Dé Luain, Eanáir 04, 2010

M2010.01.01

Ba bhreá liom mo chéad bhlagmhír don bhliain úr a bheith dóchasach agus lán misnigh don bhliain atá romhainn.
Ach ní fhéadfainn a bheith amhlaidh, mo léan.
Ní fhéadfainn nuair a fheicim mo chairde ag fágáil na tíre go drogallach toisc nach bhfuil an dara rogha fágtha acu, agus na mílte Éireannach óga á leanúint. Líon Gael a bheas ag méadú go tréan sna míonna atá romham go cinnte. Tá eisimirce ar ais gan aon agó. Ceanada nó An Astráil na tíortha is airde ar an liosta.

Níl mo chúinse féin agus cúinse mo chomhghleacaithe mórán níos fearr, gan mórán oibre fágtha againn agus faic na ngrást ag teacht inár dtreo a thuilleadh.
Is dochreidte an méid comhlachtaí atá ag dul i dtreo dócmhainneachta. Bhí thart ar 1,406 acu i 2009 amháin, sin dhá oiread níos mó comhlachtaí atá dócmhainneach i gcomparáid le 2007 agus 2008 curtha le chéile! Agus sin in ainneoin na gciorruithe pá a cuireadh i bhfeidhm gan trócaire. Is ionann is cinnte go dtiocfaidh a thuilleadh dá leithéidí i mbliana.

Tá an ghéarchéim airgeadais seo linn ar feadh 18 mí go dtí seo agus níl aon ní athruithe ó thaobh polasaithe eacnamaíochta de nó spreagthaí eacnamaíochta nua molta, seachas go bhfuil sé i gceist ag an Aire Airgeadais €54 billiún a thabhairt do scairshealbhóirí agus sealbhóirí bannaí sna bainc gan mhaith!
Tá fiach na tíre ag rith ag timpeall €100 billiún faoi láthair, nó níos mó fiú. Agus sin sula gcuirtear an €54 billiún ar an liosta....

...stopfaidh mé ansin.

Táthar ann, ar an domhan seo, a chreideann i rud éigin a gcuireann daoine áirithe "An Rún" air. Oibríonn sé ar an bprionsabal má shamhlaím faoi rud atá uaim d'fhíoródh sé i mo shaol.

Bheadh muide go léir níos fearr as ag brionglóideach faoi rudaí áiféiseacha nach bhfuil ann ach atá uainn mar náisiún in áit a bheith ag súil le ceannaireacht ón rialtas seo.

3 comments:

Dennis King said...

Ceanada nó An Astráil Glas agus fuar nó tirim agus te. Hmmm... Cé acu ceann a bhfuil an geilleagar is láidre aige i láthair na huaire?

Dubhaltach said...

Ceanada de réir dealraimh! Agus sin rogha na coitianta i measc Éireannach ag lorg oibre seachas bliain ar siúl ó mbaile.

Dubhaltach said...

Bhíos mícheart thuas, tá an Astráil níos láidre go heacnamúil faoi láthair. Ní raibh cúlú i ngeilleagar s'acusan ar chor ar bith, agus tá fás tapaidh le feiceáil ann, leis.