Dé Máirt, Feabhra 01, 2011

M2011.02.01

Bhíos ag léamh cúpla alt maith ar an idirlíon faoi chúlra sóisialach na réabhlóide atá ag tarlú san Éigipt inniu. Bhíos ag iarraidh mo thuiscint ar shóisialachas na hÉigipte agus a gluaiseachtaí frith-nua-liobrálacha a fheabhsú.


(Sin físeán de chomhdháil Marxach ó 2008 leis an bhlagadóir sóisialach, agus réabhlóidí Hossam el-Hamalawy. DAS, tá sé ag cur suas grianghraif agus físeáin iontach ar a bhlag ón éirí amach).
Ach bhí a lán de na hailt chéanna gann ar sonraí faoi ainmneacha na ngrúpaí siúd agus na daoine a bhí ag beartú agus ag tógáil suas go dtí an éirí amach glórmhar seo le 6 nó 7 mbliain anuas.
"An dá ghlúin de shóisialaithe réabhlóideacha" mar a thug Hossam orthu sa bhfíseán. Cé hiad?

Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach, ach buíochas le suíomh idirlíne Teabagger den eite dheis a bhfuil an mana seo a leanas acu:
As an American organization, we’re dedicated to fighting against Marxist ideology in all its variants.
A bhuíochas leosan! tháinig mé ar chnuasach beag deas le roinnt de na laochra sóisialacha atá thaobh thiar den réabhlóid seo in aghaidh giollaí lucht Caipitil san Éigipt agus sa Túinéis.
Níor tháinig lucht an tsuímh sin ar aon fhianaise go raibh éinne bainteach le "antoisceachas Ioslamach" lasmuigh den éirí amach seo. Ach tháinig siar ar neart fianaise go rabhadar ina sóisialaithe, marxaigh agus ceardchumannaithe!
Ó, ná habair! :)

Níl tuairim dá laghad acu ar an shuíomh sin faoi cad is sóisialachas ann:
If you listen to any of these activists speak, they’re all crying for “democracy”, which, in their case, is apparently synonymous with socialism.
Ní aineolas go dtí an Poncán ag plé sóisialachas! Nílim ag magadh, cheap mé gur scig nó aoir a bhí ann lena leithéid d'aineolas, cosúil le Onion News nó rud éigin mar sin! Ach is léir go bhfuilid an-dáiríre.
D'fhéadfá a rá go ndeireann an abairt sin thuas, agus an t-alt ina iomláine, níos mó faoi pholaitíocht SAM ná mar a deireann sé faoi pholaitíocht na Éigipte...

6 comments:

Anonymous said...

B'fhéidir gur spéisiúil leat an t-alt seo.

Anonymous said...

Ní aineolas go dtí an Poncán ag plé sóisialachas!

Tá mé fiosrach fá do thuiscint sóisialachais. An dtig leat alt nó leabhar a míníonn tuairimí a chur ar mo shúile. An bhfuil tíortha ar bith ann atá do shóisialachas acu?

Dubhaltach said...

"B'fhéidir gur spéisiúil leat an t-alt seo."

Grma.

Léigh mé an doiciméad ar Wikileaks an lá eile, agus níor cheap mé mórán faoi leis an fhírinne a rá.

Ach is léir go bhfuil an triúr i mbun scríobh an ailt seo an-thógtha leis!

Cuireann na hiriseoirí leis an fhírinne má thuigeann tú leat mé: "extensive support for his pro-democracy campaign", "in regular contact with the activist".
Gnáth-chleachtas is ea é leis an nuachtán seo den eite dheis. Is fearr an doiciméad é féin a léamh seachas an t-alt seo. Níl aon ghá cur leis.

Níor cheap mé á léamh go rabhadar ag tacú leis, bhíodar ag bailiú eolais uaibh, toisc gur chuir sé an ghluaiseacht Fésbúk حركة شباب6 أبريل ar siúl i 2008.

Is ábhar iontais dom go bhféadfaí a rá go raibh SAM ag tacú leis an éirí amach toisc gur thug siad cuireadh do ghníomhaí (amháin) de dhream nua a bhí siad ag baint úsáide as chun eolas a fháil faoi coireanna san Éigipt, agus, leis an eolas sin faoi deachtóireacht Mubarack acu lean siad orthu ag tabhairt $2 Billiún in aghaidh na bliana dá réimeas!

Chomh maith leis sin ní chuirfeadh sé iontas ar bith orm dá mbeadh siad ag tabhairt eolas fúthu chuig an SSIS faoin ghluaiseacht. I ndiaidh a theacht ar ais ón chomhdháil is léir gur tháinig an SSIS síos orthu go dian.

Geallaim duit go bhfuil rialtas SAM inniu agus inné ag teacht leis an tuairim seo maidir leis an éirí amach.

Dubhaltach said...

"Ní aineolas go dtí an Poncán ag plé sóisialachas!"
Ba chóir dom Teabagger a scríobh san abairt thuas. Rinne mé ginearálú ansin.

Má tá tú fiosrach faoi sóisialachas d'fhéadfá tosnú le Wiki, tá sé chomh maith agus aon alt eile.

"An bhfuil tíortha ar bith ann atá do shóisialachas acu?"
Níl, ach tá gnéithe de shóisialachas in áiteanna timpeall an domhain. Is é sin le rá aon áit a bhfuil na meáin táirgeachta/beatha faoi smacht daonlathach na n-oibrithe a oibríonn ann. Aon áit a bhfuil daonlathas díreach i bhfeidhm. Is é sin le rá tá feidhmiú cúrsaí faoi smacht daonlathach na ndaoine (oideachas, córas iompair, seirbhísí leighis, dáileadh acmhainní, an ionad oibre) ina gceantair cónaithe.

Anonymous said...

Geallaim duit go bhfuil rialtas SAM inniu agus inné ag teacht leis an tuairim seo maidir leis an éirí amach.

Agus an ceann seo fosta!

Maidir le sóisialachas, bhfuil tú i gcoinne úinéireachta príobháidí na meáin táirgeachta?

Dubhaltach said...

"bhfuil tú i gcoinne úinéireachta príobháidí na meáin táirgeachta?"

Táim.