Dé Céadaoin, Aibreán 21, 2010

M2010.04.18

Is deas radharc a chur le scéal agus scéal a chur le radharc.

Ach ní raibh tuairim agam nuair a thóg mé iad ar Chuaille cúpla seachtain ó shin cad go díreach a bhí ann seachas radharc ar Dhún Dealgan agus Cuaille.
Buíochas le taifeadadh de clár ó RTÉ a chonaic mé aréir bhí seans agam logainmneacha ó scéal na Tána a chur ar na radhairc.
Beidh an clár fós le feiceáil ar sheinnteoir RTÉ; Ó Bhéal go Béal. Mholfainn an clár go mór. Agus mholfainn siúlóid ar shléibhte Chuaille níos mó, ní mholann na grianghraif seo -a bhí tógtha ar fhón póca- na radhairc.

Tá cur síos iontach ann le Dermot Somers faoi na háiteanna a bhaineann le scéal Táin Bó Cuaille.
Caithfidh mé a dhul ar ais arís leis an eolas agus tuiscint nua seo a thug Ó Somacháin dom aréir.
Tá pléisiúr sa bhreis le baint astu anois.

Mar a mhíníonn Somers sa chlár, tá scéal na Tána leagtha amach sna radhairc seo:


Is ón treo seo a tháinig Arm Mhéabha nuair a bhí Cuaille á ionsaí acu agus iad ar thóir an Tairbh Cuaille.
Tháinig siad trasna Cuan Dhún Dealgan ag Áth Leathan (sin an t-inbhear atá le feiscint thuas) chun Cú Chulainn ar Mhá Muirtheimhne. a sheachaint.

Agus iad ag éalú leis an Tarbh Donn ón ghleann atá thuas sna cnoic bhí Cú Chulainn ag caitheamh clocha orthu de ló is d'oíche ón chnoc beag sin atá le feiceáil i lár an ghrianghraif.


Bhí an Tarbh Donn i bhfolach ag Dáire mac Fiachna roimhe sin ar ndóigh, agus tá an dún inar cuireadh an Donn Cuaille le feiscint thuas.
(Tugann Somers "Lios an tSeagaill" air)
Tá an ceart aige freisin, áit iargúlta atá ann. Áit fhoirfe le duais luachmhar a chlúdach in aghaidh saint gan srian Bhanríon Chonnacht.


Má Muirtheimhne.


Carn an Mhadaidh.
Tá Bran, cú seilge Fhinn mhic Chumhaill curtha anseo.

3 comments:

Mise Áine said...

Is deas an rud radharc a chur le scéal - go raibh maith agat, a Dhubhaltaigh.

Dennis King said...

Clár álainn. Bhain mé an-sult as. GRMA as an nasc!

Dubhaltach said...

Clár iontach go deimhin. Níl Somers ar an teilifís a dhóthain, bíonn níos mó uaim i gcónaí.

Bhí clár thar a bheith suimiúil aige cúpla bliain ó shin, "An Bealach Ó Dheas" a bhí air, agus sa chlár rinne sé an turas ó Chionn Mhálanna go Carn Uí Néid ag déanamh cur síos ar na scéalta a bhaineann leis na sléibhte. Bhí sé ar fheabhas.