Dé hAoine, Meán Fómhair 04, 2009

M2009.09.07


Taispeánann na Danmhargaigh an bealach chun tosaigh. Agus an bealach sin sa bhfarraige amuigh

Thuas tá grianghraf d'fheirm gaoithe Horns Rev atá lonnaithe 14-20km sa Mhuir Thuaidh. Feirm a d'fhéadfadh 160 MW a sholáthair agus é faoi lánseol.

Níl le déanamh againn ach an plean seo a leanúint. Tá sé chomh simplí leis sin. Faraor dúinn ní léir go bhfuil an toil pholaitíochta ann, fiú agus na Glasaigh i gcumhacht, agus ní thuigeann na hamadáin eile "dul chun cinn eacnamaíochta" mura bhfuil tú ag caint faoi tithe saoire, árasáin bheaga agus an margadh tithíochta i gcoitinne. NAMA mar shampla!

Bheadh ciall éigin ag baint le faoiseamh cánach láidir d'fheirmeacha gaoithe atá suite sa bhfarraige amuigh. Tá infheistíocht mhór le mealladh sa tionscal seo.

Seo a leanas alt (botúin Gaeilge san áireamh) ó Nuacht24 3ú lá de mhí Iúil.

Is fada uainn anois ó bhí cúrsaí timpeallachta an chloch is mó ar phaidrín na n-éiclaochra (eco-warrior) amháin, sa lá atá inniu ann is iad éiciphostanna an chéad fhuadar óir (nó glas mar a bhaisteadh air) eile do lucht gnó agus fiontair an domhain. De réir taighde déanta ag na Náisiúin Aontaithe chuaigh infheistíocht i bhfuinneamh in-athnuaite thar $148 billiún faoi dheireadh 2007. Mhéadaigh infheistíocht i bhfuinneamh glas ó fhoinsí ar nós gaoth, na gréine agus bithbhreoslaí trí huaire níos tapúla ná mar a thuar an Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP). "Sa chaoi chéanna a mhealladh na mílte chun California agus na Klondike go déanach sna 1800, tá an fuadar fuinnimh ghlas óir ag mealladh na léigiún de sirtheoirí nua-aimseartha ar gach carn den domhan" a dúirt Achim Steiner, ceannasaí UNEP. Faoi láthair tá fuinneamh in-athnuaite an earnáil is láidre sa domhan ó thaobh gníomhaíocht infheistíochta de. In ainneoin an chúlaithe domhanda agus an ghéarchéim airgeadais tá infheistíocht suas ón dara ceathrú i 2008. Bhí caipiteal fiontair agus gnáthscair príobháideach d'fhuinneamh glas suas 34% ar 2007.

Tá an fhadhb atá romhainn maidir le fuinneamh an-shoiléir do rialtais timpeall an domhain. Fiú mura bhfuil athrú aeráide ag dó na geirbe acusan i ndáiríre, tuigeann sé go maith cad is áirithiú fuinnimh ann agus an gá le fuinneamh iontaofa sa todhchaí ós rud é nach bhfuil buaic-táirgeacht ola i bhfad uainn a thuilleadh. Dá bharr seo tá fuinneamh glas in-athnuaite dosheachanta agus tábhachtach do gach tír sa domhan agus an fhíric seo ag mealladh an-tallann, a lán caipitil, teicneolaíochta agus an taighde is nuaí. Creideann UNEP go bhfuil athrú bunúsach d'infreastruchtúr fuinneamh an domhain ag tarlú, go háirithe leis an infheistíocht is mó ag teacht as an Eoraip, agus ansin SAM, an tSín, an Ind agus an Bhrasaíl ag teacht ina ndiaidh.
Tuairimíonn na Náisiúin Aontaithe go mbeidh ar a laghad 4.7 trilliún dollair á infheistiú san earnáil seo roimh 2020. Leis an méid sin infheistíochta á thuar ní iontas é go bhfuil an earnáil seo ag mealladh chomh mór spéis ón lucht gnó.

An tseachtain seo d'eisigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) foramharc ar a clár "Strive" – eolaíocht, teicneolaíocht, taighde agus nuálaíocht don timpeallacht . Seo clár a bhaineann le 18 tionscadal comhshaoil á ndéanamh in ollscoileanna Éireannacha agus a thugann réiteach d'fhadhbanna timpeallachta. Tá cumas tráchtála ag gach paitinn nó comhlacht ag eascairt as na tionscadail seo agus taispeánann sé an t-aisíoc a fhaigheann comhlacht nó tír má chuirtear infheistíocht i dtaighde do réitigh ar fhadhbanna comhshaoil. "Tá taighdeoirí agus gnóthaí ag forbairt teicneolaíochtaí a thabharfar buntáistí timpeallachta agus ag feabhsú iomaíochais. Táimid muiníneach go gcuirfear dul chun cinn san earnáil seo Éire chun tosaigh i margadh ilnáisiúnta atá ag fás go rábach" a deir Dochtúir Mary Kelly ard-stiúrthóir an EPA. Bunaithe ar thaighde an EPA fuarthas nach gcostálann sé ach €1 milliún ó Chiste Taighde an EPA paitinn nua amháin a chruthú in Éirinn. Cuir sin i gcomparáid le suirbhé ó SAM agus an Eoraip a dtuairiscíonn go mbíonn $4.1 milliún ag teastáil le paitinn amháin a chruthú sna stáit, agus $8.7 milliún san Eoraip.

Más mian le hÉirinn a coimitmintí faoi phrótacal Kiótó a chomhlíonadh, muid féin a tharraing as an ngéarchéim eacnamaíochta agus geilleagar inbhuanaithe a fhorbairt ní mór don rialtas tacaíocht láidir a a thabhairt do smaointí cosúil leis na pleananna á gcur chun tosaigh ag fiontraí amhail Graham O’Donnell agus a ghrúpa Spirit of Ireland. Tá an dream seo ag beartú gur chóir ár n-acmhainní nádúrtha a úsáid chun na mílte post a chruthú agus leibhéal éigin de neamhspleáchas fuinnimh a bhaint amach dúinn féin. Ach sula bhféadfaimis é sin a dhéanamh caithfidh muid infheistiú in eangach ardvoltas ar leith san iarthar ionas go bhféadfadh an cumas nádúrtha seo a úsáid (idir chóras taisce pumpála agus muilte gaoithe). Seo an sórt tionsclaíocht inbhuanaithe a chinnfidh áit na tíre seo ar an ardán domhanda mar cheannródaí fuinnimh, agus meallfaidh sciar maith den infheistíocht mhór sin dá réir.

No comments: