Dé Luain, Márta 31, 2008

M2008.03.13

Mortlaíocht mhór ar dhaoine faoi gcúram an HSE bliain seo na nGaimbín 2008. Buíochas le Dia níor chuir na hamadáin i gcumhacht fíorainm Gaeilge ar an "HSE", mar a bhíodh an nós le heagrais stáit eile (Bord na Móna, Bórd na gCon, Iarnród Éireann, Met Éireann, RTÉ srl.) nó bheadh an Ghaeilge go neamh-chomhfhiosach bainteach leis an bpraiseach mharfach sin.

Cathasach Ó Snusa, deagánach Muintire Maol Ruanaigh d' éag i n-Ard Charna ar an lá seo i 1243 faoi chúram an HSE a bhí acu ansin, de réir dealraimh! Sin eolas tábhachtach dhuit!

Dé Céadaoin, Márta 19, 2008

M2008.03.12

"Lá 'le Ilchultúrtha", "Lá 'le Domhanda" nó "Lá 'le Ilchultúrtha is Óil" a bheas ar "Lá 'le Pádraig" amach anseo, ós rud é nach mbaineann an lá nó na paráidí á reáchtáil le haon chultúr Éireannach ar chor ar bith, nó Naomh Pádraig fhéin fiú amháin a thuilleadh !

Ó lá fheile Pádraig is fada a bheas tráchtadh
ar an méid a rinneadh ar Inis Fál,
mo thrua inniu ar an méid a óladh
fir is páistí ólta is ag dhul i bhfiáin.

A Phádraig na Naomh, a ruaig
págánach is nathair,
nár mhór an náire dhúinn círéib is racán.
Lá chomh dona leis, lán dí gan chultúir
maistíní Éirinn is a gcíréib ar na bacáin.

Dé hAoine, Márta 14, 2008

M2008.03.11

An ionann Teamhair na Rí agus an Ghaeilge?
Ó thaobh analaí de?

Aineolas, saint, míthuiscint..Aineolas..ar dhúirt mé Aineolas... tá na tréithe céanna á dtaispeáint sa dhá chás ag muintir na hÉireann.
Tá an críochchomhartha ársa cultúrtha á scriosadh agus ag an am céanna beidh na hÉireannaigh ag éirí ólta agus bómánta le linn an deireadh seachtaine. Chun a "gcultúr" a cheiliúradh!

Éire agus Teamhair na Rí s'aici. A ríthe, a filí , a banphrionsaí, a stair. Na rudaí is fearr faoin tír seo. Sin mar a bhí.
Éire inniu... gan chultúr, ólta, hataí uaine móra agus "póg mó hone I'm Oirish".

Má cheap na filí idir 1600 agus 1800 go riabh cúrsaí go dona ó thaobh cultúir is polaitíochta de, bhuel, céard is féidir liom a rá. Ní raibh barúil dá laghad acub cé chomh dona agus ab fhéidir leis a éirí.

M2008.03.10

Bhí "aisling" álainn agam....

Clár grinn a dhearcas féin
ar an tolg is mé go lagbhríoch
an fear grinn, darbh ainm Des
a' teacht chugam ag pleidhcíocht.
a scéalta Gaeilge, a thaithí Gaelach
a dhearcadh gheal a smaointeoireacht
a' maíomh os ard go raibh ag teacht,
a réabhlóid!, Mac an Easpaig.

A scéal ba grinne, a ghlór iasachta
is breá linn an Ghaeilge uaibh,
cara Gaeil a mholfadh na Fianna
Fionn, Oscar agus Diarmuid,
fá súile Gaeil d'fhoghlaim sé go teann
ar nós na hÉireannaigh uilig
is beidh muid i spraoi an fhir ghrinn,
a réabhlóid!, Mac an Easpaig

Na céadta 'tá bródúil dá ghrinn
le géarshearc shámh dá scéal mín
clanna ríthe, maca Míle
na Tíogair Ceiltigh agus gaiscígh,
cúis is gníomh a mhúsclaíonn sé
is fuair sé glaoch amhail Naomh Pádraig
le haisling bhreá ar ais a tháinig sé,
a réabhlóid!, Mac an Easpaig.

