Dé Máirt, Feabhra 15, 2011

M2011.02.15

Míníonn Hossam, ina alt anseo, faoin ghá le stailc leanúnach an lucht oibre, anois go bhfuil na léirsithe críochnaithe ach go háirithe, chun spriocanna daonlathas na réabhlóide san Éigipt a bhaint amach.
"Caithfidh muid Tahrir a thógáil go dtí na monarchana anois. Tarlóidh deighilt aicmeach dosheachanta de réir mar a leanann an réabhlóid ar aghaidh. Caithfidh muid a bheith airdeallach. Tá eochracha saoirse don réigiún ina iomláine inár seilbh, ní don Éigipt amháin. Ar aghaidh linn, le réabhlóid bhuan a thabharfaidh cumhacht do mhuintir na tíre le daonlathas díreach ón bhun aníos."
Tá grianghraif agus físeáin ó roinnt de na stailceanna le feiceáil ar a bhlag.

Cuireann Slavoj cúpla ceist spéisiúil, agus roinneann sé léargas suimiúil, faoi chúrsaí thall ina alt féin sa nuachtán céanna, ón tseachtain seo caite.
Published with Blogger-droid v1.6.7

Dé Luain, Feabhra 14, 2011

M2011.02.14

Mo scór de réir shuíomh nua Michal

Níor bhain mé geit asamsa féin ar aon chaoi!

Chuir mo scór neamhiontach alt Uí Chathasaigh na seachtaine seo i gcuimhne dom, agus an dearcadh coitianta sna meáin, agus mar sin timpeall na tíre, "go bhfuil straitéis Shinn Féin lán míbhuntáistí".
Más "fánach airgead a choinneáil leis na bancanna neamhbheo" mar a deir Sinn Féin tá sé níos fánaí, leis, plé a dhéanamh ar Chlár Shinn Féin.
Ní de bharr na "míbhuntáistí" siúd faoi na margaí airgeadais, ach toisc go bhfuil an rás rite, agus ba léir go raibh sé rite ó lár na bliana seo caite: M2010.07.01
Beidh páiste coimeádach caipitleach eile de chlann "Pháirtí Pobail na hEorpa" i gceannas ar stát Eorpach eile i gceann coicíse. Le móramh fiú!

Ar aon nós, ar aghaidh leis an bplé fánach.

Tá an Cathasach ceart; ní thugann na margaí airgeadais iasachtaí ach do stáit a bhfuil beartais eacnamaíochta fábharach dóibh féin acu.
"Ní bheadh an stát in ann íoc as riaradh laethúil an stáit gan an IMF, óir níl na margaí toilteanach iasachtaí a thabhairt dúinn" mar a deir an mana coiteann inghlactha as na trí pháirtí mhóra atá ag cur eagla ar an vótálaí .
Agus mar sin cad is fiú bata is bóthair a thabhairt don IMF agus an Banc Ceannais Eorpach mura bhfuil na margaí toilteanach iasachtaí a thabhairt dúinn?

Bhuel, tá na margaí neamhthoilteanach iasachtaí a thabhairt dúinn mar gheall ar an IMF/BancCeannaisEorpach. Agus mar gheall ar bheartais an rialtas reatha agus an chinn le teacht fiacha príobháideacha na n-infheisteoirí ó na bainc Eorpacha a tharrtháil le hairgead an phobail Éireannaigh.
Ciallaíonn na beartais seo nach mbeidh an stát in ann na hiasachtaí a íoc ar ais .i. is ionann is cinnte go loicfidh an stát ar fhiacha na mbanc go léir má choinníonn muid orainn ag íoc as caillteanas lucht caipitil. Níl sé dár gcumas íoc astu.
I bhfocail eile: níl polasaithe eacnamaíochta an stáit fábharach do na hinfheisteoirí sa mhagadh. Níl aon breisluach le saothrú as pobal a bhfuil ar tí cliseadh de bharr fiachas príobháideach má thuigeann tú leat mé.

