Dé hAoine, Feabhra 11, 2011

M2011.02.13

Le deireadh ré Mhúbarack beidh na meáin bhuirgéiseach ag lorg, níos tréine ná riamh, "ceannaire" éigin na gluaiseachta.
Rud a bheadh go hiomlán dodhéanta a dhéanamh ós rud é gur gluaiseacht na ndaoine atá ann, gluaiseacht ón bhun aníos, mar ba chóir do réabhlóid cheart a bheith.
Is ceannaire gach ceann acu agus thaispeáin gach ceann acu ceannaireacht. Ní raibh aon mháistrí lasmuigh den réabhlóid seo, á stiúradh ar son a mianta polaitíochta agus eacnamaíochta.

Agus tá súil agam go dtagann na hÉigiptigh amach ar an taobh ceart den daonlathas, agus go mbeidh córas na gcomhairlí a bhunaigh siad curtha i bhfeidhm nuair a chuirtear críoch leis an réabhlóid.

Agus maidir le ceannaireacht agus ceannairí, dá mbeadh sé ormsa duine, as na milliúin acu, a roghnú le taispeáint mar ghuth ceannasaíochta na réabhlóide sílim go dtaispeánfainn an bhean seo:

6 comments:

aonghus said...

Is féidir éirí amach gan ceannairí - agus is léir go ndearna.

Ach is deacair pobal mór a riaradh gan ceannairí.

An cheist anois ná cé ghlacfaidh ceannaireacht ar an Stáit.

Dennis King said...

Is maith an cainteoir í. “Líth gacha labartha leat,” a deirim léi.

Dubhaltach said...

Tá an pobal á riaradh féin.

Nach bhfuil tú ag leanúint an scéil? Tá comhairlí bunaithe acu, táid ag feidhmiú mar comúin bheaga phoblachta laistigh de stát míleata le coicís anuas.
Roghnóidh siad urlabhraithe, le cúnamh Dé, chun labhairt ar a son ag léibhéal níos airde.
Ach ní ceannairí a bheas sna daoine seo ach urlabhraithe, le guth na gceannairí lasmuigh dóibh .i. na daoine.

Dubhaltach said...

Nath an-dheas agat ansin a Dennis, go raibh maith agat.

ormondo said...

Tá ualach millteanach na taithí ag cothú an amhrais ionam.

Ach cá bhfios! Níl aon dlí eolaíochta ann a mhaíonn nach bhfuil an daonlathas san Éigipt indéanta.

Dubhaltach said...

"Ach cá bhfios! Níl aon dlí eolaíochta ann a mhaíonn nach bhfuil an daonlathas san Éigipt indéanta."

:o !
N'fheadar conas an ráiteas thuas a fhreagairt!

Má theipeann ar an ghluaiseacht dhaonlathach seo ní theipfidh sé de bharr na ndaoine.

SAM, Iosrael, agus an tArm. An trí dris chosain is mó in aghaidh daonlathas díreach na nÉigipteach inniu.