Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 13, 2010

M2010.10.10

Comparáid bheag.

D'fhógair Rialtas na Fraince ardú in aois pinsin ó 60 go 62, mar an aois scoir is óige. Bheadh ar oibrithe, a d'fhógair sé, leanúint ag obair go dtí 67 (suas Ó 65) sula bhféadfaidís an pinsean stáit iomlán a fháil. Bheadh méadú ar ranníocaíochtaí a bpinsin chomh maith.

Cad a dhein lucht oibre na Fraince ar an nuacht go raibh lucht gaimbín ag déanamh cinntí a chinnteodh dúshaothrú níos mó orthu tríd a saol ar fad?

Chuaigh siad ar ollstailc ar ndóigh. Tháinig siad amach ar na sráideanna, 3 milliún acu, timpeall na tíre inné.
Tá an ollstailc áirithe seo ag dul isteach ar a tríú lá, agus, le cúnamh Dé, tá an cuma air go n-athródh sé ina ollstailc leanúnach.
Tá stailceanna eile ag dul ar aghaidh ó lár na míosa seo caite freisin ina bhfuil na hoibrithe ag éileamh pá bunúsach agus coinníollacha bunúsacha eile.
Bhí bua mór ag lucht oibre na Fraince i 1995 nuair a chuir ollstailc leanúnach deireadh leis an ionsaí a bhí an príomhaire á dhéanamh ar a bpinsin ag an am.
Le huimhreacha mar seo ar na sráideanna, agus tacaíocht thart ar 70% i measc cosmhuintir na Fraince do na stailceanna bheinn dóchasach go bhféadfadh lucht oibre na Fraince bua a fháil. Agus n'fheadar, b'fhéidir go spreagfadh a mbua lucht oibre na hÉireann?!

D'fhógair Rialtas na hÉireann (Creat Náisiúnta Pinsean)go n-ardófar an aois scoir i leith Pinsean Stáit go 66 roimh 2014, agus 67 i 2021, agus 68 i ndiaidh sin!

Cad a dhein lucht oibre na hÉireann ar an nuacht go raibh lucht gaimbín ag déanamh cinntí "crua" a chinnteodh dúshaothrú níos mó orthu tríd a saol ar fad?

Faic, dhein siad faic.

Níor chóir go mbeadh iontas ar aon Éireannach go ndéanann an rialtas beag is fiú leanúnach dá mhianta.

7 comments:

ormondo said...

Tá beogacht fós sna Francaigh ach beidh le feiscint cé acu an éireoidh nó nach n-eireoidh leo ar bhonn leanúnach.

Tá ardú aois an phinsin buailte linn anseo sa Ghearmáin cheana féin agus glacadh go géilliúil leis.

I ndeireadh an lae, má roinneann an stát an t-airgead ar na pinsinéirí cad as a dtógfaidh sé an t-airgead siúd a bheidh le caitheamh i ndiaidh na mbanc?

aonghus said...

Táimid ag maireachtáil níos faide: agus in oideachas níos faide. Tá líon na bpaistí a rugtar ag titim. Níl aon dul as ach faid a chuir le saol oibre an duine: níl sé réalaíoch go mbeadh duine ag obair ar feadh trian dá shaol agus sin ag cothú an dá thrian eile.

Ceist eile, gan amhras an bhfuil an córas pinsean ar geal le scéim Pozi é, ciallmhar in aon chor....

Mise Áine said...

'beidh le feiscint cé acu an éireoidh nó nach n-eireoidh leo ar bhonn leanúnach.'

Sin é, a Ormondo - cén mhaitheas a thiocfas as, fiú má leanann? Táim den bharúil chéanna le hAonghus, mar nach bhfeicim 'aon dul as' ach an oiread.

An bhfeiceann tusa bealach timpeall ar an bhfadhb, a Dhubhaltaigh, agus má fheiceann, céard é?

ormondo said...

Ach is rud maith é go mbíonn daoine ann a bhíonn sásta cur in aghaidh na gcinntí.

