Dé Domhnaigh, Deireadh Fómhair 17, 2010

M2010.10.12

Seans maith nach raibh an nuacht seo feicthe agat, is beag spéise atá ag na meáin chumarsáide sa scéal! Is dóigh go gcaithfí an fhoinse a dheimhniú ar dtús sula bhféadfá do ainm a chur leis mar scéal cinnte.
Nó b'fhéidir go bhfuil fáth eile ann nár tháinig an t-eolas seo chun solais cheana!

Is éard atá ann ná liosta de na sealbhóirí bannaí eachtrannacha in Anglo, buíochas le blagadóir as Port Láirge.

Infheisteoirí ón Ghearmáin a bhformhór. Agus cuireann mo dhuine a sceith an t-eolas an cheist; cén fáth go bhfuil an rialtas Éireannach ag cosaint infheisteoirí Gearmánacha is eile le hairgead diansaothraithe na nÉireannach?

Ach lasmuigh dár máistrí nua ón Ghearmáin sílim go bhfuil sé an-spéisiúil Goldman Sachs a fheiceáil ar an liosta!
Cé atá ag tabhairt comhairle airgeadais don rialtas seo i dtaobh na mbanc (Anglo), NAMA, ciorruithe ar sheirbhísí etc? Cé eile ach Goldman Sachs!

Tá an rialtas seo imithe i bhfad thar scigaithris.

2 comments:

Mise Áine said...

Ní thuigim é ar chor ar bith - gníomh an rialtais ná an fáth leis!

Táim den bharúil go bhféadfadh mo dhuine i bPort Láirge bheith ceart,'The Irish people are taking losses that should rightly have been shouldered by bondholders',
ach nílim bord ar bhord le cúrsaí baincéireachta.

Dubhaltach said...

Ní thuigim é ar chor ar bith - gníomh an rialtais ná an fáth leis!

Is dóigh go dtiocfaidh an fhírinne amach de réir a chéile.
Táim ag súil go sceithfidh mo dhuine eolas sa bhreis i dtaobh na sealbhóirí bannaí Éireannacha. Níl amhras ach go dtaispeánfadh sé sin go sollúnta an gaol atá ag Fianna Fáil lena bhanc príobháideach.

Cíbe tionchar a bhí ag gníomhartha Fhianna Fáil le hAnglo is léir, chomh maith, ón liosta seo gur tháinig brú ar an rialtas ó dhaoine lasmuigh den stát teacht i bhfóirithint ar an bhanc.

Tá siad ag fáil comhairle baincéireachta ó GoldmanS agus Rothschild! Sin fáth eile dá gcur chuige i leith na mbanc agus sealbhóirí bannaí go dtí seo.