Tá beartas Shinn Féin glan agus cruinn ina anailís ar chaipitleachas. Agus sin an fáth a mbíonn comhaontú láidir ann idir dhaoine amhail Ó Dochartaigh agus Gurdgiev. Má dhéantar athstruchtúrú ar an
bhfiachas príobháideach seo, is é sin le rá má thugtar bata is bóthair do bheartais an IMF agus na sealbhóirí bannaí siúd a rinne geall ar bhainc phríobháideacha, seachnóidh loiceadh stáit ar an bhfiachas agus beidh seans níos fearr ag lucht caipitil sna margaí a bhrabús a shaothrú as saothair an lucht oibre sa tír seo i gceann cúpla bliain nuair a thagann feabhsú ar chúrsaí eacnamaíochta.

"Sea, sea, sea a Dhubhaltaigh a chara, ach tá sé i bhfad róluath dul ar ais chun na margaí, i gceann dhá bhliain abair!". "Níl muid réidh, fiú le fiachas na mbanc imithe ónár ndroim!"

"Bhuel a chara, is cuma má táimid réidh nó nach bhfuil; d'eisigh ár gcairde maithe maorlathach san Aontas Eorpach cáipéis (PDF) inné a deir linn go bhfuil muid ag dul ar ais chun na margaí i gceann bliana ar aon nós. Agus b'fhearr liomsa triall a bhaint as na margaí siúd gan fiachas na mbanc mar ualach le n-iompar againn más é do thoil é!"

Dé hAoine, Feabhra 11, 2011

M2011.02.13

Le deireadh ré Mhúbarack beidh na meáin bhuirgéiseach ag lorg, níos tréine ná riamh, "ceannaire" éigin na gluaiseachta.
Rud a bheadh go hiomlán dodhéanta a dhéanamh ós rud é gur gluaiseacht na ndaoine atá ann, gluaiseacht ón bhun aníos, mar ba chóir do réabhlóid cheart a bheith.
Is ceannaire gach ceann acu agus thaispeáin gach ceann acu ceannaireacht. Ní raibh aon mháistrí lasmuigh den réabhlóid seo, á stiúradh ar son a mianta polaitíochta agus eacnamaíochta.

Agus tá súil agam go dtagann na hÉigiptigh amach ar an taobh ceart den daonlathas, agus go mbeidh córas na gcomhairlí a bhunaigh siad curtha i bhfeidhm nuair a chuirtear críoch leis an réabhlóid.

Agus maidir le ceannaireacht agus ceannairí, dá mbeadh sé ormsa duine, as na milliúin acu, a roghnú le taispeáint mar ghuth ceannasaíochta na réabhlóide sílim go dtaispeánfainn an bhean seo:

M2011.02.12

Bhí sampla iontach aréir ar an "Late Debate" den chomhaontú láidir sin idir eacnamaithe, -go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta (buaiteoirí duaiseanna Nobel san áireamh)- agus polaiteoirí de gach claonadh idé-eolaíochta faoi cad ba chóir dúinn a dhéanamh le fiacha na sealbhóirí bannaí Gearmánacha, Francacha, Sasanacha etc sna bainc dhócmhainneacha.

Tá roinnt de le feiceáil ag 33 nóiméad 56 soicind ar aghaidh sa nasc thuas ina molann Doherty na cearrbhaigh idirnáisiúnta a "dhó".

Ní fhágann sé sin ach giollaí na maorlathach gaimbíneach sa Bhanc Ceannais Eorpach .i. Fáinne Fill, Fianna Gall agus Páirtí an Lucht Caipitil, ag rá anois nach féidir agus nár chóir amhlaidh a dhéanamh.
Ní raibh seans ar domhan ariamh go gcuirfinn mo vóta amú ar Fhianna Gael sa chéad dul síos, ag malartú tuídildom do tuídildí, agus thaispeáin Páirtí an Lucht Caipitil gur cuma leo faoi aon ní seachas mianta lucht caipitil san Eoraip.

