Déardaoin, Aibreán 15, 2010

M2010.04.13

(Íomhá ó NASA)

Sílim gur mhaith le Nuacht Sky agus Nuacht BBC araon dá mbeadh catastróf ollmhór ann ionas go mbeidís in ann an nuacht a líonadh le seafóid faoin gcatastróf ar feadh 24 uair a chloig.

Táim ag ceapadh faoi seo toisc go bhfuilim ag baint an-sult go deo as ag amharc orthu anocht maidir leis an scamall luaithreamháin ón bholcán san Íoslainn. (Eyjafjallajökull .i. Éaibhelúig .i. Oileán-sliabh an Oighearshrutha)

Cúpla nóiméad ó shin bhí nuachtmhír acu laistigh de chábáin an phíolóta a úsáidtear le haghaidh traenála ag taispeáint cad a tharlódh dá n-eitleodh eitleán isteach i scamall luaithreamháin. Bhí sé scanrúil dar leis an tuairisceoir!

Cúpla nóiméad roimhe sin bhí nuachtmhír ar nuachtBBC ó aerfort éigin in áit éigin ag cur ceisteanna ar dhuine éigin i stiúideo éigin i leith staid reatha an scamaill. Bhí sí ag labhairt amhail is go raibh scamall uafáis ag teacht inár dtreo, cosúil le scamall nó ceo éigin i leabhar Stephen King!

Ach seafóid an BBC agus Sky i leataoibh tá an baol ann go gcuirfidh an bolcán seo as go mór dúinn sna laethanta, agus seachtainí, amach romhainn. Ag brath ar treo na gaoithe agus fad an bhrúchta ar ndóigh.

Faoin Satharn beidh an ghaoth ag teach go láidir inár dtreo go díreach ó shuíomh an bholcáin. Agus leanfaidh an ghaoth ag teacht sa treo sin go dtí De Luain ar a laghad:

(Íomhá ó Magicseaweed.com)

No comments: