Dé Céadaoin, Bealtaine 05, 2010

M2010.05.02

Tá an miotas gurb iad na hoibrithe sa Ghréig atá freagrach as praiseach a gheilleagair, go bhfuilid leisciúil agus ar a sáimhín só, ag fás go rábach i measc gaimbíní is lucht an tsaibhris sna meáin in Éireann. Agus ag leanúint as sin i meon na ndaoine a chreideann na gaimbíní seo.
Ar RTÉ go príomha .i. ar an raidió agus na haíonna a bhíonn acu, nó ar an teilifís, agus i nuachtáin mhóra na ngaimbíní .i. Irish Indo, Irish Times, Sunday Indo, Sunday Times etc.
Ar a laghad tá tráchtaire eacnamaíochta amháin fágtha sna meáin in Éirinn fós nach bhfuil a chloigeann sáinnithe thuas a thóin aige.

D'fhéadfá feachtas clúmhillte a bhaist ar na bréaga seo.
Feidhmíonn sé mar bhacainn nó dris chosain daingean in aghaidh dlúthpháirtíochta agus cur le chéile oibrithe na hEorpa go léir.

Cúpla fhíric mar fhrithbholscaireacht:

Oibríonn na Gréagaigh, ar an meán, idir 42 agus 45 uair sa tseachtain.
Oibríonn muid timpeall 39 uair ar an meán.
Dar le Eurosat tá lucht oibre na Gréige ar na tuarastail is ísle san Eoraip.
Bhí beartais déine curtha i bhfeidhm ag an rialtas roimh an ngéarchéim nua seo, tá pá na n-oibrithe tite siar go dtí an leibhéal a bhíodh acu le linn na hochtóidí luath.
Tá i bhfad níos mó ciorruithe le teacht orthu de bharr an IMF/AE ag fóirithint na mbanc sa Fhrainc agus sa Gearmáin óna n-infheistíocht i lucht gaimbín sa Ghréig.
Éiríonn oibrí sa Ghréig as obair ag 65 bliain d'aois, beidh siad ag síneadh an ama seo amach anseo le beartais déine nua an IMF/AE chun an méid luach agus is féidir a sú as coirp na sean-sclábhaithe. Tá a bpinsin i measc na bpinsean is ísle san Eoraip cheana.
Titfidh luach an phinsin arís nuair a shíntear an aois a bhfuil "cead" acu éirí as obair.

Fostaíonn gaimbíní na Gréige na céadta míle daoine sa mhargadh dubh, mar dhaoine "féinfhostaithe". Déantar é seo chun cáin a sheachaint. Níl aon chosaint dlíthiúil nó sóisialta ag na hoibrithe seo.
Tá na céadta míle eile fostaithe ag na gaimbíní go páirtaimseartha chun cáin a sheachaint agus an chosaint chéanna shóisialta a dhiúltú dóibh.
In ainneoin seo tá an céatadán de dhaoine atá fostaithe sa státseirbhís mar mhúinteoirí, fir dhóiteáin, gardaí, banaltraí etc an-íseal i gcomparáid le gach uile thír eile san Eoraip. Agus an chuid is mó acu fostaithe ar chonarthaí páirtaimseartha a chinntíonn arís nach bhfuil an pá is coinníollacha cuí acu.

Go dtí an ghéarchéim seo bhí comhlachtaí agus bainc sa Ghréig i gcónaí ar an liosta de na comhlachtaí is mó brabúis san Eoraip, sin an fáth gur infheistigh lucht gaimbín ón Fhrainc agus ón Ghearmáin i mbainc is comhlachtaí na ngaimbíní sa Ghréig.
Bhí an brabús seo ann toisc go bhfuil an costas a bhaineann le sclábhaíocht oibrithe na Gréige an-íseal go deo!
Bhí, ar ndóigh, buntáistí cánacha flaithiúil ar fáil do bhrabúis na ngaimbíní seo agus margadh dubh láidir ar fáil dóibh chomh maith a fheidhmíonn go díreach mar an gcéanna.
Bhí, agus tá fós, seachaint na cánach an-choitianta i measc lucht an rachmais sa Ghréig.

In ainneoin seo go léir cuireann na meáin chumarsáide in iúl dúinn gur chóir do na Gréagaigh beartais dhéine a ghlacadh ach ligean do na gaimbíní saor óna locht agus bhfreagracht!

Tá an méid atá ag tarlú in Éirinn (lucht gaimbín ag iarraidh aighneas a chruthú idir oibrithe le bréaga agus bolscaireacht ionas go bhféadfadh sé níos éasca an t-athrú saibhris a dhéanamh) ag tarlú go hidirnáisiúnta sa chás seo.

Fágfaidh mé an focal scoir do bheirt ó mhalairt deiridh an speictrim eacnamaíochta is idé-eolaíochta:
Mac Liam: "Make no mistake about it, the bailout of Greece, which will cost us €1.3bn, is not a bailout for the Greek people, it is a bailout for the banks that lent money to Greece."
Ó hUiginn: "The fact that private banks and hedge fund operators along with debt rating agencies can manipulate a situation that allows them to charge extortionate rates of interest for certain countries creates an economic dictatorship in effect. It is working people and the poor who pay the price for this in savage cuts to public expenditure and in their living standards, by governments which simply do the bidding of these institutions."

No comments: