Dé Luain, Feabhra 14, 2011

M2011.02.14

Mo scór de réir shuíomh nua Michal

Níor bhain mé geit asamsa féin ar aon chaoi!

Chuir mo scór neamhiontach alt Uí Chathasaigh na seachtaine seo i gcuimhne dom, agus an dearcadh coitianta sna meáin, agus mar sin timpeall na tíre, "go bhfuil straitéis Shinn Féin lán míbhuntáistí".
Más "fánach airgead a choinneáil leis na bancanna neamhbheo" mar a deir Sinn Féin tá sé níos fánaí, leis, plé a dhéanamh ar Chlár Shinn Féin.
Ní de bharr na "míbhuntáistí" siúd faoi na margaí airgeadais, ach toisc go bhfuil an rás rite, agus ba léir go raibh sé rite ó lár na bliana seo caite: M2010.07.01
Beidh páiste coimeádach caipitleach eile de chlann "Pháirtí Pobail na hEorpa" i gceannas ar stát Eorpach eile i gceann coicíse. Le móramh fiú!

Ar aon nós, ar aghaidh leis an bplé fánach.

Tá an Cathasach ceart; ní thugann na margaí airgeadais iasachtaí ach do stáit a bhfuil beartais eacnamaíochta fábharach dóibh féin acu.
"Ní bheadh an stát in ann íoc as riaradh laethúil an stáit gan an IMF, óir níl na margaí toilteanach iasachtaí a thabhairt dúinn" mar a deir an mana coiteann inghlactha as na trí pháirtí mhóra atá ag cur eagla ar an vótálaí .
Agus mar sin cad is fiú bata is bóthair a thabhairt don IMF agus an Banc Ceannais Eorpach mura bhfuil na margaí toilteanach iasachtaí a thabhairt dúinn?

Bhuel, tá na margaí neamhthoilteanach iasachtaí a thabhairt dúinn mar gheall ar an IMF/BancCeannaisEorpach. Agus mar gheall ar bheartais an rialtas reatha agus an chinn le teacht fiacha príobháideacha na n-infheisteoirí ó na bainc Eorpacha a tharrtháil le hairgead an phobail Éireannaigh.
Ciallaíonn na beartais seo nach mbeidh an stát in ann na hiasachtaí a íoc ar ais .i. is ionann is cinnte go loicfidh an stát ar fhiacha na mbanc go léir má choinníonn muid orainn ag íoc as caillteanas lucht caipitil. Níl sé dár gcumas íoc astu.
I bhfocail eile: níl polasaithe eacnamaíochta an stáit fábharach do na hinfheisteoirí sa mhagadh. Níl aon breisluach le saothrú as pobal a bhfuil ar tí cliseadh de bharr fiachas príobháideach má thuigeann tú leat mé.

Tá beartas Shinn Féin glan agus cruinn ina anailís ar chaipitleachas. Agus sin an fáth a mbíonn comhaontú láidir ann idir dhaoine amhail Ó Dochartaigh agus Gurdgiev. Má dhéantar athstruchtúrú ar an
bhfiachas príobháideach seo, is é sin le rá má thugtar bata is bóthair do bheartais an IMF agus na sealbhóirí bannaí siúd a rinne geall ar bhainc phríobháideacha, seachnóidh loiceadh stáit ar an bhfiachas agus beidh seans níos fearr ag lucht caipitil sna margaí a bhrabús a shaothrú as saothair an lucht oibre sa tír seo i gceann cúpla bliain nuair a thagann feabhsú ar chúrsaí eacnamaíochta.

"Sea, sea, sea a Dhubhaltaigh a chara, ach tá sé i bhfad róluath dul ar ais chun na margaí, i gceann dhá bhliain abair!". "Níl muid réidh, fiú le fiachas na mbanc imithe ónár ndroim!"

"Bhuel a chara, is cuma má táimid réidh nó nach bhfuil; d'eisigh ár gcairde maithe maorlathach san Aontas Eorpach cáipéis (PDF) inné a deir linn go bhfuil muid ag dul ar ais chun na margaí i gceann bliana ar aon nós. Agus b'fhearr liomsa triall a bhaint as na margaí siúd gan fiachas na mbanc mar ualach le n-iompar againn más é do thoil é!"

No comments: