Dé Luain, Márta 22, 2010

M2010.03.16

Cúpla rud:

Ní féidir a bheith ag brath ar réamhaisnéis na haimsire ó Met Éireann ar RTÉ.
Tugtar ginearálú ar an aimsir le linn an lae duit, agus i dtír le clíoma muirí ní luíonn sé sin le ciall ar bith. Mar shampla, thuar siad inné go mbeadh lá grianmhar againn ach le báisteach agus gaoth ard freisin. De ghnáth taispeántar an sórt aimsire seo ar an léarscáil aimsire le grian/scamall dorcha/báisteach.
Ar ndóigh ní thugtar an t-eolas duit cén uair sa lá a tharlóidh an bháisteach agus ardú gaoithe.
Agus inné bhí sé grianmhar, te, tirim le linn an lae go léir. Níor tháinig an bháisteach go dtí meán oíche.

Más mian leat pleananna a dhéanamh bunaithe ar an aimsir ba chóir úsáid a bhaint, i gcónaí, as réamhaisnéis na haimsire ó TG4.
Tá sé ar fheabhas.
Tuarann siad cén uair le linn an lae a thiocfaidh an drochaimsir.

--------------------------

Níl spéis ar bith ag Liam Mac Cóil i rugbaí, chonaic mé ón stól ard é, agus é os comhair séipéal na Rinne, le linn an chluiche ag an deireadh seachtaine.
Ar bhreathnú siar bhí an ceart aige gan spéis a chur ann.

-----------------------

Uabh, tá sé sin trom,” mar a déarfadh an sean-hipí.
Ní féidir liom ciall a dhéanamh den mhaíomh seo
A team of scientists has succeeded in putting an object large enough to be visible to the naked eye into a mixed quantum state of moving and not moving.
Dochreidte!

Turgnamh scoiltíní dúbailte (agus ceann eile) mar mhíniú ar phrionsabal an fhorshuímh

---------------------



Níos deacra a chreidiúint fós ná meicnic chandamach ar scála ollmhór is ea an fhíric go bhfuil na Stáit Aontaithe ag athrú, agus fíor-athrú dearfach atá i gceist.
"The right to adequate medical care and the opportunity to achieve and enjoy good health" Franklin D. Roosevelt i 1944
Fíoróidh Obama cuid thábhachtach d'fhís FDR faoi dheireadh thiar thall.

5 comments:

Dennis King said...

“Cúl!” mar a dúirt an sean-hipí. Agus is fíor-chúl fíorthábhachtach a chuir Obama isteach!!!

Dubhaltach said...

Is rud thar a bheith cúl nuair a oibríonn an córas daonlathach ar son na ndaoine, agus ar son na ndaoine is boichte ach go háirithe.

Mise Áine said...

Aontaím leis an mbeirt agaibh!

Maidir le tuar na haimsire ó TG4, tá siad uilig chomh dathúil sin, gur cuma sa sioc, ahem, faoin aimsir...:-)

Dubhaltach said...

Is mór an trua ach ní féidir amharc ar foxnews ar an idirlíon a thuilleadh. Ba bhreá liom é a bhreathnú inniu.

Cuireann an bua seo ó Obama na nua-liobrálaithe s'againn anseo in Éirinn ar chúl, go mór mór .i. Mary Harney agus Fianna Fáil.

Dubhaltach said...

Ba bhreá liom na teabaggers a chloisteáil inniu .i. na daoine sa bhfíseán thíos:
http://www.youtube.com/watch?v=6ik4f1dRbP8