Dé Sathairn, Samhain 20, 2010

M2010.11.16


Do bhíos ag imirt fichille le cara níos luaithe inniu, agus ag cur is cúiteamh faoi chúrsaí an tsaoil. Ag breathnú síos ar an mbord rith an íomhá thuas liom.

Dá mbeadh tuiscint aicmeach ag an oibrí?
Sa chaoi chéanna a bhfuil tuiscint aicmeach soiléir oscailte ag an gcaipitlí agus ag an bpolaiteoir, atá i bpóca an chaipitlí!

10 comments:

Dennis King said...

Tá an nath seo cloiste agat: Is minic a bhris béal duine a shrón. Tá ceann eile agam: Is minic a ghearr vóta duine a phá.

Dubhaltach said...

Is breá liom é!

Fearn said...

"Dá mbeadh tuiscint aicmeach ag an oibrí? "

Ní réimse eacnamaíoch é seo ach réimse sícheolaíoch .i. caidé mar an giúlán a mbíonn faoi dhaoine , agus cé nach dtuigeann a leas agus cad chuige.

Aon seans go bhfuil an "tuiscint aicmeach " 's agat fhéin ag tachtadh do chuid smaointeoireachta? ;-)

Dubhaltach said...

"Aon seans go bhfuil an "tuiscint aicmeach " 's agat fhéin ag tachtadh do chuid smaointeoireachta?"

Aon bhfuil an cuma sin air?

"Ní réimse eacnamaíoch é seo ach réimse sícheolaíoch"

Ní shílim go dúirt mé gur réimse eacnamaíoch amháin atá i gceist anseo.
Ach ní thuigim go díreach cá bhfuil tú ag dul leis an síceolaíocht?

Dennis King said...

Cén fáth a vótálann daoine bochta ina n-aghaidh féin? Níl a fhios agam conas atá cúrsaí in Éirinn, ach maidir le S.A.M. tá míniú gonta ag Frank Rich ar an NYTimes inniu: “populist rage on the right is aimed at the educated, not the wealthy.”

Fearn said...

A Dhubhaltach,

"Aon bhfuil an cuma sin air?"

Tá a imir air!

"Ach ní thuigim go díreach cá bhfuil tú ag dul leis an síceolaíocht?"

Bhal, is dócha dá léimfinn thar an cur is an cúiteamh, mar a dhéanann mórán den Adhamhchlann, go ndéarfainn gur toradh staid gheilleagair na hÉireann ar meonriar na nÉireannach, agus, uaidh sin, gur sa meonriar atá síol a leighis


A Dhennis,
I gcead do Fhrank Rich ( An sofhriotal é seo? ), sílim go bhfuil daoine rud beag níos casta ná sin,( ach gan a fhianaise sin agam )

Dubhaltach said...

"Tá a imir air!"

Buíochas le Dia!

"dá léimfinn thar an cur is an cúiteamh"

An gceapann tú go bhféadfaí léim thar an cur is cúiteamh le teacht ar thuiscint faoi staid do thíre agus do staid pearsanta féin?

Fearn said...

"... tachtadh do chuid smaointeoireachta?

"Aon bhfuil an cuma sin air?"

Tá a imir air!

Buíochas le Dia! "

Huth?



"An gceapann tú go bhféadfaí léim thar an cur is cúiteamh le teacht ar thuiscint faoi staid do thíre agus do staid pearsanta féin?"

Huth?

Is as cur is cúiteamh a eascraíonn tuiscint!

Dubhaltach said...

Fearn: Aon seans go bhfuil an "tuiscint aicmeach " 's agat fhéin ag tachtadh do chuid smaointeoireachta?

Dubhaltach: Aon bhfuil an cuma sin air?

Fearn: Tá a imir air!

Dubhaltach: Buíochas le Dia!

Fearn: Huth?

Dubhaltach: Tá áthas orm go bhfuil mo thuiscint aicmeach féin ag cur an cuma sin ar mo chuid smaointeoireachta.
Fiú mura bhfuil mo smaointeoireacht tachta aige.

"Huth?
Is as cur is cúiteamh a eascraíonn tuiscint"

Tagaim leat, agus sin an pointe a bhí mé ag iarraidh a chur trasna.

Fearn said...

Á! Tá tú agam anois: Tá thú ag maíomh go chuir " "tuiscint aicmeach " 's agat fhéin tachtadh ar do chuid smaointeoireachta AGUS gur uaidh sin a tháinig smaointeoireacht úr?


Is maith liom go bhfuil sinn ar aon fhocal i dtaobh cur is cúiteamh