A chlár oibre fhéin is maith an scéal
mo mhisneach gur fada buan muid
go bhfuil muid lán ceoil go deo na ndeor
de bharr a chlár lán maithghníomh,
gan bhuairt gan náire, i mbród go mór
teanga ár sinsear ar gach bhéal
na Gaeil láidir aríst is ag ceol go deo,
an réabhlóid ag Mac an Easpaig.

Deasún mac Giolla Poncáin, mhic Ghiolla Íosa, mhic Cainnech, mhic Tuathflaith, mhic Bheraigh, mhic Colóim Coille, mhic Eirc Logha, mhic Laoghaire, mhic Neill Naoighiallaigh Mac Giolla Easpaig
Laoch na Gaeilge is nuaí aois dhomhain 2008.

Déardaoin, Márta 13, 2008

M2008.03.9

"We apologise for loss of subtitles"

Na focail Béarla is binne agus is milse le léamh ar TG4 gan aon agó, aois domhain, bliain seo na nGaimbín, dhá mhíle is a hocht.

Dé Luain, Márta 10, 2008

M2008.03.8



"Tabhair dom do dhaoine tuirseacha, bochta agus do shluaite ag lorg saoirse" (Na céadta inimircigh ag iarraidh bia agus dídean de bharr tobthitim sa ngeilleagar)

Sin thuas, a bheag nó a mhór, atá scríofa ar an Dealbh Saoirse i Nua Eabhrac. Cuimhním air ag breathnú dom ar na haghaidheanna ar na sráideanna agus timpeall na tíre seo, an t-athrú ollmhór sa daonra. Ba bhreá leis an tír seo a bheith ina Meiriceá beag nó Nua Eabhrac beag ar a laghad!
Ba bhreá leo é sin, agus b'fhéidir go bhfuil sé bainte amach acub fé dheireadh?

Thit an tóin as an ngeilleagar mar a tuaradh go forleathan is go minic, geilleagar a bhí bunaithe ar bhoilgeog bhréaga, an bhoilgeog tithíochta. Boilgeog a bhí spreagtha ag lucht an airgid. Inimirce neamhrialaithe ar scála dochreidte a bhí ag teastáil uathub chun brabús a shaothrú, a leithéid d'inimirce nach raibh feicthe ó dheireadh an dara chogadh domhanda, deirtear. Breosla a bhí ann, breosla daonna, breosla chun an saint s'acu agus saint s'againne a cheansú.
Agus anois is iad na chéad íobairtí ar altóir an Tíogair Cheiltigh!

Fáilte "Éireannaigh Nua"
mór an trua bhur gcás dom,
breosla don thine saibhir
na daibhre is na donáin.

Dé hAoine, Márta 07, 2008

M2008.03.7

Ar shuíomh an Indo tá cartún faoi scrúdú cainte curtha le chéile, ach seo a leanas atá scríofa:

Agallóir: Cád (sic) ís (sic) ainm dúit (sic)?

Mac Léinn: EEEEEEH?.....is maith liom an leithreas máis (sic) é do hol (sic) é!

Agallóir: Cá bhfuil tú ina gconaí (sic agus cad sa deabhal "ina gconaí")?

Mac Léinn: Tá an speir (sic) gorm!

Níl aon iontas orm go bhfuil mearbhall ar an mbuachaill bocht sa gcartún!
Arbh as tír i gcéin an t-agallóir b'fhéidir? "Cád ís ainm dúit?"!
Nach raibh lucht an Indo in ann ceistín amháin a chuir ar Sharon álainn sula gcuireadh an cartún sin le chéile?

Déardaoin, Márta 06, 2008

M2008.03.6


Tigh na nGealt, bliain ar an bhfód.
Grianghraf thuas den Conchobhair Bán mac Tadhg Buí mhic Cathail Rua-leath bán Uí Mhaoldomhnaigh lán-bhán. Gealt áitiúil fíorGhaelach fíorGhealtach as an Ghaeltacht fíorGhealtach ag canadh Breithlá Sona Dhuit do Thigh na nGealt, -suíomh idirlíon gealtach- amuigh faoi tuath inniu.

M2008.03.5

Is fada uait 'Thír Fhiachrach Fhéil
a gcluineadh ionat aon ní binn,
caint na nGael is binn ó mbéal
in áit Béarla borb míbhinn.

Ó gcnoc an aoibhnis - Sliabh Ghamh
rith an ghabhair is scéal na Féinne;
maigh na Muaidhe, bun Shliabh Dhamh
thiar i dtír na ngort séimhe.

