Dé hAoine, Meán Fómhair 24, 2010

M2010.09.08

Mhaígh Einstein gur gealtacht atá ann a bheith ag déanamh an rud ceannann céanna arís agus arís eile agus a bheith ag súil le torthaí éagsúla.

Maím féin gur gealtacht é a bheith ag cur ciorruithe i ndiaidh ciorruithe ar an gheilleagar baile, ag teacht i bhfóirithint ar bhainc mharbh, ag cruthú an comhlacht réadmhaoine is mó ar domhan le hairgead an phobail, ag sá do chloigeann ramhar sa ghaineamh maidir le dífhostaíocht de arís is arís eile agus a bheith ag súil le torthaí éagsúla fós! Agus ansin, locht crapadh leanúnach an gheilleagair a chur ar "ionsaí comhbheartaithe" ar an euro....

...agus ag glacadh fós gan cheist leis an gcóras eacnamaíochta agus a idé-eolaíocht lofa!

2 comments:

aonghus said...

Nó, mar a dúirt an té a dúirt: Inné, bhí muid ag imeall na haille. Tá céim mór chun cinn glactha againn inniu. (Agus, gan amhras, táimid san áit ina bhfuilimid...)

Dubhaltach said...

ceann maith :)