Dé hAoine, Eanáir 22, 2010

M2010.01.09

(Íomhá ó wiki)

An dara lá fichead de mhí Eanáir, bliain ár dTiarna Íosa Chríost 2010.

Is ar an lá seo 378 bliain ó shin i gcoinbhint in aice le Drobhaois thosaigh Mícheál Ó Cléirigh as Tír Chonaill, Fearfeasa Ó Maoil Chonaire as Baile Uí Mhaoil Chonaire i Ros Comáin, Cúchoigríche Ó Cléirigh as Tír Chonaill agus Cúchoigríche Ó Diubhgeannáin as Baile Choille Foghar i gContae Liatroma, thosaigh siad i mbun oibre ar an ollsaothar de stair na tíre .i. Annála Ríocht na hÉireann, faoi phatrún Thiarna Mhá Uí Ghadhra agus Chúl Ó bhFinn i gContae Shligigh .i. Fearghal Ó Gadhra.
"dochum glóire Dé agus onóra na hÉireann" a thosaigh siad i mbun oibre

"An dara lá fichead de mhí Eanáir anno Domini 1632 a tionscnaíodh an leabhar seo i gcoinbhint Dhún na nGall, agus críochnaíodh sa choinbhint chéanna an deichiú lá de Lúnasa, 1636."

6 comments:

aonghus said...

Clochmhíle, cinnte. Maith thú as é a mheabhrú dúinn.

Dubhaltach said...

Bheadh an dáta dearmadta agam murach "Manuail de Litríocht na Gaeilge III"

Cailliomachas said...

Ábhar ceiliúrtha go cinnte.

Mise Áine said...

Éacht oibre, gan dabht.

aonghus said...

Manuail de Litríocht na Gaeilge

Éacht oibre eile!

Dennis King said...

Ní gan chúis a thugtar “Na Ceithre Máistrí” orthu. GRMA as an gcloch seo ar a gcarn!