Mar sin fágann sé sin Sinn Féin mar an t-aon pháirtí a dhéanfaidh athstruchtúrú "ar fhiachais bhainc, agus dófar na sealbhóirí bannaí sna bainc siúd atá dócmhainneach, lena n-áirítear Banc Angla-Éireannach. Cinnteoidh sé seo go gcaitear an cháin a bhailítear ar sheirbhísí poiblí Éireannacha – ní ar sheirbhísiú ná íoc an fhiachais a tabhaíodh trí na bainc a tharrtháil."

Tá mo ghuth-sa gnóthaithe acu ar aon chaoi.

Déardaoin, Feabhra 10, 2011

M2011.02.11

Rinne mé tagairt do Peter Hallward sa bhlagmhír seo maidir le gluaiseacht Lavalas i Háítí, agus an leabhar atá scríofa aige ar an ábhar mar gheall ar conas a cuireadh an ghluaiseacht shóisialach sin faoi chois ag fórsaí an Iarthair.

Tá alt spéisiúil aige sa Gardaíon inniu ag rá:
...Egypt's mobilisation will remain a revolution of world-historical significance because its actors have repeatedly demonstrated an extraordinary capacity to defy the bounds of political possibility, and to do this on the basis of their own enthusiasm and commitment. They have arranged mass protests in the absence of any formal organisation, and have sustained them in the face of murderous intimidation. In a single, decisive afternoon they overcame Mubarak's riot police and have since held their ground against his informers and thugs. They have resisted all attempts to misrepresent or criminalise their mobilisation. They have expanded their ranks to include millions of people from almost every sector of society. They have invented unprecedented forms of mass association and assembly, in which they can debate far-reaching questions about popular sovereignty, class polarisation and social justice...
Ba mhaith go mór liom téis s'aigesean a chreidiúint: go mbeidh iarmhairtí domhanda ag an réabhlóid seo níos láidre ná iarmhairtí 9/11.
Is cinnte go mbeidís níos dearfa ar aon chaoi. Agus is cinnte go mbeidh a gcur chuige ina eiseamláir mhaith do phobail na hEorpa, agus pobal na hÉireann ach go háirithe, a bheas ag feidhmiú mar sheirfigh dá máistrí caipitil go ceann cúpla glúin eile, ar a laghad.


Aguisín:
Beidh Mubarack ag seasamh síos ach beidh an tArm ag tógáil cumhachta! B'fhéidir!
Thaispeáin an lucht oibre a chuid cumhachta arís nuair a bhain siad a gcumas oibre ón gcóras.
Thit an deachtóireacht laistigh de cúpla lá nuair a dhein siad amhlaidh.
Beidh an cumhacht sin ag teastáil go tréan arís anois ina gcuid eagrú chun comhairlí na haicme oibre a bhunú agus ina gcur le chéile chun Stát Míleata, coilíneacht an Iarthair, a sheachaint.
An tuairisciú is fearr le feiceáil ar AlJazerra Beo mar is gnáth.

Dé Céadaoin, Feabhra 09, 2011

M2011.02.10

Tá an aicme oibre ag taispeáint a cuid cumhachta san Éigipt arís.
Tá liosta fada de na stailceanna á gcur suas ar Twitter ag Hossam el-Hamalawy (Tá físeán de ag caint faoi agóidíocht an lucht oibre san Éigipt le cúpla bliain anuas ar M2011.02.01), agus tá níos mó eolais le fáil ar an chlib #egyworkers

De réir dealraimh tá na héilimh chéanna acu is atá ag Réabhlóidithe Sóisialacha na hÉigipte .i. náisiúnú maoin, acmhainní agus meáin táirgeachta na tíre, comhairlí na haicme oibre a bhunú, chomhdháil na ndaoine go léir a reáchtáil agus imeacht láithreach de phuipéid-deachtóirí brúidiúlacha an Iarthair.

M2011.02.09


An bhfuil Gavin Titley gaolta le Alan Titley?
Nílim ag rá é seo toisc go bhfuil an sloinne céanna acu, nó toisc gur thug Ó hUiginn Alan air aréir, ach toisc go bhfuil an cuma chéanna orthu. I mo thuairim!

Agus mar chomhtharlú, cosúil leis an Titleach s'againne, gach uair a labhraíonn sé, nó a scríobhann sé, éistim agus léim le dúthracht. Ní féidir moladh níos fearr a fháil.

