Déardaoin, Bealtaine 27, 2010

M2010.05.15

Ná héist leis an bhfíseán thíos in aice le do bhas, in aice le páistí óga nó daoine le méin bhog (Tá a lán de theanga shaibhir na banríona ann!).
Ach éist, is fiú é.

Ní raibh tuairim agam roimhe faoin sórt búm ola a ba chóir a bheith in úsáid do dhoirteadh ola. Tá an easpa eolais seo agam de bharr, mar a mhíníonn an t-údar, "focain iriseoirí gan mhaith" nach ndéanann a bpost i gceart.

Cíbe faoi focain iriseoirí gan mhaith sna stáit is beag atá le cloisteáil faoin doirteadh ola ollmhór is mó ar domhan ar focain RTÉ nó ar TGFóir, nó an píosa caca sin TGaTrí, agus déan dearmad iomlán faoin focain raidió in Éirinn. Táid ar an raidió ró-focain ghnóthach na laethanta seo ag moladh Páirtí Tae na hÉireann dúinn chun mír a thabhairt do focain B-focain-P agus a bpraiseach.
Tá meon lofa aineolach "druileáil a stóir druileáil" (chomh fada agus atá an druileáil ar an thaobh eile den oileán) ar fáil go flúirseach i measc buirgéisigh beaga is móra na meáin chumarsáide in Éirinn. Cad é sin a dúirt tú? Beidh an píopa lán gáis amh ag rith trí chúlghairdíní chainteoirí Gaeilge?! Níos focain fearr fós!

Dá dtosóidís, na focain iriseoirí gan mhaith siúd, ag iniúchadh cur chuige na focain gcaipitlithe i leith cúrsaí mar seo feicfear cén sórt cur chuige a bhí, atá agus a bheas i ndán dúinn le focain Shell i nGaeltacht Mhaigh Eo Thuaidh.
Ach níor mhaith leo an focain mála sin a oscailt. Óir is focain fearr leo go bhfuil ár focain gcloigne ramhar dúra sáinnithe go domhain sa ghaineamh nó thuas ár dtóineanna.

Ar aon nós.
Cad is boom focain ceart ann chun ola a stopadh? Ní an focain seafóid a chuireann focain BP máthair-focairí ar an bhfarraige de bharr a focain foc up ollmhór.

Bain sult.

4 comments:

Dennis King said...

Tá sé seo focain iontach! Go raibh míle focain maith agat as an bhfíseán seo a roinnt linn!

Mise Áine said...

Diabhal rialtóir ag obair ansin, ach an oiread, is cosúil...

Go raibh maith agat, a Dhubhaltaigh. Is fiú na físeáin seo a thaispeáint le go gcloisimid an 'dá thaobh' den 'fhírinne'.

Mo chuimhne, ar chuala tú an t-agallamh, faoi Shell to Sea, a rinne Eibhlín le Ciarán ó Flatharta ar Iris Aniar Dé Máirt (nó, b'fhéidir Dé Céadaoin!)

Nílim in ann é a chloistéail arís - nuair a bhrúim 'Eist leis an gClár' ní thagann an clár tríd soiléir ach stadach ar mo ríomhaire - ach bhain mé sult as nuair a chuala mé é beo ar an lá - cibé lá a bhí ann!

Dubhaltach said...

@ Dennis:
Míle focain fáilte romhat a chara.
Feicim inniú go raibh doirteadh ola eile acu inné in Alasca. Focain deas!

@ Áine:
Deabhail rialtóir. Ach tá coinníollacha i bhfeidhm ar ndóigh gur chóir don chomhlacht cloí go daingean leo ionas nach dtarlódh a leithéid de doirteadh. Ar ndóigh bhí cead ag BP a rogha rud a dhéanamh le féin-rialachán.
Idé-eolaíocht an "nua-liobrálachais", idé-eolaíocht an tsaormhargaidh a ligeann do chomhlachtaí a rogha rud a dhéanamh chun brabús a chinntiú.

Agus seo an sórt toraidh a bhíonn ar a leithéid de chur chuige. Óir feidhmíonn rialacha agus coinníollacha in aghaidh brabúis.

Go raibh maith agat don nod faoin Iris Aniar.
Faraor tá an cuma ar shuíomh idirlín RnaG go bhfuiltear ag géarú siar ar an méid podchraoltaí á gcur suas ar líne acu.

Sílim go bhfuil sé spéisiúil go bhfuil ár nGarda Síochána ag obair do Shell chun a sealúchas is brabús a chosaint, agus go bhfuil an Garda cósta sna Stáit ag obair do BP chun a sealúchas is mbrabús a chosaint.
Is ionann caipitleachas stáit i ngach aon tír ina gcleachtar daonlathas buirgéiseach

Breathnaigh thíos:
http://www.youtube.com/watch?v=XpHZAGqlEZc

Dubhaltach said...

An cheann seo ba chóir dom a rá: