus na Klondike go déanach sna 1800, tá an fuadar fuinnimh ghlas óir ag mealladh na léigiún de sirtheoirí nua-aimseartha ar gach carn den domhan" a dúirt Achim Steiner, ceannasaí UNEP. Faoi láthair tá fuinneamh in-athnuaite an earnáil is láidre sa domhan ó thaobh gníomhaíocht infheistíochta de. In ainneoin an chúlaithe domhanda agus an ghéarchéim airgeadais tá infheistíocht suas ón dara ceathrú i 2008. Bhí caipiteal fiontair agus gnáthscair príobháideach d'fhuinneamh glas suas 34% ar 2007.

Tá an fhadhb atá romhainn maidir le fuinneamh an-shoiléir do rialtais timpeall an domhain. Fiú mura bhfuil athrú aeráide ag dó na geirbe acusan i ndáiríre, tuigeann sé go maith cad is áirithiú fuinnimh ann agus an gá le fuinneamh iontaofa sa todhchaí ós rud é nach bhfuil buaic-táirgeacht ola i bhfad uainn a thuilleadh. Dá bharr seo tá fuinneamh glas in-athnuaite dosheachanta agus tábhachtach do gach tír sa domhan agus an fhíric seo ag mealladh an-tallann, a lán caipitil, teicneolaíochta agus an taighde is nuaí. Creideann UNEP go bhfuil athrú bunúsach d'infreastruchtúr fuinneamh an domhain ag tarlú, go háirithe leis an infheistíocht is mó ag teacht as an Eoraip, agus ansin SAM, an tSín, an Ind agus an Bhrasaíl ag teacht ina ndiaidh.
Tuairimíonn na Náisiúin Aontaithe go mbeidh ar a laghad 4.7 trilliún dollair á infheistiú san earnáil seo roimh 2020. Leis an méid sin infheistíochta á thuar ní iontas é go bhfuil an earnáil seo ag mealladh chomh mór spéis ón lucht gnó.

An tseachtain seo d'eisigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) foramharc ar a clár "Strive" – eolaíocht, teicneolaíocht, taighde agus nuálaíocht don timpeallacht . Seo clár a bhaineann le 18 tionscadal comhshaoil á ndéanamh in ollscoileanna Éireannacha agus a thugann réiteach d'fhadhbanna timpeallachta. Tá cumas tráchtála ag gach paitinn nó comhlacht ag eascairt as na tionscadail seo agus taispeánann sé an t-aisíoc a fhaigheann comhlacht nó tír má chuirtear infheistíocht i dtaighde do réitigh ar fhadhbanna comhshaoil. "Tá taighdeoirí agus gnóthaí ag forbairt teicneolaíochtaí a thabharfar buntáistí timpeallachta agus ag feabhsú iomaíochais. Táimid muiníneach go gcuirfear dul chun cinn san earnáil seo Éire chun tosaigh i margadh ilnáisiúnta atá ag fás go rábach" a deir Dochtúir Mary Kelly ard-stiúrthóir an EPA. Bunaithe ar thaighde an EPA fuarthas nach gcostálann sé ach €1 milliún ó Chiste Taighde an EPA paitinn nua amháin a chruthú in Éirinn. Cuir sin i gcomparáid le suirbhé ó SAM agus an Eoraip a dtuairiscíonn go mbíonn $4.1 milliún ag teastáil le paitinn amháin a chruthú sna stáit, agus $8.7 milliún san Eoraip.

Más mian le hÉirinn a coimitmintí faoi phrótacal Kiótó a chomhlíonadh, muid féin a tharraing as an ngéarchéim eacnamaíochta agus geilleagar inbhuanaithe a fhorbairt ní mór don rialtas tacaíocht láidir a a thabhairt do smaointí cosúil leis na pleananna á gcur chun tosaigh ag fiontraí amhail Graham O’Donnell agus a ghrúpa Spirit of Ireland. Tá an dream seo ag beartú gur chóir ár n-acmhainní nádúrtha a úsáid chun na mílte post a chruthú agus leibhéal éigin de neamhspleáchas fuinnimh a bhaint amach dúinn féin. Ach sula bhféadfaimis é sin a dhéanamh caithfidh muid infheistiú in eangach ardvoltas ar leith san iarthar ionas go bhféadfadh an cumas nádúrtha seo a úsáid (idir chóras taisce pumpála agus muilte gaoithe). Seo an sórt tionsclaíocht inbhuanaithe a chinnfidh áit na tíre seo ar an ardán domhanda mar cheannródaí fuinnimh, agus meallfaidh sciar maith den infheistíocht mhór sin dá réir.

