Dé Máirt, Deireadh Fómhair 19, 2010

M2010.10.14

"Tá sé thar am an t-éadóchas agus an frustrachas a athrú chuig gníomh dearfach le haghaidh fíor-athrú" a mhaígh an fógra ar an raidió curtha amach ag an ghrúpa nua atá sé mar sprioc acu "sochaí shibhialta" in Éirinn a mhúscailt as a shuan.

Bheadh sé éasca, ró-éasca, a bheith ciniciúil faoina leithéid de bheart agus cad a d'fhéadfadh teacht as an gcruinniú ar an 30ú lá den mhí seo san RDS. Ach fós tá tábhacht nach beag in aon dream atá ag iarraidh ionannas, inmharthanacht agus athrú polaitíocht a bhrú chun cinn "ón bhun aníos". D'fhéadfaí argóint a dhéanamh faoin bhun sin agus an cuma atá air nach bhfuil sé i gceist acu ach athruithe beaga suaracha ar an chóras a fhágann an neamhionannas, tíorántacht lucht caipitil agus an t-easnamh daonlathach mar atá.
Chomh maith leis sin faighim boladh bréan an-láidir de shaghas "Your Country Your Call" ón tsuíomh idirlín.
Ach murab ionann agus amaideacht YCYC tá roinnt moltaí agus plé spéisiúil le fáil ar shuíomh "Claiming Our Future". Tá moladh amháin dár teideal: "Stop trying to rehabiliate exploitative capitalism and publicaly promote another social model" ar bharr an liosta faoi láthair!
Agus ón phlé faoin mholadh sin bheadh iontas orm dá mbeadh eagraithe an chruinniú ag súil lena leithéid de chaint réabhlóideach.

Tá plé ann, leis, faoi daonlathas díreach agus an gá airteagail 47 agus 48 de chéad bhunreacht na hÉireann, Bunreacht an tSaorstáit, a chur isteach arís. Ní rud beag é dá mbeadh an t-athrú sin mar sprioc ag grúpa neamhspleách gníomhach a fheidhmíonn gan gaol le páirtí polaitiúil ar bith.
Ar ndóigh fiú más rud fiúntach é féin daonlathas díreach, go háirithe i gcóras daonlathais chomh lag is atá daonlathas s'againn, cad is fiú é mura n-athraíonn an córas eacnamaíochta ina luíonn an chumhacht eacnamaíochta le mionlach saibhir .i. lucht caipitil?

Céim a bheadh ann is dócha, sa chaoi chéanna ba chéim chun tosaigh é dá mbeadh "sochaí shibhialta" níos gníomhaí in Éirinn. Dá mbeadh an tÉireannach ag glacadh páirte níos lárnaí, níos gníomhaí agus níos radacaí i gcúrsaí na tíre .i. i ndaonlathas na tíre. Seachas a bheith ina shuí ar an chlaí, ag breathnú agus ag fanacht go dtí an lá a ghlaonn an rialtas olltoghchán, nuair a líontar a chluasa le bréaga chun a vóta a mhealladh.

Maidir leis an bpointe seo bhí plé ar chlár Vincent Browne faoi, oíche éigin an tseachtain seo caite, agus cuireadh an cheist ar eagraí an chruinniú; conas a chuirfear na moltaí a thiocfaidh as an gcruinniú i bhfeidhm?
De réir a freagra bheadh gá sin a phlé ag an gcruinniú le feiceáil cad a deireann na rannpháirtithe eile ar an lá. Ach ó fhreagra eile ón Athair Peter McVerry, a bhí ann leis (sílim go bhfuil sé páirteach san eagras nua), bheadh "gá le heasumhlaíocht shibhialta éigin" a mhaígh sé!
Maith an fear a Pheter, tá an ceart agat.
Rinne sé tagairt d'Íosa Chríost!, a sheas suas in aghaidh na n-údarás agus a bhris an dlí le linn a ama mar thacaíocht dá phointe go raibh gá le heasumhlaíocht shibhialta.

Mar sin cad is fiú teacht le chéile san RDS, moltaí a phlé, roinnt acu radacach roinnt acu leamh, mura bhfuil tú toilteanach teacht amach ar na sráideanna agus fan amach go dtí go bhfaightear cad atá uait nó go ndéantar iarracht sollúnta an tÉireannach a radacú ionas go spreagfadh níos mó gníomhartha?

"La question posée est maintenant de bloquer l'économie pour bloquer la réforme" a mhaígh sóisialach sa Fhrainc (urlabhraí Pháirtí Nua Frithchaipitleach .i. Nouveau Parti Anticapitaliste) inné maidir leis an athrú i dtaobh pinsin á bhrú tríd a n-oireachtais i láthair na huaire.
Ní shílim go mairfeadh Fianna Fáil/na Glasraí seachtain fhliuch dá mbeadh a leithéid de bloquer l'économie curtha i bhfeidhm againne.
Fiú mura féidir leo an bille a stopadh thall, nó brú a chur ar ghiollaí gnó na Fraince suí síos in idirbheartaíocht leo, ar a laghad sheas siad suas in aghaidh na héagóra.
Agus tá gníomh nó ollstailc leanúnach mar seo an-chosúil le grá sa chaoi a bhfuil sé níos fearr troid a chur agus cailliúint ná gan troid ar bith a dhéanamh.
Chomh maith leis sin bíonn, uaireanta, cumhacht ag an gcailliúint, ina raibh troid fhiúntach, meon an lucht oibre a radacú níos mó ná a d'fhéadfadh bua éasca.

9 comments:

Néidí said...

an mbeidh tusa ag freastal ar claiming our future?

Dubhaltach said...

Táim ag ceapadh go mbeidh.

Néidí said...

Beidh mise ann freisin

Dubhaltach said...

Maith thú.
Ach tá baol an-mhór an-láidir leis an "ngluaiseacht" seo go mbeadh sé ina ghluaiseacht a shneachaníonn na ceisteanna curtha ag mo dhuine a scríobh "Stop trying to rehabiliate exploitative capitalism and publicaly promote another social model" agus go bhfeidhmíonn sé mar an saghas gluaiseachta a mholann an té a scríobh "Be Radical, think radically"

.i. labhraíonn sé faoi "luachanna sóisialta" an phobail gan aird a dhíriú ar an athrú polaitiúil agus eacnamaíochta atá ag teastáil.

Ní shílim, faraor, gur bheart radacach a bheas sa ghluaiseacht seo agus mar sin is am amú a bheas ann.

Néidí said...

Ní cur amú ama a bheas ann má bhíonn deis ag daoine bualadh le chéile agus gach tuairim a chloisteáil agus braitheann sé freisin ar chruinnithe eile ón cheann sin.

Má tá daoine radacach sa bheart, is féidir leo gluaiseacht radacach a chur chun cinn

Dubhaltach said...

Sílim go bhfuil mo thuairim ag teacht lena bhfuil ráite ag an duine darbh ainm Ciarán Cambhéal anseo

Néidí said...

Tagaim leis.

Is cuma nach bhfuil ceannaireacht ann i láthair na huaire mar go bhfuil an córas ag teacht ón mbun aníos... agus feicfidh muid daoine nó grúpaí mar cheannairí amach anseo
an bhfuil sé seo feicthe agat?
http://humanrightsinireland.posterous.com/guest-post-by-dr-rory-hearne-why-arent-the-ir

Dubhaltach said...

Go raibh maith agat as sin.
Sílim go bhfuil ár bpatuaire mínithe go paiteanta aige.

Dubhaltach said...

nó cúis ár bpatuaire ar aon chaoi.