Dé Máirt, Márta 02, 2010

M2010.03.02

(Íomhá d'Indinéiseach i mbun círéibeacha inniu in aghaidh rún a rialtais caipitlíoch teacht i mbannaí ar na bainc, lena chuid airgid)

Sula bhfeicfear mionbhuiséad eile roimh an samhradh -ina mbeidh ardú cánach do chách agus ciorruithe pá do dhaoine eile (daoine ar an bpá is ísle de ghnáth, tá a fhios againn nach mian leis an Aire Airgeadais bheith ag cur as do státseirbhísigh shinsearacha nó na daoine is saibhre sa tír) agus ciorruithe ar leas sóisialach dóibh siúd a chaill a bpoist, nó ciorruithe sa bhreis ar chaiteachas páistí faoi mhíchumas nó ciorruithe ar leas sóisialach dóibh siúd atá dall nó faoi mhíchumas nó a thugann cúnamh do dhaoine atá faoi mhíchumas srl, An dtuigeann tú, na targaidí éasca .i. na targaidí is fearr .i. na daoine nár thug airgead d'Fhianna Fáil roimh olltoghcháin .i. na daoine nár cheannaigh an príomhpháirtí i rialtas-

Mar sin sula bhfeicfear an mionbhuiséad eile seo chun maistrí na margaí a cheansú le híobairtí na ndaibhre le go bhféadfadh na saibhre airgead breise a fháil ó iasacht le caitheamh isteach sna bainc marbh ionas nach mbeadh sé ar shealbhóirí bannaí caillteanas a iompair etc etc etc.
Cá raibh mé? Ó, is é. Sula bhfeicfear é seo (roimh an samhradh) is fiú cúpla rud a lua, go luath, sula bhfeicfear é an dtuigeann tú;

Tá an tAire ag rá go mbeidh ciorruithe, go mbeidh cáin sa bhreis agus ar ndóigh go mbeidh níos mó dár gcuid airgid á chaitheamh isteach sna bainc. Níl aon ghá le spreagthaí eacnamaíochta chun poist a shábháil nó a chruthú dar leis. Ciorruithe le linn cúlú is ea an t-arm is fearr ina chiste cogaidh!
Ach thiocfainn leis an Aire maidir le cáin, bheadh gá cáin a ardú, nó ba chóir a rá tá gá cáin a ardú dóibh siúd atá ar an bpá is airde. Dóibh siúd a bhfuil sé d'acmhainn acu cáin bhreise a thógáil gan bheith ag cur isteach ar a n-ard-chaighdeán maireachtála. Ba chóir an cáin a íocann siad a ardú chun cothromaíocht a chinntiú.
Ní hea a deir an tAire, agus an rialtas, ní féidir cáin sa bhreis a chur ar na saibhre mar "d'fheidhmeodh sé amhail dídhreasú chun fiontair, oibre agus dul chun cinn eacnamaíochta". "Dhéanfadh sé faillí ar amhantraithe agus na daoine a chruthaíonn saibhreas" a deirtear linn.
Bhuel, ag déanamh neamhaird iomlán den bhfíric go raibh, go bhfuil agus go mbeidh gach fíor-shaibhreas ar domhan cruthaithe ag an lucht oibre ba chóir féachaint ar cé hiad na daoine is saibhre in Éirinn.
Na daoine "a thógann na rioscaí" agus "a chruthaíonn an saibhreas".

Tugtar, go scigiúil, "Cumann 5:40" agus "Cumann 1:35" orthu in Éirinn. Tugtar an leasainm seo orthu toisc go bhfuil seilbh ag 5% den daonra ar 40% den saibhreas sa tír, nó tá seilbh ag 1% den daonra ar 35% den saibhreas. Seo iad na glacadóirí rioscaí, na "cruthaitheoirí saibhreas". Glacadóirí rioscaí agus bristeoirí croíthe.
Cén gairm atá ag Déithe seo an gheilleagair?
Cé hiad na "cruthaitheoirí saibhreas"a fhaigheann moladh an rialtais?

