Dé Luain, Meán Fómhair 07, 2009

M2009.09.08

Rabhadh: Seo a leanas blagmhír ar NAMA. Idir NAMA agus Conradh Liospóin ní haon iontas go bhfuil muintir na tíre trína chéile ar fad.

Agus seo an chaoi a ndéantar é

Ar an gceist sin, seo thíos an t-alt a bhí le feiceáil i Nuacht24 4ú lá den mhí seo.
Agus thugas faoi deara botún a rinne mé! Ó an náire! In áit "drochbhanc" ba chóir go mbeadh "banc maith" ann maidir le plean Fhine Gael. Botún bunúsach uafásach.


---------------

Ba chóir go mbeadh a fhios agat láithreach bonn go bhfuil tú ag dul amú ar d'fhiontar airgeadais nuair atá saineolaithe airgeadais agus eacnamaíochta den eite chlé, den dhearg-eite dheis agus den lár ar aon intinn le chéile gur fiontar lochtach amach is amach atá á bheartú agat. A mhalairt a bhí a fhios ag Airí Rialtas de réir dealraimh, fiú an iar-Thoiseach Fine Gaelach Garret Fitzgerald a chur a ladar isteach sa scéal ag moladh do dhaoine gan a bheith ag ceistiú seasamh an rialtais ar an ábhar ar eagla go gcuirfeadh scanradh ar lucht an mhargaidh idirnáisiúnta.
Thosaigh inneall bolscaireachta an rialtais go glórach i ndiaidh a laethanta saoire go deimhin, agus bhí an teachtaireacht chéanna le cloisteáil ó gach ceann dá n-argóintí ar son NAMA mar atá sé beartaithe ag an Roinn Airgeadais, sé sin, "níl aon rogha eile againn", "níl a mhalairt plean le fáil" "An t-aon chluiche ar an mbaile" srl.

I dteannta leis an mbolscaireacht bhréagach sheafóideach nach bhfuil aon rogha eile againn tá iarracht chomhfhiosach á déanamh le cur ina luí ar dhaoine go bhfuil na 46 eacnamaí agus saineolaí airgeadais a shínigh an t-alt ag ceistiú NAMA san Irish Times an tseachtain seo caite míchruinn agus mí-ionraic ina n-argóintí. Tá muid ag feiceáil anois go bhfuil na polaiteoirí ar ais óna saoire agus an t-inneall bolscaireachta faoi lánseol gur bhog an díospóireacht ar NAMA amach ó dhioscúrsa eacnamaíochta mar ba chóir an cheist seo a phlé, go dioscúrsa polaitíochta.

Aon saoránach/cháiníocóir in Éirinn a chreideann gur chóir NAMA a chur i bhfeidhm déarfainn go neamhbhalbh nach dtuigeann an saoránach/cáiníocóir sin cad is NAMA ann ar chor ar bith. Aon saoránach nach gceistíonn beart an rialtais agus a ghlacann leis go réidh, mar a mholann an Dochtúir Mac Gearalt, déarfainn go neamhbhalbh nach bhfuil an saoránach sin ag comhlíonadh a dhualgas daonlathach.
Mar sin ní mór na roghanna eile a mheas.

Seo iad a leanas mar achomaire:

(1) NAMA .i. Drochbhanc réadmhaoine an rialtais. Tógann an rialtas sócmhainní lofa ó na bainc ag praghas níos airde ná a luach reatha ar an dóchas go mbeadh praghsanna boilscithe ar réadmhaoin san fhadtéarma. Déantar roinnt athchaipitliú ar na bainc ach ní gá seilbh iomlán a thógáil toisc go bhfuil a dhóthain caipitil ag na bainc chéanna ó ró-íocaíocht na sócmhainní luaite. Tosaíonn an rialtas ag súil go dtosaítear na bainc ag iasachtú arís, agus go spreagtar boilgeog réadmhaoine nua amach anseo ionas go bhfaightear an stát a hairgead ar ais ón mbeart. Sa gcás áirithe seo ní fhaigheann an cáiníocóir aisíoc dá hinfheistíocht fhlaithiúil sna bainc mura bhfuil boilgeog réadmhaoine eile againn, agus má tharlaíonn sin tá muid ag rith timpeall an fháinne fhí áirithe seo go deo na ndeor.

(2) Náisiúnú na mBanc .i. Plean Pháirtí an Lucht Oibre. Fógraítear na bainc dócmhainneach (toisc go bhfuilid, mar shampla tá €24 billiún ag AIB i sócmhainní forbartha), mar sin níl aon chostas don cháiníocóir, bheadh sé ar an scairshealbhóir an titim a láimhseáil, agus an sealbhóir bannaí ag tógáil gnáthscair sa bhanc. Tógann an rialtas seilbh ar an mbanc, idir sócmhainní maithe agus olc. Cruthaítear drochbhanc leis na droch-sócmhainní a bhainistiú agus déantar athchaipitliú ar an mbanc maith le iasachtú a thosú. D'fhéadfaí an banc a dhíol amach anseo. Mar gheall ar an ráthaíocht a thug an rialtas do na bainc bheadh ceart ag sealbhóirí bannaí airgead a éileamh, go dtí Meán Fómhair 2010 nuair a chríochnaíonn an ráthaíocht sealadach.

(3) Banc Maith .i. Plean Fhine Gael. Cruthaítear banc maith nua ar an toirt .i. amárach, le hiasachtú a spreagadh agus fás in athuair a chothú sa gheilleagar go díreach. Ach ní dhéantar aon ní do na bainc phríobháideacha agus a sócmhainní lofa nó maithe go dtí Meán Fómhair 2010. Ansin cuirtear deireadh leis an ráthaíocht sealadach, tógann an rialtas sócmhainní na mbanc ar lámh idir mhaith agus olc. Cuirtear na sócmhainní atá ag oibriú isteach sa bhanc maith agus fágtar na sócmhainní lofa i lámha na scairshealbhóirí agus sealbhóirí bannaí le hoibriú amach dóibh féin. Sa gcás seo níl aon fhiach ar an gcáiníocóir nó ar a shliocht leis an gcóras a réiteach agus déantar infheistíocht go díreach isteach sa gheilleagar a chinnteodh go mbeadh an tír in áit níos fearr tairbhe cheart a bhaint amach as an bhfeabhsú sa gheilleagar domhanda.

(4) Áisíneacht amhail NAMA ach é a bheith i bpáirt le Náisiúnú .i. Plean An Ollaimh Patrick Honohan, An IMF agus na 46 eacnamaí agus saineolaí airgeadais (Karl Whelan srl). Ceannaíonn NAMA na sócmhainní ag a luach reatha réalaíoch, seo ag déanamh na bainc dócmhainneach agus scairshealbhóirí ag iompar caillteanas. I ngeall ar an mbeart seo ní mór don rialtas seilbh shealadach a thógáil ar na bainc, á náisiúnú. Déanann an áisíneacht nua um bhainistiú sócmhainní (sórt NAMA) iarracht an méid agus ab fhéidir a fháil do na sócmhainní thar thréimhse fhada ama. Ní bheadh aon tob-reic(Fire Sale) de réadmhaoine mar ba mhaith le giollaí an rialtais tú a chreidiúint. Sa gcás seo tá an cáiníocóir ag fáil luach dá chuid airgid, sé sin, tá gnáthscair sa bhanc aige anois as ucht sábháil na mbanc. Seo gnáthscair a sheasfaidh dó go fial nuair a chuirtear na bainc fholláin ar an mhargadh arís am éigin sa todhchaí.

(5) Go Tigh an Diabhail Leo .i. Plean David McWilliams, eacnamaithe a chreideann go tréan in eacnamaíocht an tsaormhargaidh agus daoine eile nach bhfeiceann aon chiall le sábháil na n-institiúidí bhanc truaillithe atá againn faoi láthair.
Sa bheart seo téann na bainc go Tigh an Dhrochdhuine. Ní cheannaítear a sócmhainní lofa a d'eascair as a gcuid spéacláireachta agus cearrbhachais le hairgead an cháiníocóra. Ní dhéantar athnuachan ar an ráthaíocht ar thaiscí sna bainc i 2010 agus tosaítear deireadh a chur leo de réir a chéile, idir an dá linn tagann bainc idirnáisiúnta nua isteach sa tír chun an bhearna seo a líonadh. Glantar an córas agus réitítear an fhadhb go deo!

No comments: