Dé Máirt, Eanáir 26, 2010

M2010.01.11



Cuid de "Faoídh cluig do-chúala a nDruim Dheirg" ó Duanaire Finn:
(Tá Droim Dearg i gcontae an Longfoirt agus i Liatroim; in Aontroim agus i gCorcaigh; i Luimneach agus i nDoire; sa Chabhán agus in Ard Mhacha; i bhFear Manach agus i dTír Eoghain)

Dá gcluinfeadh Garbh Doire dian
faí chloig sa chill seo siar
do rachadh go grod isteach
do bhrisfeadh clog na gcléireach.

Dá gcluinfeadh Fionn na Féinní
faí do chloigín a chléirigh
do rachadh id' cheann gan acht
is ní ligfeadh uait imeacht.

Dá gcluinfeadh Conán na bhFiann
faí an chloig chugam aniar
cléirigh an tsaoil a bheith ann
bheidís uile gan anam.

Dá gcluinfeadh Caoilte croí
fear nár dhiúltaigh an-chogaí
do rachadh isteach gan ghaoí (ga,gae,gaí)
is do bhrisfeadh bhur gcloigíní.

Ochón is crá le mo chroí
scaradh le learg Maonmhaí
is leis na laochra fial sin
le m'Fhiann is dea-fhilí.

Is mé Oisín dea-mhac Finn
creidim Dia thuas a Thailginn
táim anocht gan Fhiann gan mhaoin
is pian liom faí an chloigín.


Mo léan is olc le mo chluas
a bhfuil sa bhfíseán ait thuas
dá olc glór na gcloigíní
pianmhar giotáir éiníní.

2 comments:

Dennis King said...

Meas tú an mbeifeá níos sásta dá mbeadh giotár fuaimiúil acu?

Dála an scéil, tá seanchas ag na Moslamaigh a deir gurbh fhuath le Muhammad cloig. Baintear úsáid as guth an muezzin in ionad faí an chloig le hamanna na húrnaí a fhogairt dá bhrí sin.

Smaoineamh eile: Ní dóigh liom go mbeadh Fionn aon phioc níos sásta le gairmeacha na bhfón póca inniu!

Dubhaltach said...

Measaim go mbeinn, leis an bhfírinne a rá!
Bheadh sé níos spéisiúla agus ealaíonta dá mbeadh cruth éigin de cheol ann.

Sin spéisiúil faoi na muaisiní (focal buíochas le focal.ie).
Táim i mo chónaí go díreach in aice le séipéal anseo, agus bíonn faí an chloig le cloisteáil chuile uair san iarnóin. Sílim freisin gur chuala mé le linn na hoíche é.
Ar aon nós b'fhearr liomsa an fhaí sin ná glór duine ag canadh ag a 5 a chloig ar maidin!.

Maidir le gairmeacha na bhfón póca, déarfainn go mbeadh an crazy frog ar bharr an liosta de ghairmeacha nach dtaitníonn leis.
http://www.crazy-frog.us/