Dé hAoine, Meán Fómhair 24, 2010

M2010.09.09

Chuir Liz an cheist "cad é an Clárach" atá crochta ina thulach dhonn os cionn Sráid an Mhuilinn?

Tháinig mé ar ghrianghraf de a thóg mé ó Mhuisire Mór:
Is é Clárach an sliabh cruinn beag san atá ar chlé.
Luíonn Sráid an Mhuilinn go díreach faoina bhun. Sa cheann seo thuas tá an baile féin clúdaithe le ceo a bhí ina luí ar Dhúiche Ealla an maidin úd.

Sa cheann seo thuas tá Clárach le feiscint, i lár an ghrianghraif, leis An gCathair Bhearnach ar thaobh na láimhe clé de.
Bhí an ceo scaipthe ó Shráid an Mhuilinn faoin am seo agus is féidir roinnt den bhaile a fheiscint.

2 comments:

Dennis King said...

Is dócha nach mbeadh ainm ar “chnoc” mar sin abhus anseo, seachas “the hill overlooking X”... má bhí an t-ádh air!

Dubhaltach said...

Tír rómhór atá agaibh thall a bheith ag cur logainm ar gach sliabh is cnoc :)
Abhus, mar atá a fhios agat, tá logainm ag gach cloch, cnocán, cnoc, cúinne agus gort timpeall na tíre.
Tá logainm éagsúil ar gach gort! Sin dochreidte nuair a smaoinítear faoi.
Faraor chuala mé le déanaí go bhfuil na céadta míle logainm á gcailliúint go seachtainiúil againn in aghaidh na bliana. Tá sé seo ag tarlú de bharr, ar ndóigh, imeallú na teanga agus galldú leanúnach gan stad na nÉireannach.