Leacan maol gan chrann gan chnoc
páirc fhairsing, cnocán aonar;
Muc Dhubh álainn aoibhinn chaomh
an gleann caoin mo sheacht sinsear.

Cnoc na bPréachán, fána shéimh
ceantar préimhe, Ceathrú fhial;
síorbhagairt ó lucht tógála
beag sólás ó thithe saoire.

(Dán ag baint úsáide as na seacht siolla)

Dé Luain, Márta 03, 2008

M2008.03.4

Is beag beann ar an saothar
nó focail ag na Fianna,
gan bheart de réir briathair
'siad saighdiúirí cinniúna.

Ní sheasfadh a leithéidí
gan fhreasúra is laige,
sin baicle Eanna Cennaí
is Páirtí a'Lucht Oibre.

Seasamh buan níos láidre
in ainneoin na mbacach,
suas pointe is síos pointe
is beag bídeach a gcasacht.

Fear airgid Dhroim Conra
printíseach is a mháistir,
Is beag díomá atá ort-sa
dream Mhanchain is d'aistir.

Le smideadh donn deas oraí
clúdach donn is airgead,
ach fós mealladh na vótaí
le dallamullóg is cairéad.

(Dán ag baint úsáide as na seacht siolla)

M2008.03.3



Chuir Fine Gael fáilte croíúil roimh na hÉireannaigh-Nua, ach bhí fáilte fhuar roimh na sean-Éireannaigh mar a bheifí ag súil ó bpáirtí dá leithéid.

Dé Sathairn, Márta 01, 2008

M2008.03.2

Ní mór do bhainistíocht TG4 níos mó ama a thabhairt don chlár 7lá, ní bhíonn ach leathuair a chloig ag Páidí bocht, nó Harry Magee mar a bhí le déanaí, chun chuile ghné ó gcúrsaí polaitíochta na tíre don tseachtain sin a plé, leathuair a chloig! Dheabhail. Uaireanta bíonn cuma rása ar an gclár ina bhfuil sé mar sprioc ag an láithreoir an méid is mó a rá in am an-bheag:

Páidí: Fáilte go dtí Seacht Lá an tseachtain seo, anocht sa stiúideo linn tá Rónán Mac Con Iomaire iriseoir le TG4 agus Muireann Ní Eadhra iriseoir le Raidió na Gaeltachta. Ar dtús a Rónáin. Bhí an Taoiseach faoi bhrú inniu sa Dáil?

Rónán: Bhí cinnte, bhí an freasúra ag dhul ar an ions.....

Páidí: Mo leithscéal a Rónáin caithfidh mé thú a stopadh ansin ar feadh soicind amháin mar tá Frank Fathy ó Fianna Fáil agus Fergus O'Dowd Fine Gael againn ar an líne ó stiúideo na Dála i mBleá Cliath......Frank.. An bhfuil sé in am don Taoiseach éirí as oifig?

Frank: Ní shílim go bhfuil ar chor ar bith, níl aon rud as an ord déanta ag an Taoiseach agus tá tacaíocht an pháirt.....

Páidí: Mo leithscéal Frank,... ach, caithfidh mé thú a stopadh ansin tá briseadh fógraíochta againn, cuimhnígí go bhfuil sibh in ann téacs a sheoladh chuig ár n-uimhir téacs ag 51677 le bhur dtuairimí fhéin.
Feicfidh mé sibh i ndiaidh an bhriseadh fógraíochta seo.

agus 7rl le 7Lá...

M2008.03.1

D'éirigh sé suimiúil sa stiúideo le Máirtín Tom Sheáinín le déanaí mar seachas an ghnáthchaint a bhíos idir fear an ghutha binne agus an tsean-aoi caite bhí comhrá aige idir é fhéin is striapach as Conamara, sea fíorstriapach, agus sílim go raibh sí ar na ribí le linn na hagallaimh freisin. Chaith sí "a saol oibre" thall i Sasana "ar an game" de réir dealraimh!
Ba fhiú amháin éisteacht leis an gcomhrá le haghaidh na cainte faoin "fear an airgid nó an pimp" ó Máirtín Tom Sheáinín!
Déarfainn anois go bhfuil agallamh curtha ar chuile dhuine atá i ngiorracht scread asail don stiúideo.