Dé Máirt, Aibreán 13, 2010

M2010.04.10

Níl srian le haineolas na heaglaise, níl srian le hamaideacht an eagrais seo atá ar a dhé deiridh. Níl srian leis an olc atá san eagras seo. Mar is olc agus olc amháin atá lasmuigh den ráiteas thuas ó státrúnaí na Vatacáine. Gríosú chun fuatha atá ann, ag dream draoithe atá ag iarraidh freagracht a sheachaint!
Tá an t-eagras saibhir uilechumhachtach truaillithe seo chomh scartha amach ó theagasc an réabhlóidí Giúdach a mhaíonn siad go bhfuilid á leanúint nach bhfeicim aon bhealach ar ais ón suaitheadh seo dóibh.

Luífeadh sé leis an gciall chéanna le rá go bhfuil heitrighnéasacht bainteach le péidifilia!
Is cuma faoi ghnéas an íobartaigh don phéidifileach, mar atá a fhios againne go maith óna cásanna in Éirinn.
Más rud é go raibh níos mó buachaillí éignithe ag na cléir go domhanda ciallaíonn sé sin go raibh teacht acu ar bhuachaillí níos minice agus níos éasca ná cailíní.

Go n-éirí leat Richard Dawkins.

18 comments:

aonghus said...

Aontaím leat go raibh an ráiteas místuama. Tá an cheist ró chasta agus ró íogair le bheith ag plé le fuaimghreimeanna mar seo.

Tá deacracht ann, sa mhéid is go luaitear - go mí chruinn - pedofilia le gach caidreamh gnéis idir duine fásta agus leanbh. Agus neamhaird á dhéanamh ar toil nó easpa tola.

Mar sin féin, léiríonn an eolaíocht go mbíonn caidreamh gnéis idir fir, ina bhfuil difir aoise ann, níos fairsinge ná caidrimh heitreaghnéasach.

Ag deireadh an lae, is cuma cén bealach a imritear amach mí úsáid cumhachta, caithfear deireadh a chuir leis. An t-imní is mó atá ormsa ná go bhfuil an caint ar fad faoin eaglais (áit a bhfuil an fadhb nach mór leigheasta - is cásanna stairiúla iad na cinn atá ag tarraingt an chaint) ag tógáil áird ón bhfadhb - go bhfuil mí úsáid fós ar siúl in suíomhanna eile, go príomha, mar a léirigh SAVI anseo, san teaghlach. Agus i leithéidí Swim Ireland, abair. Ní chreidim go bhfuil gach eagraíocht spóirt nó óige eile saor ó seo. Ná gach scoil cónaithe, abair...

Tá an fuinneamh ar fad a dhíriú ar an Eaglais, ach níl aon bhaint aige le cosaint leanaí.

aonghus said...

Maidir le Dawkins, níl ansin ach bolscaireacht dó féin.

(Dála an scéil, an tusa a chuir an fotha Twitter ar bun? An smaoineamh. Conas?)

ormondo said...

An féidir leat i ndáiríre, a Dhubhaltaigh, a chara, an Pápa a shamhlú agus é i mbraighdeanas i Wormwood Scrubs - agus Richard Dawkins ag tabhairt cuairt air, an Daily Mirror agus Fig Rolls ina ghlac aige mar bhronntanas don phriosúnach?

Dubhaltach said...

"Maidir le Dawkins, níl ansin ach bolscaireacht dó féin"

Níl aon bholscaireacht ag teastáil ag Dawkins féin!
Feictear domsa gur bholscaireacht atá ann faoi fhaillí Bhenedict i leith mí-úsáid leanaí.

"Dála an scéil, an tusa a chuir an fotha Twitter ar bun? An smaoineamh. Conas?"

An-smaoineamh atá ann go cinnte ach níl a fhios agamsa cé atá freagrach as!

Dubhaltach said...

@ ormondo.