Ní hé nach mbeadh na hathruithe riachtanach ó thaobh na hoibiachtúlachta de ach go bhfuil puinn inchreidteachta ag na daoine atá ag déanamh na gcinntí agus á gcur i bhfeidhm. Ní bheidh siadsan thíos leis na bearta a chuireann siad féin i gcrích do dhaoine eile.

Dubhaltach said...

Ar an leibhéal is bunúsaí d'ollstailc nó stailc ar bith taispeánann sé nach bhfuil an lucht oibre ar bhord leis na cinntí atá á ndéanamh ina n-aghaidh. Agus tugann sé deis malairt roghanna a phlé chun teacht ar an réiteach.
Cuireann sé brú ar an élite polaitiúla is eacnamaíochta suí síos agus teach ar an gcomhréiteach seo.
Ar leibhéal bunúsach eile déanann sé cinnte dearfa de nach mbeadh cead a gcinn ag polaiteoirí is lucht gnó a rogha rud de pholasaithe a reáchtáil, cuireann sé in iúil arís dóibh go luíonn an chumhacht leis na hoibrithe a chruthaíonn saibhreas an domhain. Féach an tír seo mar shampla agus cé chomh ceanndána is atá maistrí na hÉireann! Mura bhfuil tú toilteanach seasamh suas duit féin feictear conas a d'fheidhmeodh lucht caipitil agus a ngiollaí polaitiúil. Ní thugtar dara smaoineamh d'athrú saibhris ón mhóramh chuig mionlach .i. NAMA, ráthaíochtaí ar fhofhiach, diúltú é a chur ar ceal, ciorruithe chun íoc as, ardú cánach ar na daoine is boichte chun íoc as.
Má thugtar orlach do rialtas nua-liobrálach, gan troid, cailltear míle.

Agus ar ndóigh taispeánann cur le chéile an lucht oibre in ollstailc do oibrithe eile go bhfuil cumhacht a bheith i gceardchumainn agus go luíonn cumhacht eacnamaíochta an-láidir leosan, sin cumhacht a n-obair. Músclaíonn sé tuiscint. Tuiscint faoi cad atá ag tarlú sa gheilleagar, cé atá freagracht as agus an idé-eolaíocht a chruthaíonn an fhadhb. Spreagann cur le chéile níos mó cur le chéile. Agus tá sé sin tábhachtach sa bpróiseas fadtéarmach le haghaidh athstruchtúrú réabhlóideach na sochaí.

"níl sé réalaíoch go mbeadh duine ag obair ar feadh trian dá shaol agus sin ag cothú an dá thrian eile."

Tagaim leat. Agus táim lán cinnte go bhféadadh an lucht oibre teacht ar chomhréiteach faoi cad ba chóir a dhéanamh más fíor go bhfuil líon na bpaistí a rugtar ag titim. (Ar an ábhar sin ní foláir an cheist a chur cén fáth go bhfuil líon na bpáistí ag titim?
Costas agus an gá do bheirt atá pósta a bheith ag obair chun an clann a thógáil agus iad a chothú, arís tagann sé ar ais chun na ceiste faoi dáileadh saibhris).
Is aisteach bheith ag caint faoi easpa airgid ar fáil do sclábhaithe pá atá ar phinsean nuair a sholáthraíonn sclábhaí pá amháin a dhóthain breisluacha le linn a shaoil chun céad sclábhaí pá a chothú go ceann 100 bliana!
Ar ndóigh téann an airgead breise sin i bpócaí an mháistir, ergo, gá le stailc an éagóir sin a throid.

Fearn said...

Ní hé amháin go bhfuil féimheacht ar an gcorrfhobróir talún .i. briste ó thabh airgid ach tá féimheacht ar an lucht polaitíochta .i. briste ó thaobh smaointe, seachas ag leanúint ag líonadh a bpócaí fhéin, dar ndóigh

Anonymous said...

Molaim an t-alt seo.