Is léachtóir é, sílim, le hOllscoil na hÉireann Maigh Nuad. Agus tá sé páirteach sa suíomh idirlín iontach #CrisisJam ar Politico.ie. Bíonn sé i mbun Tuítála don suíomh céanna. Agus glacann sé páirt sa chlár teilifíse Tonight with Vincent Browne.
De ghnáth bíonn a ról ar an chlár chun iniúchadh a dhéanamh ar dhearcadh agus laigí na meán cumarsáide maidir le cúrsaí reatha an lae.
Agus bíonn anailís spéisiúil le roinnt aige i gcónaí.
(I ndiaidh an bhuiséid dheireanach uafásach sin, roimh Nollaig, dhein sé ceap magaidh, go sciliúil deabhéasach, d'amaideacht agus gheáitsíocht bheirt "iriseoir" a bhí ar phainéal an chláir, agus iadsan an-tógtha leis, agus ag díriú go príomha ar, "cruth deas na culaithe" a bhí á chaitheamh ag an slíomadóir slíbhíneach fimíneach Fianna Fáileach agus an "taispeántas láidir ceannasaíocht" a thug sé! Ard-teilifís a bhí ann).

Bhí cúpla seoid le roinnt aige aréir ar seó Vincent (le feiceáil ag 13 nóiméad istigh): an chéad cheann is ea an míniú a thug sé d'fheachtas an ghaimbín Martin mar an polaiteoir atá "now prolier than thou"! :-)
Ag déanamh tagairt mhagúil do chraoladh toghcháin Mhartin, agus a chuid cainte sa díospóireacht aréir, ina bhfuil, agus a raibh, sé ag iarraidh athchruthú a dhéanamh air féin agus a ionannú le prólatáireacht na hÉireann!
Dochreidte.

An dara seoid uaidh (le feiceáil ag 26 nóiméad) ab ea an chaoi ar thug sé aird don bhfíric nach bhfuil díospóireacht againn san fheachtas olltoghcháin seo faoin bhfíric go bhfuil lucht an mhargaidh idirnáisiúnta ag bogadh ar aghaidh go tapaidh ó chaint faoi "ath-idirbheartaíocht" ar choinníollacha déine an IMF/AE. Agus anois ag bogadh go láidir i dtreo caint faoi loiceadh na tíre ar fhiacha na sealbhóirí bannaí Gearmánacha, Francacha, Sasanacha etc etc.
Go hidirnáisiúnta, agus náisiúnta, ó eacnamaithe de gach claonadh idé-eolaíochta tuigtear anois, agus tá sé aontaithe, nach mbeidh fás in athuair don tír seo go dtí go bhfuil fiacha móra príobháideach na mbanc imithe ónár ndroim agus deireadh curtha leis na beartais dhéine á gcur ar an aicme oibre Éireannach.
Ní bheidh "an infheistíocht" sin ó lucht caipitil, a shantaíonn muid chomh mór sin, i ndán dúinn go dtí go n-aithníonn muid an ghné seo de chur chuige lochtach na bpáirtithe móra Éireannach.

An tríú seoid ab ea an tagairt a dhein sé don t-alt/t-agallamh seo le iar-stiúrthóir bainistíochta an IMF sa Londain Evening Standard inné:
Strauss-Kahn is giving speeches warning that inequality was a major cause of the financial crash and arguing that workers must be given greater bargaining power, and a greater share of the world's wealth if the crisis is not to be repeated. Ordinary people need more money, better social safety nets and decent jobs.

