"Sin Cathair Luimnigh" mar a deirtear!Lucht an Dreoilín i mbun ceoil, a là na rubberbandits, i dTír Fhiachrach Contae Shligigh.
Lá 'le Stiofán maith agaibh a chairde.
"Sin Cathair Luimnigh" mar a deirtear!
An ghaoth anoir bíonn sí tirim, ach ní i gcónaí.
Chuir blagmhír Eoin rud éigin a dhúirt an manach Búdaíoch Thích Nhất Hạnh i gcuimhne dom, rud a léigh mé i leabhar Rosenstock, Dialann Anama:Ní mór dúinn a bheith i dtiúin le hiontais na beatha. Tá siad sin ionainn agus timpeall orainn, gach aon áit, gach aon uair.... An gá dúinn an-iarracht a dhéanamh chun taitneamh a bhaint as áilleacht na spéire goirme? An gcaithfear dian-chleachtadh a dhéanamh chun taitneamh a bhaint as an áilleacht sin? Ní hea, bainimid taitneamh aisti agus sin sin. D'fhéadfadh gach soicind, gach nóiméad sa saoil seo a bheith mar sin. Pé áit ina mbeifeá, uair ar bith, tig leat taitneamh a bhaint as an ngrian, as comhluadar a chéile, fiú amháin as a bheith ag análú.Is dóigh liom gur minic na laethanta seo go ndéanann muid dearmad taitneamh a bhaint as an áilleacht atá ionainn agus timpeall orainn. Tá muid ró-chleachta leis an áilleacht sa chaoi nach bhfeictear a thuilleadh é. Mar a deireann an Róisinstocach faoi fhealsúnacht Thich Nhat Hanh: "soiscéal simplí suairc é seo ach tá na milliúin á shéanadh mar shoiscéal agus an domhan ar fad thíos leis ó lá go lá"

Naomi Klein coined the phrase “disaster capitalism” to describe the practice – long ago perfected by the IMF, the World Bank, and the United States Treasury – of taking advantage of the political turmoil induced by a financial crisis to push through otherwise unpopular or undesirable economic ‘reforms.’ The IMF/EU bankers and bureaucrats have clearly perceived an exceptional opportunity in the Irish crisis.Coinnigh súil amach do chomhlachtaí amhail Bechtel Corporation agus a leithéidí sna blianta amach romhainn. Beidh tú ag íoc a lán airgid dóibh as ucht an uisce a ólann tú agus na seirbhísí a úsáideann tú.
Ní dlí go dlí lucht caipitil.
Sílim gur chóir go mbeadh an dioscúrsa seo a leanas lárnach sa bhfeachtas olltoghcháin le theacht:
Níl an IMF anseo dár leas. A thiarcais!
Ó Dhùn Èideann go Dùn Bheagain ar Eilean Sgitheanach is ea an saothar nua, ealaíne is dóigh, le Danny Mac Ascaill. Thar chionn ar fad ar fad. 
Má bhí ciall éigin ag daoine gan an carr a úsáid nó lá saoire a thógáil níorbh amhlaidh le cách:
Chaith mé beagnach leathuair a chloig ag cabhrú le daoine eile ón Rinn carranna a bhí i sáinn sleamhain a bhrú suas droichead na Rinne!
Ní fhaca mé bóithre chomh sleamhain i gcathair ariamh.
(Seansailéir Angela Merkel agus Josef Ackermann Príomhfheidhmeannach Deutsche Banc)
Mura bhfuil a fhios agat cad go díreach atá i gceist agam; tá míniú ar fáil sa léacht spéisúil -i gceithre chuid- ag Michael Parenti le cloisteáil ar You Tube anseo.
Ní foighne go foighne an Éireannaigh! 
"Ba cheart dúinn a bheith soiléir cén feabhas eacnamaíochta atá ag teastáil. Ní gar a bheith ag súil le saol an bhrabaigh a thabhairt ar ais. Ní dhéanann an saol sin ach an tine a fhadú aríst agus ábhar an chéad ghéarchéim eile a bhailiú. Seachas a bheith ag iarraidh an scannán a chasadh siar go blianta an Tíogair, agus an chríoch thragóideach chéanna ar an scéal, tá sé in am script eile a scríobh.N'fheadar mé cad a bhí Ó Móráin ag rámhaille faoi:
Éilíonn doimhne ár gcruacháis geilleagar nua, bunaithe ar leas na ndaoine agus faoina smacht daonlathach. B’fhearr dúinn bogadh sa treo sin ná cosa circe a chur faoin eacNAMAíocht."
"Cé gur chuir Einstein an-spéis i gcúrsaí polaitíochta ní dúirt aon duine go raibh a chuid tuairimí polaitíochta nó eacnamaíochta le feiceáil sa chothromóid chlúiteach a chuir an domhan núicléach ar fáil dúinn"D'fhág sé polaitíocht agus a dhearcadh polaitíochta as an gcothromóid cinnte! (Fillfidh mé chun príomhthrusta a ailt níos déanaí. Agus cá bhfuil a ardmholadh do NAMA anois?)
"The profit motive, in conjunction with competition among capitalists, is responsible for an instability in the accumulation and utilization of capital which leads to increasingly severe depressions...I am convinced there is only one way to eliminate these grave evils, namely through the establishment of a socialist economy... In such an economy, the means of production are owned by society itself"

