Dé Luain, Meán Fómhair 28, 2009

M2009.09.24

Idir Michael Ó Laoghaire agus Declan Mag Sheanlaoich níl a fhios agam cé acu is measa, ach táim lán cinnte go bhfuil na díospóireachtaí timpeall Chonradh Liospóin níos measa ar aon chaoi dá bharr na beirte.
Táid beirt ag fáil níos mó poiblíochta ná éinne eile san fheachtas seo. N'fheadar an luíonn an locht sin leis na meáin nó le muintir na tíre?

Tá póstaeir Libertas níos measa -más féidir- ná na cinn curtha suas ag Fianna Fáil agus Fianna Gael .i. na cinn ag maíomh go mbeidh postanna ar fáil do chách agus go mbeadh ár mná níos sábháilte le Conradh Liospóin daingnithe srl.

Seo thíos ceann Libertas. In ainm Chroim ach cad sa foc atá i gceist leis an seafóid seo:



Is dóigh go bhfuil súile glas aici toisc gur rud Éireannach é sin! Tá ionadh orm nach bhfuil pionta pórtar ina lámh agus hata mór glasuaithne ar a cloigeann.
Tá ceann eile ann le cailín ag caoineadh agus deireann sé "Daonlathas na hEorpa 1945-2009?"
Dia idir sinn agus a leithéid de bhuinneach!

Tá a fhios ag cách go bhfuil Ó Laoghaire sa rás (i dteannta le Intel) i gcomhair cúiseanna leithleasacha seachas ar son na tíre, a háit san Aontas nó cearta na n-oibrithe i gcoitinne.
Ach bhí sé amaideach a dhóthain é sin a mhíniú ar TV3 aréir, maith an fear:
"Breathnaigh, tá m'fheachtas le haghaidh vótáil Tá.....á.... ceann de na fáthanna atá mé i mbun feachtais i gcomhair vótáil Tá is ea go bhfuil an rialtas neamhinniúil, ach fós caithfidh mé a chur ina luí orthu Aer Lingus a dhíol dom"

2 comments:

Dennis King said...

Céard a dúradh leis an gcréatúr leis an dreach sin a bhaint aisti don ghrianghrafadóir? Go raibh a peata coinín go dona tinn?

Dubhaltach said...

Sin é, tá scian ghéar á choinneáil do scornach a coinín thaobh thiar den gceamara.

Is áiféiseach an póstaer é.