Dé hAoine, Aibreán 17, 2009

M2009.04.03

Ón áit seo is féidir liom Sléibhte Átha Cliath clúdaithe i gceo a fheiceáil, os a gcomhair tá craenacha tógála an tíogair mhairbh ag seasamh go ciúin uaigneach thar fhoirgnimh is árasáin leath-chríochnaithe an bhorrtha, amhail boscaí oscailte folamh, brionglóidí santach scriosta a bhforbróra.

Faoi scáth na bhfoirgneamh agus na gcraenacha uaigneacha céanna tá garáiste cairr, an áit a bhfuil mo charrsa thuas ar bhloic, amhail brionglóidí scriosta a úinéara faoi sheachtain sultmhar ag siúl i measc sléibhte maorga Chill Mhantáin.

4 comments:

aonghus said...

Níl carr de dhíth chun siúl, an bhfuil?

Dennis King said...

Nach féidir leat síob a fháil? Nó asal beag dubh? ;-)

Dubhaltach said...

Níl carr de dhíth, ach bhí sé i gceist agam Clocharach a shúil, agus tá sé níos mó ná uair a chlog ón áit a bhfuilim i mo chónaí.

Ní raibh síob nó Asal beag dubh ar fáil ach an oiread. Is mór an trua é mar bhí an aimsir go diail ar fad

Dubhaltach said...

Clocharnach a bhí i gceist agam