Dé Luain, Deireadh Fómhair 04, 2010

M2010.10.03

"Tá muid chun cluiche a imirt darbh ainm 'Cén Slí Bheatha atá ag an bhFear Seo? Polaiteoir, fear grinn, nó éalaitheoir cánach?'"

"Féach ar an mbuachaill bán seo...sa chófra, lena chupán tae!"


"Cé agaibh a cheapann gur polaiteoir é?"
*bualadh bos*

"Cé agaibh a cheapann gur fear grinn é?"
*bualadh bos níos láidre*

"Nó cé agaibh a cheapann gur éalaitheoir cánach atá ann?"
*bualadh bos*

"Feicfidh muid cad a dhéanann sé..."

"Is é iar-Thaoiseach na hÉireann é! Agus polaiteoir reatha i rialtas na tíre sin! Is fear grinn é leis agus.....is éalaitheoir ó cháin é"
*bualadh bos láidir*
*scairteadh gáire*

"Ó a thiarna!"

8 comments:

Néidí said...

Is iriseoir spóirt é!

Míshásta said...

Cuir glaoch ar Rentokil go tapaidh.

aonghus said...

Níl aon éalú uaidh, is cinnte sin.

Rentokil.. sin smaoineamh. Teach Laighean a fad a dhí ghalrú!

Dubhaltach said...

Rentokil? N'fheadar an bhfuil gá. Dhéanfadh bualadh sluaiste go cruinn ar a chlár éadain dúr jab sách maith.

Dubhaltach said...

Ar eagla na míthuisceana ba scigaithris à la Jay Leno i gceist agam thuas!

Dubhaltach said...

Scéal sa WSJ!

aonghus said...

Níl gá le scigaithris i gcás Pharthaláin. É fhéin is fearr chuige.

Nára fada uainn an Ghortghlanadh

Ach is dócha go mbeidh Bertie ar bharr an poll arís...

Mise Áine said...

@ 'is iriseoir spóirt é!'

Sách ráite...:-)

@ 'Cuir glaoch ar Rentokil go tapaidh.'

ASG!

@ 'Ar eagla na míthuisceana ba scigaithris à la Jay Leno i gceist agam thuas!'

Fiú!