Déardaoin, Meán Fómhair 23, 2010

M2010.09.05

D'eisigh Comhairle na NA um Chearta an Duine tuarascáil aréir a fhaigheann Iosrael de shárú ar chearta daonna agus gur bhris sé an dlí nuair a d'ionsaigh a shaighdiúirí an cabhlachán cabhrach ar a bhealach chun Gaza i mí Bhealtaine i mbliana.
"Thaispeáin sé leibhéal do-ghlactha brúidiúlachta" agus "gur sárú tromchúiseach de dhlíthe cearta daonna agus de dhlí daonchairdiúil idirnáisiúnta a bhí ann".
"Tá an-fhianaise ann tacú le hionchúisimh sna coireanna a leanas laistigh d'alt 147 de Choinbhinsiún na Ginéive: dúnmharú; céasadh; ag cur pian go toiliúil nó ag gortú colainne agus sláinte"

Cáineadh nach beag atá ann mar sin, amhail is go raibh sé ag teastáil uainn le tuiscint go raibh dlíthe cearta daonna briste acu go brúidiúil neamhthrócaireach ar an oíche úd.
Mar sin, an rud is spéisiúla anois faoin scéal ná an chaoi ar tuairiscíodh agus ar thuairisceofar é. Thug Mediabite.org faoi deara ar an toirt an saghas tuairiscithe a bhí an Irish Times ag déanamh. Agus mar is dual don nuachtán sin feidhmíonn sé mar "Oifigí Caidrimh Phoiblí" ar son rialtas Iosrael ag tosnú an ailt faoin tuarascáil le preasráitis cháinteacha agus séanadh!
Faigheann na NA Iosrael i mbun sárú ar chearta daonna agus tosaíonn an Irish Times an chéad 4 paragraf san alt ag cur claonadh frith-Iosraelach i leith na NA um Chearta an Duine, polaitiú agus antoisceachas freisin!

Teanga na cumhachta arís.

5 comments:

Fearn said...

Sea! Mark Weiss in Iúrúsalaim a scríobh don IT.

Seans go bhfuil a réamhchlaonadh fhéin aige, meas tú?

Dubhaltach said...

Thaispeáin sé féin go raibh réamhchlaonadh aige. Ach bíonn sé mar sin leis na meáin go léir ar an cheist seo.

Ní locht le Weiss amháin é.

Fearn said...

An bhfuil tú a maíomh go bhfuil réamhchlaonadh ar sin na nIosraeleach ag an IT?

Dubhaltach said...

"An bhfuil tú a maíomh go bhfuil réamhchlaonadh ar sin na nIosraeleach ag an IT?"

Gan amhras ar bith, féach an nasc thuas faoi "Teanga na Cumhachta" nuair a tháinig an cheist seo suas ar dtús.

Fearn said...

Sea, tuigim go mbíonn cumhacht ag focail ach is dual cumhacht a bheith ag anailís agus éargna daoine!