M2009.09.06

Tacaíonn bourgeoisie Bhaile Átha Cliath go mór le Conradh Liospóin dar leis an bpobalbhreith is nuaí san Irish Times, níos mó ná aon dream eile sa tír.
Is spéisiúil freisin go bhfuil a leithéid de phóstaer thíos le feiceáil ar lampaí timpeall na cathrach sin leis.



Seo an sórt Shock Doctrine a úsáidtear chun eagla a chur ar dhaoine ionas go mbraitheann siad faoi bhagairt ó rud éigin nach bhfuil ann. Nuair atáid ag mothú go bhfuilid faoi bhagairt tá sé níos éasca cur ina luí orthu glacadh le seo nó siúd. Conradh Caipitlíoch Liospóin sa gcás seo.

Agus caithfear an cheist a chur; tá an bhean seo níos sábháilte ó cad go díreach?
Cén fáth gur chóir go mbeadh eagla uirthi mura vótálann sé i bhfách le Conradh Liospóin, ní bheidh éinne ag fágáil an Aontais!
Agus cén fáth gur roghnaíodh bean seachas fear mar atá le feiceáil ar na póstaeir eile?
An mbeidh sí níos sábháilte ag siúl abhaile san oíche?
An ndéanfaidh tionscal tioncharach armála na hEorpa cosaint uirthi le níos mó armála i ndiaidh daingniú an Chonartha ?

Scannalach.
Seo an píosa bolscaireachta is cliste a bhfaca mé le fada an lá. Ach seo an píosa bolscaireachta is áiféisí leis. Is náireach an treo a bhfuil feachtais polaitíochta ag dul sa tír seo.

Ní amháin sin ach níl aon rud le feiceáil ar aon phóstaer, a chonaic mise go dtí seo, a phléann aon rud atá sa gConradh féin; "Vote for Jobs" srl. "Tá, ar mhaithe leis an nGeilleagar"
Cén baint atá ag Jobs nó an geilleagar le Conradh Liospóin?

Feictear domsa go bhfuil an feachtas seo á throid ar an mbonn go bhfuil ár mballraíocht san Aontas i mbaol mura vótálann muid i bhfách leis.
Tá an ceacht foghlamtha ag lucht "Tá" ón reifreann an bhliain seo caite .i. ní fhéadfaí an reifreann a bhuachan ar fhíricí an Chonartha féin.
"Teastaíonn an Eoraip ó Éirinn" & "Is láidre muid leis an Eoraip"
Níl a fhios agam an bhfuil éinne ag maíomh a mhalairt.
Chíor Titley an t-ábhar seo an tseachtain seo caite.




Ar a laghad bhíodar cáiréiseach a ndóthain gan a gceannaithe a chur ar na póstaeir i mbliana.

Déardaoin, Meán Fómhair 03, 2009

M2009.09.05

Cad atá Déiseach ag déanamh ina chónaí ar chúl Shliabh Gamh fuar fiáin i Luíne Contae Shligigh?


Bliain ár dTiarna 1654 atá ann, agus tagann cnag láidir ar dhoras Dhéagláin Mac an Déisigh , abair!
"By order of Oliver Cromwell, Lord protector of England, Scotland & Ireland , you are ordered to leave these lands for Connaught"
Cuirtear píosa páipéar oifigiúil, atá i mBéarla, ar an doras le casúr is tairne. Ní thuigeann an teaghlach cad a deireann sé, ach tá a fhios acu go raibh an lá seo ag teacht. Bhí na teaghlaigh sna gleannta thall díbeartha as a dtithe cúpla seachtain roimhe agus an scéal scaipthe sa dúiche faoi Ach of Settlement atá anois curtha i bhfeidhm. Tá sé orthu bogadh anois thar an tSionainn siar go Cúige Chonnacht agus cur fúthu áit éigin ann, tá 3 lá acu bailiú leo amach as an nDéise agus slán a fhágáil do thalamh fial a seacht sinsir siar.
Beirtear chomh mór dá gcuid maoine agus is féidir leo, ach tá an turas seo le déanamh sa gheimhreadh thar beagnach 300km, agus tá oighearaois bheag ag reo na tíre.
Sroicheann teaghlach (nó a shliocht b'fhéidir) Dhealgáin Cúl Dálaigh, i Luíne Contae Shligigh faoi dheireadh thiar thall.
Déantar iarracht talamh na sléibhte siúd a shaothrú, ach is mó an difríocht idir an talamh sin agus talamh na Déise.

