Dé Máirt, Samhain 20, 2007

M2007.11.8

Aois domhain 2007AD, an t-aon mhí déag, tá fadhb mhór fós ag muintir na hÉireann leis an uimhir 11.
'Sé sin, níl siad in ann don aon abairt dhéag atá san amhrán náisiúnta, Amhrán na bhFiann. Tá daoine áirid fós ag glaoch chun deireadh a chuir leis an amhrán agus ceann nua-aimseartha a chuir ina háit.
Tá fadhb fós ag na hÉireannaigh leis na briathra neamhrialta atá sa nGaeilge freisin, a bhfuil aon déag acub ann.
Creidtear go raibh mallacht curtha ar na Gaeil fadó maidir leis an uimhir olc seo agus gurb shin an fáth go mbeidh Parthalán mac Con, mhic An Ghiolla Dhuibh Uí Eachthairn ina Thaoiseach go ceann aon bhliain déag!

2 comments:

aonghus said...

Ambaist.

Bhain seo sean scairt gáire asam.

Treise ar do phinn, a Chléirigh!

Dubhaltach said...

Go raibh maith agat a Aonghuis léannta