Ag barr an liosta táthar siúd atá ag obair san earnáil mhíochaine!
Is é, na daoine a n-íocann muid a dtuarastail .i. Dochtúirí, comhairligh, feidhmeannaigh srl
Faoina bhun tá na forbróirí. Is é, na daoine a bhfuil muid ag teacht i mbannaí orthu le NAMA mar gheall ar a saint le linn ré an fhaoisimh chánach.
Faoina bhun sin tá lucht dlí .i. gnólachtaí móra dlí, abhcóidí sinsearacha, breithiúna etc
Is é, na daoine a bhfuil ag fáil fostaíocht i NAMA, agus na daoine a dhiúltaíonn glacadh le ciorruithe deonach ar a bpá ollmhór, pá a fhaigheann siad uainne.
Agus faoina bhun sin tá na baincéirí ar ndóigh, agus príomhoifigigh feidhmiúcháin .i. na cait ramhar. Is é....is é....níl aon ghá aon ní a rá fúthu siúd.

Mar gheall ar an méid faoisimh cánacha atá ar fáil dóibh (sé sin faoisimh cánacha nach bhfuil ar fáil mura bhfuil na milliúin agat) ní íocann Cumann 5:40 nó baill Chumainn 1:35 ach ráta cánach de 20% i gcoitinne, nó níos lú.

Ní fear foréigneach mé, ach chomh luath agus a chloisfidh mé go bhfuil círéibeacha ar shráid Chill Dara beidh mé ann ag caitheamh cloch in aice leis an chuid eile acu. (Más féidir leis an Éireannach a aigne a mhúscailt)

(Seo alt spéisiúil faoi cháin sna Stáit Aontaithe gur fiú a léamh, agus is fiú amharc ar an ghraf! "They will conclude—and they will be right—that the wealthier can afford to pay more, with no harm to the nation's economic growth.")

Curtha in eagar ag 17:00.
Feicim go ndúirt Eanna Ó Cionnaith sa Dáil inniu le linn Ceisteanna ó Cheannairí "go mbeadh réabhlóid ar na sráideanna" dá gcuirfeadh an rialtas €6 billiúin breise isteach in Anglo Irish i ndiaidh dóibh €4 billiúin a chur amú ar bhanc Fhianna Fáil cheana.
Le cúnamh Dé.

4 comments:

Dennis King said...

Cén bhail atá ar an Danmhairg na laethanta seo? Tugann siad céatadán an-ard dá gcuid ioncaim don rialtas agus faigheann siad a lán lán seirbhísí ar ais. Murab ionann is na Gréagaigh a faigheann dóigheanna leis na cánacha a sheachaint ach a éilíonn na seirbhísí céanna.

Dubhaltach said...

Bhí tobthitim acu cinnte, cosúil le chuile tír ina raibh boilgeog tithíochta agus baincéireacht truaillithe. Tá méadú ar dífhostaíocht de bharr.
Ach, is í an Danmhairg ceann de na tíortha is fearr san Eoraip agus táid ar bhóthar ceart arís.

Maidir leis an nGréig is maith liom an chaoi ar dhúirt tú "na Gréagaigh" "faoina" ndóigheanna le cáin a sheachaint.
Is baill de chlub 5:35 sa Ghréig (cosúil leis an tír seo) atá ag seachaint na cánach. Tá na daoine ar na sráideanna ag rá nach bhfuilid toilteanach an phian go léir a thógáil mar gheall ar pheacaí na saibhre seo.

Ní mór cuimhniú freisin go bhfuil 20% den daonra ag maireachtáil faoi thairseach na bochtaineachta sa Ghréig. Tá easpa comhionannais go forleathan sa tír. Tharla seo go léir mar gheall ar an rialtas den eite dheis a bhí i réim sa tír roimh rialtas Papandreou.

Dennis King said...

Club 5:35?

Dubhaltach said...

Ba chóir dom club 5:40 a rá, nó i gcás na Gréige bheadh club 5:50 níos cruinne déarfainn.
5% den dhaonra le seilbh ar 50% den saibhreas atá i gceist. Thug mé miniú sa bhlagmhír thuas.