Léim chun tosaigh beagnach 260 bliain, trí chruatan, ghortaí, phéindlíthe agus ghéarleanúint. Tá sliocht Dhealgáin, Seán Mac an Déisigh, ina fhear tí i gCúl Dálaigh ar chúl Shliabh Gamh ag amharc ó dheas thar mánna Chonnachta.
Ceantar measartha láidir Gaeltachta atá i gCúl Dálaigh fós, as na 32 teaghlach sa gceantar labhraíonn 30 teaghlach Gaeilge.
Bliain ár dTiarna 1911 atá ann agus tá an daonáireamh le líonadh, ach, níl scríobh nó léamh an Béarla ag Seán nó ag a bhean chéile Bridget. Cabhraíonn áiritheoir an daonáirimh é a líonadh dóibh, fágann Seán a mharc ar an leathanach le X.
Téann siad síos mar Bhéarlóirí.
88 bliain níos déanaí, i 1999, faigheann mic Sheáin bás, Pádraig agus Seán Óg, is iad na Cainteoirí dúchais deireanacha Gaeilge i gContae Shligigh.

Dé Céadaoin, Meán Fómhair 02, 2009

M2009.09.04




M2009.09.03

An bhfuil an teachtaireacht ag dul i bhfeidhm ar dhaoine ar chor ar bith?
An bhfuil na hÉireannaigh toilteanach, nó in ann, éisteacht le héinne seachas Airí Fhianna Fáil?

An stopfaidh aon ní seachas éirí amach fuilteach an plean mire seo ar thugtar NAMA air?

Dé Máirt, Meán Fómhair 01, 2009

M2009.09.02

Más fíor nach bhfuil aon "athrú tagtha ar an seanfhíoras gur leadránaí craobh ghinealaigh an fhir thall ná aon ní eile ar domhan"
Ní fíor le rá nach spéisiúil an iompú teanga a thaispeánann daonáireamh 1911 go soiléir. I gceantar tuaithe an iarthair ar aon chaoi. Bhí mo ghinealach féin ar eolas agam cheana mar is féidir a fheiceáil thuas! Ach ní raibh eolas cruinn agam ar cé hé/hí an cainteoir dúchais Gaeilge dheireanach i measc mo mhuintir.
Freagraíonn daonáireamh 1911 an cheist sin go maith dom.

Seo thíos píosaí as iontráil mo mhuintir.
Ceann as Tír Fhiachrach Thiar, ceann as Tír Amhlaidh Thuaidh ina raibh Gaeltacht ann de réir dealraimh i 1926 agus níos déanaí!
Tugann an ceann ó Thír Fhiachrach le fios go raibh Gaeilge ag na tuismitheoirí (mo shin-shin-sheantuismitheoirí) a rugadh go luath roimh 1840. Rud a bheifeá ag súil leis is dóichí do cheantar tuaithe. Ach is spéisiúil nach bhfuil Gaeilge ag a mac a rugadh timpeall 1880. Daichead bliain, glúin amháin agus bhí sí imithe.




Liomsa beidh an ceangal uasal ársa sin deisithe.

M2009.09.01

Táim go pearsanta go mór i bhfách le tuirbíní gaoithe mar uirlis chun fuinneamh úsáideach leictreach a sholáthar as fuinneamh nádúrtha na gaoithe. Ach tá an fhadhb ann i gcónaí faoi lonnú na dtuirbíní céanna i gceantair a bhfuil daoine ina gcónaí iontu. An bhfuil sé cóir agus ceart amharc-thruailliú a cheadú le aer-thruailliú a laghdú?
Seo an radharc i Leacain Contae Shligigh, mo cheantar dúchais.
(Cliceáil le haghaidh pictiúir atá níos mó)




Go díreach faoi bhun an chéad tuirbín thuas rugadh is a tógadh Dubhaltach Óg Mac Fhirbhisigh, agus is san áit seo a chaith sé laethanta deiridh a shaol. Go díreach faoi bhun an thuirbín seo bhí scoil éigse Clann Mhic Fhirbhisigh lonnaithe, an áit ar scríobh Giolla Íosa Mór Leabhar Mór Leacain (le cúnamh óna mhac léinn Murchadh Riabhach Ó Cuinnlis)

Smaoiním fúthu agus cad a cheapfaidís dá bhfeicfidís agus dá gcloisfidís a leithéid de chrainn os cionn a scoil éigse/caisleán. Is dóichí go gceapfaidís mar a cheapann na Gaeil a rugadh is a tógadh san áit céanna sa lá atá inniu ann. Sé sin, is fuath leo na trí tuirbín atá lonnaithe i Leacain. Cruthaíonn an fuath seo fearg iontu faoi chuile ní a bhaineann le ceisteanna comhshaoil agus timpeallachta agus is mór an trua é sin.
Ar chóir tuirbíní gaoithe go léir a lonnú amuigh san fharraige ar siúl ó dhaoine agus na fadhbanna a chruthaíonn siad.

Seo thíos an léacht a chuireadh in aice le fothracha an chaisleáin in ómós do Dhubhaltach agus b'fhéidir ceann de na clainne is tábhachtaí in oidhreacht na tíre seo!