Ní féidir ach is greannmhar an íomhá a chuir tú i mo cheann! :)
Ní bheinn ag súil go dtiocfadh aon rud as beart Dawkins sa chaoi chéanna nach mbeinn ag súil go seasfaidh Brian Lenihan agus Brian Cowen os comhair an dlí as ucht an choir atá Anglo Irish.

Bhí, tá agus beidh dlí eile don bhunaíocht i gcónaí, nó go fada agus atá córas bunaithe ar aicme againn!

Dubhaltach said...

"Mar sin féin, léiríonn an eolaíocht go mbíonn caidreamh gnéis idir fir, ina bhfuil difir aoise ann, níos fairsinge ná caidrimh heitreaghnéasach"

Is olc an mhaise dhuit a leithéid de staitisticí a lua fiú!
Is cuma sa sioc má bhíonn difear aoise idir leannáin, bídís díreach nó aerach, ní bhaineann sé le hábhar ar chor ar bith.

Is éard atá i gceist anseo ná péidifilia, is cuma faoi ghnéas an linbh don phéidifileach.

"An t-imní is mó atá ormsa ná go bhfuil an caint ar fad faoin eaglais ag tógáil áird ón bhfadhb"

Ná bíodh imní ortsa. Tá sé fós in aghaidh an dlí agus tuigeann an pobal go bhfuil a leithéid d'uafás ag tarlú in áiteanna eile lasmuigh den eaglais.

"Agus i leithéidí Swim Ireland, abair. Ní chreidim go bhfuil gach eagraíocht spóirt nó óige eile saor ó seo. Ná gach scoil cónaithe, abair..."

Agus treoraíonn sé seo muidne go dtí bun na faidhbe. Ní raibh Swin Ireland, mar shampla, ag iarraidh, ar feadh na mblianta, éigniú leanaí a chur faoi cheilt agus clú an eagrais a chosaint. Ní raibh an t-eagras ón bhun go barr ar eolas faoi mhí-úsáid ón phríomhfheidhmeannach go dtí an gnáth-oibrí.
Ní raibh Swin Ireland ag bogadh péidifileach timpeall na tíre in iarracht an fhadhb a réiteach.

Bhí an eaglais Chaitliceach ag déanamh amhlaidh.

aonghus said...

I gcead duit, rinne Swim Ireland díreach an rud céanna a rinne an Eaglais, ar scála níos lú toisc gurbh eagraíocht níos lú iad.
Féach anseo: http://www.oneinfour.org/news/news2005/murky/

Agus i gcead duit freisin, feictear domhsa go bhfuil mícothramaíocht mór aoise abhárach in aon chaidreamh, go hairithe más duine faoi aois duine den lanúin.

Ach nach mbaineann sé le hábahr anseo. Bhí sé ceart ar Bertone diriú ar an bhfianaise maidir le haontumha agus pedifilia, agus nach bhfuil nasc ann ó thaobh na heolaíochta. Bhí sé míchruinn homaighnéasachas a tharraingt isteach sa scéal, toisc gur foréigean agus ní collaíocht atá i gceist.

Agus níl i Dawkins ach bolscaire sotalach a chreideann go bhfuil seisean níos foirfe ná an chuid eile den chine.

Dubhaltach said...

"Agus i gcead duit freisin, feictear domhsa go bhfuil mícothramaíocht mór aoise abhárach in aon chaidreamh, go hairithe más duine faoi aois duine den lanúin."

Tá tú ag caint faoi "éigniú reachtúil" anois! Ní hionann sin agus difir in aois idir leannáin....

"Bhí sé ceart ar Bertone diriú ar an bhfianaise maidir le haontumha agus pedifilia, agus nach bhfuil nasc ann ó thaobh na heolaíochta."

An bhfuil tú ag maíomh go dtagann tú le Bertone faoi phéidifilia agus daoine aeracha?

aonghus said...

Léigh an rud a scríobh mé, maith an fear.