This economic recovery is thoroughly unstable. "It is not the recovery we wanted. It is a recovery beset by tensions and strains, which could even sow the seeds of the next crisis,"

The IMF isn't making a sentimental argument here, or even principally a moral one. Its analysis of the problem is a hard-headed one, based on international data and on work done by its modelling unit and published at the end of last year.
Is ait go bhfuil sóisialaí ag obair agus ag cur tuairimí mar seo chun cinn ar son an IMF.
Ach sílim go dtaispeánann sé go n-aithníonn agus go n-aontaíonn lucht caipitil le gné d'anailís Mharx ar an gcóras .i. an claonadh ag an ráta brabaigh ísliú agus an claonadh chun géarchéime de bharr carnadh caipitil (neamhionannas eacnamaíochta).
Taispeánann a gcuid sonraí féin dóibh nach féidir le caipitleachas leanúint ar aghaidh leis an neamhionannas láidir lárnach sin atá mar bhunchloch an chórais.
Mar sin ba mhaith leo "caipitleachas le ceannaghaidh dhaonna air" a fheiceáil.

Ach ní ionann sin agus fíor-daonlathas, ionannas agus saoirse an duine, ná baol air.
"Lámh Dofheicthe an Mhargaidh", seilbh daingean lucht gaimbín ar mhaoin an domhain, agus síor-tóir ar bhrabús príobháideach is cuma cén costas don domhan nó don cine daonna féin is ea na maistrí s'acusan i gcónaí agus go deo.
Agus taispeánann sé sin an ról níos tábhachtaí ná riamh atá ag an eite chlé radacach sa lá atá inniu ann chun fíormhalairt slí a mholadh, go háirithe le grúpaí caipitlíocha amhail an IMF ag goid éadaí "na heite clé sa lár".

Dé Máirt, Feabhra 08, 2011

M2011.02.08

Gan amhras gheobhaidh siad ábhar éigin a bheith ag argóint faoi, ach lasmuigh den fhíric go mbeidh sé trí mheán na Gaeilge is beag fiúntas i ndíospóireacht idir triúr atá ar aon intinn.
Cinnte beidh sé "stairiúil". Ina áiféis!

M2011.02.07

Tá na Stáit Aontaithe, Iosrael agus maithe móra na hEorpa (An Ghearmáin, An Bhreatain etc.) ag moladh agus ag tacú leis an ghinearál airm, céasadóir, éigneoir, dúnmharfóir, polaiteoir nua-liobrálach agus giolla faisnéise Mhubrack, Omar Suleiman, mar chomharba don deachtóir. Ina n-iarracht lofa frithdhaonlathach is déanaí chun cur isteach don réabhlóid.
Shéan an fear céanna, agus an réimeas míleata, cuireadh a thabhairt d'urlabhraithe na réabhlóide le linn na "gcainteanna" siúd le déanaí. Ní nach ionadh!

Sceith Wikileaks eolas inné a thaispeánann go raibh, agus go bhfuil, ceannaire na maistíní, an "Mubarack óg" seo, ina chéad rogha d'Iosrael mar dheachtóir nua le teacht i gcomharbacht ar an sean-deachtóir caipitlíoch.

Chomh maith leis sin taispeánann an teachtaireacht chéanna go raibh a fhios ag Iosrael go raibh Hamas ag coinneáil an t-sosa chomhraic i 2008 agus go raibh an "cogadh" (Operation Cast Lead) in aghaidh mhuintir Gaza gan spreagadh ar bith.
Slad a d'fhág tuairim is 1500 duine neamhurchóideach marbh taobh istigh de scór lá!
Bhí orduithe ag na dúnmharfóirí Iosraelacha "na foirgnimh, an chomharsanacht agus an ceantar a ghlanadh (cleanse)"

Dé Luain, Feabhra 07, 2011

M2011.02.06



Anailís spéisúil ar chúrsaí san Éigipt.
Mholfainn é mar íocshláinte in aghaidh na hanailíse, nó easpa anailíse, le feiceáil sna gnáthmheáin chumarsáide.

Alt Zizek sa Gardaíon ar an cheist seo.

M2011.02.05

Cá bhfuil an fhearg i measc na nÉireannach? An cheist a chuireann Michael Lewis san "alt" an-fhada dá chuid i Vanity Fair.

Is fiú go mór é a léamh.

Dé Domhnaigh, Feabhra 06, 2011

M2011.02.04

Seo aistriúchán tapaidh Gaeilge ar ráiteas in Araibis ó Réabhlóidithe Sóisialacha na hÉigipte: (ní chloisfidh tú fúthusan ar an nuacht!, cén fáth sin an gceapann tú?)