Bhí mé ag éirí paranóideach inniu, nuair a bhíos sa bhanc i nDumhach Thrá níos luaithe chonaic mé bainisteoir an bhainc ag amharc ar an scuaine agus cuma eaglach buartha air!
Aréir bhí clár speisialta den Imeall tugtha in ómós do shaol agus shaothar an aisteora Mick Lally, a fuair bás de bharr tinnis ag deireadh mí Lúnasa i mbliana.
Seachtain ó shin cuireadh sraith blagmhíreanna spéisiúla ar Royal Dutch Shell plc.com faoi rúin Naitsíoch na comhlachta ola is gáis Shell.
(radharc de stoirm Carmán ag 23:30 10/11/10) As ordinary people start to realise that this thing is not only happening, it is happening to them, we can see anxiety giving way to the first upwellings of an inchoate rage and despair that will transform Irish politics along the lines of the Tea Party in America.D'fhéadfaí, gan mórán dua na samhlaíochta, an tÉireannach a shamhlú ina bhall de ghluaiseacht den eite dheis, ag cur lochta a ainnise ar eachtrannaigh, an rialtas, ar an earnáil phoiblí agus an cháin a íocann sé srl. Seachas ar an gcóras eacnamaíochta, idé-eolaíochta agus coimhlint aicme ina maireann sé.
(An doineann mar a bheas sí ag a 9 a chlog anocht)
"Tá infheisteoirí bannaí ag cailliúint misnigh i bplean Ireland Inc a easnamh a ísliú toisc go mbagraíonn ciorruithe ar fhás eacnamaíochta, ag laghdú ioncam an rialtais."Sin agat é, i ndubh agus bán, ó bhéal an chapaill ghránna fhéin.
"Tá muid bancbhriste, tá muid bancbhriste…”Tá an ceart aige nach bhfuil an t-airgead ag an rialtas, ach má thuigtear é sin ní foláir an cheist a chur; cén fáth san?
Is oth liom a rá go bhfuil an scéal chomh lom leis sin. Níl aon airgead sa tír, níl aon airgead ag an rialtas agus mura nglacann muid le pé rud a chuireann Brian Lenihan os ár gcomhair..."
Mo chéad bhaile! Bhuel níl an carbhán beag ann a thuilleadh, ach sin an áit a mbíodh sé. An cíos is saoire ar fad déarfainn!
Nuair a tháinig mo dheartháireacha bhí sé in am dúinn bogadh isteach chuig teach le níos mó spáis! N'fheadar an raibh an teach go léir ar cíos againn, sílim go rabhamar á roinnt le teaghlach eile, ach is cuimhin liom ag rith thart agus ag súgradh amhail is gur linne amháin é.
Mar sin bhogamar amach as an áit sin go dtí an áit seo. Ní rabhamar á roinnt le teaghlach eile.
Le feiceáil thuas tá mo chéad teach i gcoláiste, i gCorcaigh. £25 in aghaidh na seachtaine le haghaidh seomra. Chónaigh mé ann le gealt as an Spáinn, gealt as Beanntraí agus gealt eile as Contae na Gaillimhe. Is cairde liom fós iad.
Bhog mé go dtí an áit seo le bheith níos cóngaraí don choláiste. Chónaigh mé sa seomra atá san áiléar (sin an fhuinneog ag an bharr). Bhí radharc iontach uaibh de ghleann Chathair Chorcaí .i. Cnoc na hAoine, Cnoc an Chuilinn etc.
Bliain nó dó de sclábhaíocht gan mórán pá i gcathair Chorcaí bhogas go Baile Átha Cliath ag lorg oibre, amhail spailpín! Agus bhogas isteach chuig an mbloc árasán seo ina gcónaíonn sclábhaithe pá eile.
Bhogas amach as an áit sin go dtí áit nua beagnach bliain ó shin. Níl radharc de ar fáil ar léarscáil Google! Mar sin fágfaidh mé íomhá den teach seo a fheicim chuile mhaidin. Tigh Shéamuis Uí Chonghaile. Córas na dtiarnaí talún i mbailte.
Íomhá ó Wiki d'ollstailc 1926 sa Bhreatain a mhair 10 lá.

Comparáid bheag.