Dubhaltach said...

Mo leithscéal! Ceart agat, níor léigh mé i gceart é.. ;)

aonghus said...

Leithscéal glactha le fonn. Bím féin ciontach san rud céanna. Ábhar í seo a chuireann an fuil ag coipeadh ionann uilig, agus tá sé éasca a rud a cheap duine a bheith scríofa/ráite a léamh/chlos seachas an bun rud!

Fearn said...

Ar léigh duine agaibh an tuairisc ag Reuters?
Tá an Cairdinéal ag athfhriotail daoine eile ( gan ainm).
A Dhubhaltiagh, pleoid ort agus "iarraim cúis" agat reachtáil i dtaobh olc na hEaglaise. Ní gnáth duit imeacht ón fhianaise, ach sa gcás seo, ní léir dom fianaise.

Dubhaltach said...

@ Fearn
"Tá an Cairdinéal ag athfhriotail daoine eile ( gan ainm)"

Nuair a rinne sé athfhriotail ar an duine a dúirt leis gur homaighnéasacht a ba chionsiocair le péidifilia bhí sé ag glacadh an tuairim sin mar a thuairim féin. Agus mar státrúnaí na Vatacáine bhí sé ag tabhairt le fios go gcreideann siad amhlaidh.

Fearn said...

@Dubhaltach.

Má deir bean go dúirt bean liom go dúirt bean lei tá sí ag cur is ag cúiteamh.

Ní cuí an teachtaire a bhuaileadh cionn is an teachtaireacht atá aige míbhinn.

Níl athrú polasaí i dtreis anseo.

Níl Bertone ag labhairt ex cathedra.

Tá cead aighnis aige.

Ní shílim gur chomhartha oilc aige a sheanmóir

Dubhaltach said...

Feicim féin olc, agus aineolas.

Olc sa mhéid is go bhfuil sé toilteanach milleán na mí-úsáide a ligean ar ghualainn chlaonadh gnéasach nach dtagann le rialacha na heaglaise. Tá a fhios aige go mbeidh tionchar ar dhaoine de bharr rudaí a deir sé. Geallaim duit go bhfuil daoine aeracha ag siúl thart inniu i dtíortha timpeall an domhain agus eagla orthu go mbeadh daoine aineolacha ag creidiúint seafóid na heaglaise ar an ábhar seo.

Feicim aineolas sa mhéid is nach bhfuil aon bhunús leis an méid a dúirt sé, is cuma cibé amadán sa Vatacáin a bhí á rá, bhí sé toilteanach an t-eolas seo a úsáid go poiblí.

Creidfidh na milliúin timpeall an domhain an tseafóid ag teacht as a ghob agus beidh ceap milleáin bhreá aige a shábhálfadh an Eaglais ó aghaidh a thabhairt ar a bhfadhbanna féin faoi cén fáth go bhfuil chomh mór phéidifileach ina measc.

"Ní cuí an teachtaire a bhuaileadh cionn is an teachtaireacht atá aige míbhinn."

Tá sé ag feidhmiú mar státrúnaí na Vatacáine ag preasócáid! Níl aon ghnáth-chomhrá é seo idir chairde faoi cad a chuala siad bean éigin a rá!

Tá cead aighnis ag cách. Ach, arís tá freagracht aige. Freagracht atá sé ró-dhúr le tuiscint.

Fearn said...

Bhal, glacaim go bhfeiceann tú olc agus aineolas. Ní mór dom é sin.

Mar fhocal scoir, más cead dom, molaim duit bheith le údar an oilc.

Dubhaltach said...

An gceapann tusa féin go raibh sé amaideach fiú?

Fearn said...

Dúirt Flaubert nach sonas go leithleas, sláinte agus amadántacht.

Níl fhios agam an bhfuil an Cairdinéal adaí sona nó nach bhfuil.

Ar amhránaí an tsaoil, ní mheánn mo bharúil brobh