Is éard atá ag tarlú inniu ná an réabhlóid is mó i stair na tíre seo agus sa domhan Arabach ar fad. D'ardaigh íobairt ár mairtírigh an réabhlóid agus bhriseamar trí na constaicí eagla. Ní sheasfaidh muid síos go dtí go bhfuil na 'ceannairí' coiriúil agus a gcóras coiriúil scriosta.

Is é imeacht Mhubarak an chéad chéim, ní céim dheireanach na réabhlóide.


Is ionann aistriú cumhachta chuig deachtóireacht faoi Omar Suleimam, Ahmed Shafilk agus gaimbíní eile Mhubarack agus leanúint leis an gcóras céanna. Is cara Omar Suleiman d'Iosrael agus Meiriceá, caitheann sé formhór a chuid ama idir Washington agus Tel Aviv agus is giolla é atá dílis dá suimeanna. Is dlúthchara Ahmed Shafilk le Mubrack agus a chomhghleacaithe sa tíorántacht, le cos ar bholg agus foghail á gcur ar mhuintir na hÉigipte

Leis na daoine is ea maoin na tíre agus ní mór é a thabhairt ar ais.


Le tríocha bliain anuas d'aistrigh an réimeas truaillithe maoin thábhachtach na tíre chuig mionlach de lucht gnó agus chuig comhlachtaí móra ilnáisiúnta. Is le 100 teaghlach atá níos mó ná 90% de shaibhreas na tíre. Déanann siad monaplú ar shaibhreas na nÉigipteach trí pholasaithe príobháidiú, goideadh cumhachta agus comhaontas le lucht caipitil. D'athraigh siad formhór mhuintir na hÉigipte ina mbochtán, gan talamh agus gan fostaíocht.

Caithfidh na monarchana a scriosadh agus a díoladh go han-saor a thabhairt ar ais chuig na daoine.

Ba mhaith linn náisiúnú a dhéanamh ar na comhlachtaí, talamh agus na meáin táirgeachta a ghoid an dream seo. Chomh fada agus atá ár n-acmhainní i seilbh s'acusan ní bheidh muid in ann fáil réidh leis an gcóras seo i gceart. Is sclábhaíocht eacnamaíochta an taobh eile de thíorántacht pholaitíochta. Ní bheidh muid in ann déileáil le dífhostaíocht agus gnáthphá cothrom le haghaidh slí bheatha chóir a bhaint amach gan saibhreas na ndaoine a bhaint ón drong seo.

Ní ghlacfaidh muid le madraí garda Mheiriceá agus Iosrael

Ní sheasann an córas seo ar a aonar. Ba ghiolla Mubarak, mar deachtóir agus cliant, ag feidhmiú ar son mianta Mheiriceá agus Iosrael. Bhí An Éigipt ina coilíneacht Mheiriceánach, ag tógáil páirte díreach in imshuí mhuintir na Palaistíne, ag déanamh saor-cheantair den Chanáil Suez agus aerspás na hÉigipte le haghaidh long cogadh agus scairdtrodairí a rinne slad ar mhuintir na hIaráice, ag díol gáis le hIosrael, go han-saor, ach ag an am céanna ag múchadh muintir na hÉigipte le praghsanna ard. Caithfidh an réabhlóid neamhspleáchas, dínit agus ceannasaíocht na hÉigipte sa réigiún a athbhunú.

Tá aghaidh na ndaoine ar an réabhlóid.


Ní réabhlóid é seo de na éilítí, páirtithe polaitíochta nó dreamanna creidimh. Is le hógánaigh, mic léinn, oibrithe agus bochtáin na hÉigipte an réabhlóid seo. Le déanaí tá a lán scothaicmí, páirtithe agus daoine atá in ainm is a bheith ina siombailí ag iarraidh léim ar ghluaiseacht na réabhlóide agus é a ghoid ó na húinéirí cearta. Is iad mairtírigh dár réabhlóide agus na daoine óga atá seasmhach ar na sráideanna ár siombailí.
Ní ligfidh muid dóibh smacht ár réabhlóide a bhaint dínn agus éileamh a dhéanamh go seasann siad ar ár son. Déanfaidh muid ionadaíocht orainn féin agus ionadaíocht ar na mairtírigh a maraíodh agus a íoc lena bhfuil chun an córas a thréigean.

