Dé Máirt, Bealtaine 18, 2010

M2010.05.08

Is é Binn Ghulbain ceann de na siúlóidí sléibhte is áille agus is éasca le déanamh in Éirinn.
Tosaítear i nGleann Darach (gan Dair) ag siúl i dtreo an easa atá idir Shliabh Mór agus Bhinn Ghulbain féin, sin dreapadh an easa an t-aon dua amháin le déanamh le linn na siúlóide.
Ag sroicheadh duit barr an tsléibhe pollta amach tá siúlóid éasca réidh romhat go dtí an mullach is airde.
Óna barr tá radhairc den chéad scoth ar fáil de Shliabh Liag, Inis Muirí, Sliabh Gamh, Tír Fhiachrach ina iomláine chomh fada agus Cuan Chill Ala agus Sliabhraon Néifinne i lár Mhaigh Eo.

Bhí bealach rí-spéisiúil suas an Bhinn ag Somers ina chlár An Bealach ó Dheas cúpla bliain ó shin.
Bhí sé in ann dul suas tríd an sliabh féin ó na pluaiseanna agus clasáin atá air.
Ní raibh mé cinnte cén áit a raibh i gceist aige go díreach, nó an misneach agam a dhul ar a thóir gan a bheith cinnte faoi, ach is cinnte go ndeachaigh sé suas ón taobh thuaidh den sliabh mar is féidir a fheiceáil thíos:

Táim ag súil go mbeidh Binn Ghulbain ar an liosta de shléibhte a bheas le dreapadh aige sa chlár nua agus scéal Dhiarmada agus Gráinne á aithris.

Is cúis iontais, agus díomá, domsa freisin nach bhfuil an sliabhraon seo agus a ghleannta ar aon liosta caomhnaithe.
Níl a áilleacht le sárú, agus tá an portach i nGleann Darach á scriosadh ag meaisíní ispíní ag baint móna uaibh.
Tá tábhacht nach beag ag baint leis an bportach seo óir is uaibh a fhaigheann cuid mhaith de Chontae Shligigh Thoir agus Thuaidh a bhfoinse uisce.
Déanann an portach cinnte freisin go mbíonn a dhóthain uisce ar fáil sna haibhneacha le linn an tsamhraidh. Ní hamháin sin ach tá ról le himirt ag portaigh mar seo chun a chinntiú nach mbíonn maidhm thuile sna bailte ar an talamh íseal le linn an gheimhridh nuair a thiteann a lán baistí sna sléibhte.
Feidhmíonn siad amhail spúinse ag coinneáil an t-uisce bhreise seo isteach agus á ligean amach sna haibhneacha de réir a chéile le linn na bliana.
Tá tábhacht nach beag ag baint leo ó thaobh an dúlra de freisin.
An tImpire le feiceáil thíos:
Faraor ní raibh sé sásta a sciatháin a oscailt dom.

Tá na haibhneacha atá sna sléibhte chomh ghlan sin freisin, nílid aigéadach toisc nár bhain galar na Sitka spruce (nó na dtuirbíní gaoithe!) Gleann Darach amach go fóill.
Tá na haibhneacha is srutháin ann lán gabha dubh. Comhartha maith go bhfuil an t-uisce folláin agus lán bia.
A mhalairt de scéal a bhíonn fíor in áiteanna ina mbíonn an sprús Sitceach ag fás ann.

Ag fás go rábach cosúil le fiailí, fiailí an chaipitlí chun a bhrabús a fháisceadh níos tapúla as an chomhshaol, is cuma cén costas!

2 comments:

Dennis King said...

Bhain mé sult as na pictiúir agus as do chur síos ar an áit araon! An aolchloch atá le feiceáil ar nós rampar starragach ag barr an tsléibhe?

Dubhaltach said...

Sin é, aolchloch, agus a lán de.

Bhíos ag rá sa bhlagmhír go raibh bealach suas trí phluais go dtí an barr.
Tháinig mé air faoi dheireadh:

http://www.irelandblog.net/index.php/2007/11/13/hiking-the-benbulben-sligo/

Dúirt mé freisin go raibh iontas is díomá orm nach raibh an sliabhraon caomhnaithe ach feicim anois go bhfuil Binn Ghulbain caomhnaithe. Buíochas le Dia. Gan an chosaint sin bheadh cúpla teach saoire ar a taobh faoin am seo!