Dé Céadaoin, Samhain 17, 2010

M2010.11.12



Preasráiteas ó Pháirtí Cumannach na hÉireann

"I ráiteas a eisíodh ar 17 Samhain iarrann an CPI ar an bpobal oibre, agus ar an gcéad dul síos ar an eagraíocht a mhaíonn go seasann sí leo, is é sin gluaiseacht na gceardchumann, cur i gcoinne na mbeartas atá an tAontas Eorpach agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a chur orthu agus a chuirfidh amach anseo."

7 comments:

Dennis King said...

An rud nach dtuigim i gceart ná ról an tírghrá sna cúrsaí seo.

Dubhaltach said...

Ní thuigim go díreach cad atá i gceist agat?

Dennis King said...

Is é sin, nár mhaith le daoine sa rialtas agus lasmuigh de ligean do na bancanna dul faoi toisc gur bancanna Éireannacha atá (in ainm a bheith) iontu, agus nár mhaith leo flaitheas na hÉireann a ligean uathu sna cúrsaí seo toisc go mbeadh náire orthu Éire a ligean síos (mar dhea). Tírghrá mar sin atá mé a rá.

coc said...

Ní dóigh liom gurb shin atá ar siúl in aon chor Dennis. Cheapfainn go mbeadh triomlach ollmhór na tíre ríméadach na bainc a scriosadh anois agus tá sé soiléir gur mór an trua nár scriosadh dhá bliain ó shin iad. Ach is iad an rialtas féin, atá go hiomlán i bpócaí na bainc atá ag seasamh ar son Anglo & AIB anois, ionas nach nochtófaí riamh is dócha cén réiteach suarach a rinneadh chun rachmais an mhionlaigh a chosaint. In ionad na bainc a scriosadh, tá'n tír scriosta anois acu agus iad fóṡ ag maíomh go bhfuil an cúinne casta againn! In ainm Chroim!

Dubhaltach said...

@ Dennis.

Mar a deir COC, is cuma leis an Éireannach faoina bainc bídís Éireannach nó eachtrannach. Chomh fada agus atá a gcuid coigiltis slán sábháilte.

A mhalairt atá fíor faoin rialtas, atá ceannaithe ag na bainc, mar a deir COC arís.
Sin an fáth a thugtar "Banc Fhianna Fáil" ar Anglo.
Banc gan tábhacht ach do mhionlach saibhir. Banc a bhfuil a fhios aige "cá bhfuil na coirp curtha", má thuigeann tú leat mé.

Dubhaltach said...

@ Dennis.
"agus nár mhaith leo flaitheas na hÉireann a ligean uathu sna cúrsaí seo toisc go mbeadh náire orthu Éire a ligean síos (mar dhea)"

Tá sé éasca na mothúcháin sin thuas a thuiscint. Mar mothaím féin iad ar an nuacht go mbeadh flaitheas caillte dúinn, go háirithe do chaipitlithe gránna an IMF.
Troideadh rófhada agus cailleadh an iomarca dár muintir ar son ár neamhspleáchais chun é a ligean le sruth ag lucht gaimbín.

Nach mbeifeá mar an gcéanna dá gcaillfeadh do thír a fhlaitheas do lucht caipitil?

Dennis King said...

Nach mbeifeá mar an gcéanna dá gcaillfeadh do thír a fhlaitheas do lucht caipitil?

Gan dabht dá laghad!

Suimiúil: an word verification atá le scríobh agam anois ná deaths.