Cad a dhéanfaidh mé feasta gan phost, tá deireadh an Tíogair ar lár?
Bhuel, gheobhaidh mé an bád bán sin san aer go dtí an Astráil. Caithfidh mé cúpla seachtain sa nGaeltacht i gCiarraí, feicfidh mé roinnt den domhain seo a gcloisim chomh mór caint faoi, scríobhfaidh mé dánta, sa dán díreach briste. Chum mé ceann inniu in onóir an gheilleagair Éireannaigh!
Agus b'fhéidir go bhfaighidh mé m'inspioráid ar ais arís, óir, tá an saol oibre seo ag marú m'aigne bocht.
Mór an strus 'tá ar Éire
ar a haonar gan chéile,
mór an brón a clann gan chiall
a cú, na bainc gan iall.
Mór an fás ar chlann Tomáis
borb, ramhar, maoin gan tomhais,
mór an dramhaíl a maoin gan luach
ó thit sócmhainní thar bhruach.
Mór an tslí go dtí an Astráil
geilleagair i ngá tarrtháil,
leis na daill, stiúir na tíre
leis an Dáil, bun na faidhbe
Éire "fás agus forbairt"
imirce á athfhógairt,
clann Mhíleadh ar an mbád bán
dóchas, riaradh is poist gann.