Dé Céadaoin, Samhain 24, 2010

M2010.11.19

Ní foighne go foighne an Éireannaigh!

Agus níl san íomhá thuas ach roinnt samplaí den tseafóid a bhfuil sé ag cur suas leo le cúpla bliain anuas.

Ag siúl dom suas Sráid Bhagóid, ag an gcrosbhóthar le Cearnóg Mhuirfean Thiar, bhí na sluaite d'fhoirne nuachta ó gach cúinne na hEorpa le feiceáil os comhair Roinn an Taoisigh.
Níor thug mé ach sracfhéachaint síos an bóthar agus, ar an toirt, bhí tuairisceoir ón mBBC os mo chomhair ag impí orm rud éigin a rá faoi staid eacnamaíochta na tíre don stáisiún nuachta. "Mo leithscéal, ach, tá deabhadh orm anois, agus bheadh sé orm mo mhachnamh a dhéanamh faoi cad ba mhaith liom a rá ar dtús" a d'fhreagair mé.

Chonacthas domsa go raibh leadrán orthu.

Cá raibh na círéibeacha á la na Gréige? An bhfuil na hÉireannaigh ar nós cuma liom faoi chailliúint flaitheas a dtíre agus an t-athrú saibhris ón lucht oibre chuig lucht ionnúis?

4 comments:

Dennis King said...

Ní foighne go foighne an Éireannaigh!

;-)

Meas tú an é an aimsir is cúis leis an bhfoighe?

Dubhaltach said...

Caithfidh go bhfuil cúis éigin leis!

Nílim tógtha don áiféis (tá súil agam) ná don chomhcheilg ach táim ag ceapadh le déanaí go bhfuil roinnt fhírinne á rá acu siúd a mhaíonn go gcruthaíonn fluairíd agus ceimicí eile san uisce patuaire agus meon is-cuma-liom i ndaoine!.....

Fearn said...

Maith thú, a dhubhaltach, as bheith stuama agus micrafón sáite faoi do smig.
( Bhí mé ag breathnú Ail Seasaíre aréir agus bhí siad ar an dtaobh eile den chearnóg agus an cleas chéanna ar bun acu )

maidiir leis an fhoighne úd, sílim go bhfuil sé de bharr gach Éireannach bheith ins shiún sincín anois : néaltú de dheasca ghoideadh an státchiste.

Tá míniú eile air freisin: Chuile Éireannach bheith ina mhionbhuirgéasach. Is measa leo an náire os chomhiar an tsaoil, ná donas an bhirt fhéin.

Dubhaltach said...

"Chuile Éireannach bheith ina mhionbhuirgéasach"

Déarfainn go bhfuil roinnt den fhírinne ann.

Beidh le feiceáil Dé Sathairn. Mura bhfuil agóid ollmhór ann ní bheidh go deo.