Déardaoin, Deireadh Fómhair 14, 2010

M2010.10.11

Fiafraíodh de cheann de na mianadóirí a tháinig slán sa tSíle inné: "Cén fáth go bhfuil tú ag gol? An ea go gcronaíonn tú do theaghlach?", "Ní hea!" a d'fhreagair sé, "Dúirt mo cheannasaí liom gur dhein mé dearmad sínigh isteach!"

5 comments:

aonghus said...

Tá súil agam gur greann dóite atá i gceist agat leis seo.

Fearn said...

Ha ha. Go han-mhaith.

Ach tá an comhlucht ar leis an mianach ar bhealach féimheachta anois!

Dubhaltach said...

Greann dóite gan amhras.

Go bhfios dom tá an comhlacht a bhí i mbun mianadóireachta ar an mhianach sin i dtrioblóid mhór leis na húdaráis i ngeall ar na coinníollacha contúirteacha a raibh na mianadóirí ag oibriú.

Ghearr siad siar ar bhearta sábháilteachta toisc, ar ndóigh, nach soláthraíonn bearta sábháilteachta brabús!

Mar sin tá roinnt dá sócmhainní calctha ag an stát le haghaidh cúitimh.

Dubhaltach said...

Mar a dúirt Fearn

Tá na laethanta saoire thart-Cruáil an tsaoil said...

Tá na laethanta saoire thart

Cruáil an tsaoil