Dé Domhnaigh, Deireadh Fómhair 17, 2010

M2010.10.13


Chonaic mé súile an ulchabháin freisin.


Leagan a dó:



Má tá spéis ag éinne, in Gimp, is féidir an dath go léir san íomhá M a bhaint de le "Colours --> Threshold".
Ansin bain úsáid as an "Fuzzy Select Tool" chun an M a roghnú agus ansin na bearnaí idir chríocha an M a scriosadh, ionas go mbeadh sé trédhearcach.
Iompórtáil chuig íomhá an ulchabháin é, scálaigh, casadh agus bogadh de réir mar is gá agus sin agat é.

7 comments:

Dennis King said...

Tá sé sin ar fheabhas! Go raibh maith agat!

Dubhaltach said...

Fáilte romhat a chara.

ormondo said...

Tá píosa ealaíne déanta agat de!

Dennis King said...

Anois... an mbeadh sé an-deacair an M a scaradh go hiomlán óna chúlrá? Feicim dath liath laistigh de chríocha na litreach anois. Agus ansin an M dubh a dhathú le go mbeadh codarsnacht ann idir í agus an pictiúr dubh-is-bán fúithi?

Dubhaltach said...

Ní bheadh sé deacair.
Breathnóidh mé air níos déanaí.

Mise Áine said...

Iontach!

Dennis King said...

Go raibh maith agat arís, agus as na céimeanna a mhíniú chomh maith!