Dé hAoine, Márta 19, 2010

M2010.03.15

Alt anseo ón NYT inné faoi ghaimbíneachas lofa an rialtais seo againne. Mholfainn go mór é.

Is aisteach an rud é ach ciúnaíonn an t-aitheantas seo ó eachtrannach an cneá phianmhar NAMA agus polasaithe nua-liobrálacha eile Fhianna Fáil/na nGlasach.

Ireland had more prudent choices. It could have avoided taking on private bank debts by forcing the creditors of these banks to share the burden — and this is now what some sensible voices within the main opposition party have called for.

But a strong lobby of real-estate developers, the investors who bought the bank bonds, and politicians with links to the failed developments (and their bankers) have managed to ensure that taxpayers rather than creditors will pay. The government plan is — with good reason — highly unpopular, but the coalition of interests in its favor is strong enough to ensure that it will proceed
.

Á, amhail íocshláinte. Níl dlúthpháirtíocht (de shórt) le sárú.

Fós féin níl aon ní á dhéanamh ag muintir na tíre ina leith. Creideann daoine, fós, nach bhfuil rogha eile againn. Tá meon TINA i mbarr a réime i measc na nÉireannach...
Oibríonn bolscaireacht, oibríonn bréaga.

Dúirt Enda Kenny go mbeadh réabhlóid ar na sráideanna dá gcuirfeadh an rialtas níos mó airgid amú ar an mbanc marbh sin darbh ainm Anglo. Ach gan catalaíoch agus deireadh tobann le meon TINA ní shílim go bhfuil seans dá laghad a leithéid ag tarlú.
Is cuma cad a chreideann na hÉireannaigh fúthu féin, ní bhíonn misneach nó fonn ceannairce ach ar an mbeagán, mo léan.

1 comment:

Dennis King said...

Caithfidh mé dul ar ais agus an t-alt sin a léamh. Is ar éigean a thug mé spléachadh ar an nuachtán inné.

Agus b'fhéidir gur mhaith leatsa spléachadh eile a thabhairt ar an cneá phianmhar atá NAMA.