Is é arm na ndaoine an t-arm a chosnaíonn an réabhlóid.

Ceistíonn cách: "An bhfuil an t-arm leis na daoine nó ina n-aghaidh?". Ní bloc amháin an t-arm. Is ionann leas na saighdiúirí agus oifigigh shóisearacha agus leas an mhóraimh. Ach is le Mubarack na oifigigh shinsearacha, roghnaithe go cúramach aige chun a réimeas lofa, saibhreas agus tíorántacht, a chosaint. Is cuid lárnach den chóras é.

Ní arm na ndaoine an t-arm seo a thuilleadh. Ní ionann an t-arm seo agus an ceann a bhris an namhaid Síónach le linn Deireadh Fómhair 73. Tá gaol díreach ag an arm le Meiriceá agus Iosrael anois. Is é cosaint Iosrael a chion feidhme, ní cosaint na ndaoine. Cinnte ba mhaith linn na saighdiúirí a fháil ar son na réabhlóide. Ach, níor chóir dúinn an dallamullóg a chur orainne féin le sluaghairmeacha go bhfuil "an t-arm ar ár son". Cuirfidh an t-arm na léirsithe seo faoi chois go díreach, nó déanfaidh athstruchtúrú ar na póilíní chun an ról sin a chomhlíonadh.

Cruthaígí comhairlí réabhlóideacha anois.

Chuaigh an réabhlóid seo thar a rabhamar ag súil leis. Ní raibh éinne ag tnúth le huimhreacha mar seo a fheiceáil. Ní raibh éinne ag tnúth go mbeadh na hÉigiptigh chomh cróga sin in aghaidh na bpéas. Ní féidir le héinne a mhaíomh nár chuir muid an deachtóir ar chúl. Ní féidir le héinne a mhaíomh nár tharla athrú i gCearnóg na Saoirse.
Is é atá ag teastáil anois ná gluaiseacht le haghaidh éileamh socheacnamaíocha mar chuid dár mianta, ionas go mbeadh a fhios ag an té ina shuí sa bhaile cén fáth go bhfuil muid ag troid ar son a chearta. Caithfidh muid muide féin a eagrú i gcomhairlí na ndaoine a thoghann a n-ardchomhairlí go daonlathach, agus ón bhun aníos.
Caithfidh na comhairlí seo ardchomhairle a bhunú a bhfuil toscairí ó gach claonadh san áireamh ann. Caithfidh muid ardchomhairle a thoghadh le daoine a dhéanfaidh ionadaíocht ar ár son, agus a bhfuil muinín againn astu. Glaoimid comhairlí na ndaoine a bhunú i gCearnóg na Saoirse, agus in achan cathair eile san Éigipt

Glaoch ar oibrithe na hÉigipte páirt a ghlacadh sa réabhlóid.

Rinne agóidí agus léirsithe ról an-thábhachtach i leanúint agus lasadh na réabhlóide. Anois tá an lucht oibre ag teastáil. Tá cinniúint an réimis acu. Ní amháin i bpáirt a ghlacadh sna léirsithe, ach le stailc náisiúnta a eagrú in achan tionscadal tábhachtach agus comhlacht mór.
Is féidir leis an réimeas léirsithe agus agóidí a sheasamh go ceann i bhfad, ach ní féidir leis thar cúpla uair a sheasamh má théann an lucht oibre ar stailc. Déan stailc ar na hiarnróid, ar iompar poiblí, sna haerfoirt agus i gcomhlachtaí móra ilnáisiúnta.
A lucht oibre na hÉigipte! Ar son na n-ógánach réabhlóidigh, agus ar son fuil na mairtíreach, glac páirt sa réabhlóid, bain úsáid as bhur gcumhacht agus beidh an bua linn!