Déardaoin, Samhain 25, 2010

M2010.11.20

Ní mholfainn ariamh éisteacht le focal ar bith ó Bhrian Lenihan, is bréagadóir dáiríre é, agus ní shílim go bhfuilim ag dhul thar fóir nuair a deirim gur shílim go bhfuil olc ann!
Ach aréir chríochnaigh sé ar PhríomAm le ráiteas a mhúscail mo spéis.
Chuir Miriam an cheist air: Mar rialtas, níl aon údarás agaibh a thuilleadh, nár chóir daoibh dul go dtí na daoine roimh an mbuiséad?
"Ar dtús tá mandáid ón Dáil Éireann againn, atá ina oireachtas tofa stairiúil de mhuintir na hÉireann. Agus is as sin a thagann ár mandáid, maireann muid i ndaonlathas ionadaíoch, ní mhaireann muid i ndaonlathas inar féidir le daoine bata is bóthair a thabhairt dá gcuid ionadaithe amhail sna sean-réimsí Cumannacha"

Lean sé air, agus ba é príomhargóint a ráitis ná tá a fhios níos fearr acusan conas cúrsaí a riaradh, agus ní féidir a bheith ag ligean do na daoine a bheith ag cur as don phróiseas sin, agus an daonlathas ionadaíoch naofa.

N'fheadar an raibh mearbhall air maidir leis na "sean-réimsí Cumannacha", ach b'shin an fhadhb leo gur chuir siad easaontas faoi chois agus níor lig siad do na daoine cinntí a dhéanamh, i bhfocail eile bhí an meon céanna acu agus atá aige agus a pháirtí.
Agus níl ann ach cleas uaidh gan ach an ghné is bunúsaí de shóisialachas a lua; is é sin Daonlathas Díreach.
Níl aon rud níos scanrúla ann don pholaiteoir gairmiúil buirgéiseach agus an gaimbín uaillmhianach ná cumas daonlathach na ndaoine an ruaig a chur orthu agus a bpleananna sula bhfaigheann siad an seans a gclár oibre a chur i gcríoch .i. NAMA, Anglo, IMF, rathú na mbanc marbh agus a n-ionannú le flaitheas na tíre etc.
Sin an fáth gur bhaineadh airteagail 47,48 agus 50 as bunreacht an tSaorstáit. Airteagail a thug gnéithe áirithe de dhaonlathas díreach don Éireannach.

Sin stair frithdhaonlathach dár n-"oireachtas tofa stairiúil".

8 comments:

aonghus said...

Ráiteas diamhair cinnte.

Tá na féidearthachtaí don Daonlathas díreach feabhsaithe, leis an feabhas sa chumarsáid.

Ní mór áfach feachtas oideachais a bheith ann, nó roghnófar polasaithe lofa sa chaoi céanna go dtoghtar na Lowrys agus na Really Hays faoi láthair.

Sin lúb ar lár mór an sóisialachas, sílim: as féin níl aon ní ann a fhágann go bhfeidhmeoidh daoine ar son an leas coiteann seachas an ruda fheiceann siad a bheith ina leas féin.

Agus cé aige a bhfuil an údarás chun a leithéid d'oideachas a chuir ar an pobal?

Dubhaltach said...

Tagaim le gach focal scríofa agat thuas.
Seachas "cé aige a bhfuil an údarás chun a leithéid d'oideachas a chuir ar an pobal?"

Caithfidh an pobal an údarás sin a ghlacadh. Ní bheadh an stát le thrust a leithéid a chur i bhfeidhm.

Sa Veiniséala bíonn cruinnithe rialta acu eagraithe ag daoine óna pobail, bíonn cur is cúiteamh agus léamh agus spéis sa bheart.
Caithfidh sé tosnú ón bhun aníos. Ní chuirfear maorlathaí nó polaiteoir i bhfeidhm é.

Is é sin sóisialachas .i. forbairt an duine.

aonghus said...

Bíonn oide i gceist le gach teagasc.

Agus bíonn údarás i gceist le gach oide.

Cé leis a bheadh an gnáth saoránach toilteanach éisteacht?

Sin atá i gceist agam.

Dubhaltach said...

An bhfuil gá le dream údarásach ionas go n-éistfeadh daoine?
Nach mbeadh spéis acu sa bheart, agus éisteacht leis a gcomhÉireannaigh. Is as an chothromaíocht údaráis sin a spreagfadh an cur is cúiteamh. Ní duine amháin, nó daoine aonaracha ag seanmóireacht.

Ní innealtóireacht roicéid é ag deireadh an lae. Tuigeann daoine cur is cúiteamh agus machnamh. Ní foláir áit nó seans dóibh é a chleachtadh.

Ní shamhlaímse gnéithe áirithe de dhaonlathas díreach ag teacht i bhfeidhm de bharr dúil éigin a leithéid a dhéanamh ag páirtí polaitíochta, ach de bharr teacht le chéile de dhaoine nach polaiteoirí gairmiúla iad.

Nó an bhfuil saghas Naomh Pádraig ag teastáil, ag trasnú na tíre ag scaipeadh soiscéil an t-sóisialachais?

Tá súil agam nach mbeadh! Tá léamh agus scríobh agus cumas machnaimh againn sa lá atá inniu ann.

aonghus said...

Bíonn ceannairí i gcónaí ann.

Dubhaltach said...

Sin ceann des na fadhbanna!

aonghus said...

Bhuel, gan athchruthú an duine daonna, ní athróidh an fhadhb áirithe sin.

Dubhaltach said...

Ní shílim go bhfuil duine nua ar fad le cruthú, ach forbairt an duine mar atá agus a thuiscint ar a ról ina bhfuil daonlathas díreach i bhfeidhm.

D'fhéadfá tosnú amach le gnéithe simplí, ní féidir an córas ar fad a chuir ar cheal ar an chéad bhualadh.

http://www.directdemocracyireland.org/