Déardaoin, Deireadh Fómhair 28, 2010

M2010.10.21

"Tá infheisteoirí bannaí ag cailliúint misnigh i bplean Ireland Inc a easnamh a ísliú toisc go mbagraíonn ciorruithe ar fhás eacnamaíochta, ag laghdú ioncam an rialtais."
Sin agat é, i ndubh agus bán, ó bhéal an chapaill ghránna fhéin.

An éistfear? Caithfear éisteacht!

5 comments:

Fearn said...

An síleann tú gur fhoghlaim pobal na hÉireann ó fheannadh na mbancaeirí?

Ní shílimse.

Tá cead raide ag an caipitlí arís!

Dubhaltach said...

Seo an rud is aistí faoi seo, is iad na caipitlithe a cheannaíonn bannaí atá ag rá leis an rialtas nach luíonn sé le ciall an geilleagar baile a scriosadh ar fad. Ní bheidh aon aisíoc ann dóibh mura féidir linn fás a chinntiú an dtuigeann tú.

Anois, níl an rialtas ag fáil comhairle airgeadais ón na hinfheisteoirí seo, tá an cacamas sin ag teacht ó na bainc Ghearmánacha agus Fhrancacha agus an Vampire Squid etc.
Agus ní fhaigheann muid uathu siúd ach seafóid faoin ghá teacht i bhfóirithint ar na sealbhóirí bannaí na mbanc nó ní bhfaighimis airgead óna margaí i bhfoirm iasachtaí.

Is dóigh go gcaithfear fanacht go dtí go bhfuil an stair scríofa sula dtuigfeadh an tÉireannach an dallamullóg atá á chur air.

Fearn said...

" Vampire Squid " ?

Dia idir sinn is an drochrud, cad é sin?


Nuair atá galar na gcás ort, b'fhéidir nach bhfuil de leigheas air ach comhairle a iarraidh ó gach duine a mbeadh ladar éicint acu sa scéal, do mharana a dhéanamh agus ansisn ligint dod mheabhair dhílis agus dod'éargna dílis fhéin luí leis an fhadhb.

Ní léir dom áfach go bhfuil meabhair ná éargna ag rialtas na hÉireann!

Dubhaltach said...

An Vampire Squid
http://www.rollingstone.com/politics/news/12697/64796

Fearn said...

Ó, mo chreach!