Dé Máirt, Deireadh Fómhair 19, 2010

M2010.10.15

Spreagtha ag an alt seo, má tá an goile agat dó.

11 comments:

aonghus said...

Níl goile agam don boc sin pé scéal é. Ró ghlic, sleamhain.

Dubhaltach said...

Is iad na tréithe is fearr don té ar mhaith leis bheith ina pholaiteoir!

aonghus said...

Tréithe eile atá ag ceannairí!

Dubhaltach said...

Gan amhras, ach ní ceannairí a bhí i gceist agam nuair a dúirt mé polaiteoir.

aonghus said...

Sin é galar na gcás ina bhfuilimid: gan rogha againn ach idir pholaiteoirí, agus gan ceannaire ina measc.

Agus leithéidí - abair John Hume, nó Dónaill Ó Conaill, nó de dhíth go géar orainn.

Fear (nó Bean) físe, fuinnimh, feachtais.

aonghus said...

Agus leithéidí - abair John Hume, nó Dónaill Ó Conaill, nó "do rogha de cheannaire daonlathach" de dhíth go géar orainn.

a bhí scríofa agam, ach bhain mé feidhm as < agus > agus ceileadh na focail.

Dubhaltach said...

Caithfidh mé a rá go bhfuil tinn tuirseach den chaint laethúil a chloisim faoi "dá mbeadh a leithéid de X, Y, Z againn mar cheannairí"

aonghus said...

Tuigim duit.

Is dócha go bhfuil an ceart agat, agus go bhfuil réabhlóid de shaghas éigin de dhíth.

Ach fiú ansin, tá dream éigin de dhíth chun bheith ar thús cadhnaíochta. Agus níl dream ar bith thuas a mbeinn sásta tacaíocht a thabhairt dóibh.

Dubhaltach said...

Ní shílim go bhfuilim ag dul thar fóir nuair a chuirim an locht "dá mbeadh x againn mar cheannaire" ar na cumainn sa tír seo as a n-easpa ceannaireachta le linn an chúlaithe seo.

Tá féidearthachtaí ollmhóra ar fáil do cheardchumainn ar mhian leo an deis a thugann an ghéarchéim seo dóibh a thapú. Féach an Fhrainc mar shampla atá ag taispeáint an tslí chun tosaigh dúinn go léir san Eoraip.

Tá 450,000 oibrí ón earnáil phríobháideach sa tír seo nach bhfuil aon rud le cailliúint acu ag clárú le cumainn.
Ach feictear dom gur beag spéise atá ag na cumainn chéanna sna daoine seo mar arm in aghaidh lucht caipitil. Níor mhian leo an córas caipitleach a chur ar ceal a thuilleadh.

Dennis King said...

Ar Oíche Shamhna a smaoinigh mé nuair a chonaic mé na trí íomhá sin. Clóca dubh, speal, masc plaisteach, et voilà.

Dubhaltach said...

Is féidir masc plaisteach a fháil den chéad bheirt i gcomhair Oíche Shamhna fós.
Ach tá an míchlú sin fós le bronnadh ar an triúr duine!