Dé Céadaoin, Aibreán 28, 2010

M2010.04.23

Cúpla rud tapaidh a rith liom inniu:

Feicthe san IFSC in aice le droichead Sheáin Uí Chathasaigh i mBaile Átha Cliath.
N'fheadar an dtuigeann na baincéirí is cearrbhaigh airgeadais a oibríonn san IFSC cad atá i gceist. Níor thuig mé ar dtús é, ach ó chuardach tapaidh anois feictear domsa gurb ealaín de chuid Banksy atá ann. Agus tagairt de cheol gangsta ó na stáit "Thug Life" .i. níl ionaibh ach maistíní sráide i gcultacha.

Mura bhfuil ealaín Banksy ar eolas agat tá níos mó eolais ina leith anseo, agus scannán nua ag teacht amach go luath. Tá a íomhánna iontacha le feiceáil ar fud an idirlín.

Bhí saothar maistíní eile, na cinn gan cultacha, le feiceáil agam inniu freisin. Ní shílim gur tharla sé i bhfad sular thóg mé an grianghraf. Bhí na málaí aeir teannta fós agus boladh na gcoscán san aer leis.


------------------------------------------------

Maidir le cearrbhaigh airgeadais is léir go bhfuil deireadh i ndán do gheilleagar na Gréige mar atá sé, buíochas le lucht cearrbhachais ar Wall Street a bhí ag cur geall ar theip na nGréagach.
Ach níos measa ná sin tá an toradh atá ar ár mbanna ag eitilt suas ar an nuacht seo, féach anseo! (Tá sé ag éirí níos deacra dúinn iasachtaí a fháil, nó níos costasaí ba chóir a rá, go raibh maith agaibh a Brian L is Brian C)



Tá an chaint go léir faoin Phortaingéil agus faoin Spáinn faoi láthair mar na chéad tíortha eile le titim, ach ní fada uainn an lá a mbeidh muidne sa áit chéanna ina bhfuil an Ghréig inniu.
Níl aon éalú as dúinn anois. Is cuma cé mhéad a chuireann an tAontas ar fáil mar fhóirithint don Ghréig ach an oiread. Feicim go bhfuil €90 billiún á lua!!...

Mar a bheifí ag súil leis tá na cloigne sa Roinn Airgeadais agus san NTMA fós sannaithe go daingean sa ghaineamh. In ainneoin bearta déine an rialtais a cuireadh ar na daoine is boichte, na daoine faoi mhíchumas, daoine óga agus daoine gan phoist etc ní chreideann a mháistrí sa mhargadh iad!

Anailís níos fearr anseo

------------------------------------------------

Fuair mé cóip d'eagrán nua Red Banner (sean-mhír faoin Bhratach Dhearg anseo).
Mar a mhíníonn Red Banner féin is éard atá ann ná:
"..iris shóisialach réabhlóideach í Red Banner. Tá fúinn smaointe sóisialacha a chur i láthair an oiread daoine agus is féidir linn, agus na smaointe sin a fhorbairt is a chur i bhfeidhm ar an gcoimhlint ar son an tsóisialachais inniu. Is áil linn ár gcion a dhéanamh le cinntiú go n‑éireoidh leis an sóisialachas an saol a tharrtháil ón mbarbarthacht."
Ní féidir liom an iris seo a mholadh a dhóthain.
Is cuma le lucht Red Banner nach bhfuil sé tarraingteach ó thaobh cruth de. Níl aon ghá le leathanaigh snasta glasta nó íomhánna ildathacha. Is iad na focail agus na smaointe a chuireann siad inár láthair an rud is tábhachtaí, agus tagaim leo.
Tá 5 aiste ríspéisiúil in eagrán 39, le haiste Ghaeilge iontach ó Thomás Mac Síomóin i leith athrú aeráide agus a léirmheas ar leabhar Mhatt Hussey. Luaigh Seán an léirmheas sin ar a bhlag le déanaí.
Macallaíonn Mac Síomóin na glaonna a bhí le cloisteáil ar chruinniú mullaigh Chópanhágan um athrú aeráide roimh Nollaig:
"Níl aon dul as! Nuair a bhíonn an crú ar an tairne, tagann éilithe shaormhargadh an ghaimbíneachais agus freagracht shóisialta an duine salach ar a chéile. Sa gcaoi is nach féidir an éigeandáil chomhshaoil - ar cuid di fadhb fhorthéamh na cruinne - a réiteach taobh istigh de rúibricí an ghaimbíneachais chéanna"
Níl ach €2 ar an irisín. Tá sé ar fáil in Books Upstairs agus Connolly Books i mBaile Átha Cliath.

Dé Máirt, Aibreán 27, 2010

M2010.04.22

(cliceáil le méadú)

Tháinig an smaoineamh do cheann na seachtaine seo ó staidéar a bhí déanta i 2007. Níos mó eolais ina leith anseo.

Maíonn an staidéar go ndéanann muid breithiúnas ar mheas barúla bunaithe ar cé chomh heolach is atá muid uirthi .i. bunaithe ar cé chomh minic agus a chuala muid í.
Ní dhéanann ár n-aigní idirdhealú idir bharúil atá ráite ag a lán daoine difriúla agus barúil dhuine amháin atá athráite go minic!

Dé Luain, Aibreán 26, 2010

M2010.04.21

Sin caipitleachas!



Níl an aisteoireacht thar barr, ach tá an físeán ann le haghaidh na teachtaireachta. Agus is teachtaireacht mhaith í .i. Cur deireadh le faoisimh chánach atá ar fáil do lucht an tsaibhris (comhlachtaí móra, Lucht cumann 1:35 etc) chun ciorruithe i seirbhísí a sheachaint.
An teachtaireacht sin nach bhfaigheann moladh dá laghad ó lucht na meáin in Éirinn. Pat Kenny mar shampla nó aon teachtaire cacamais eile ar RTÉ nó sa nuachtáin .i. "saineolaí airgeadais", "tráchtairí eacnamaíochta" agus "eacnamaithe" le leasanna dílsithe. Slíbhíní cosúil le Jim Power a mhaíonn go bhfeidhmeodh deireadh le faoiseamh cánach agus ardú i ráta cánach do na daoine is saibhre cosúil le dídhreasú chun fiontair, oibre agus dul chun cinn eacnamaíochta.
Seo alt maith óna stáit a chur mé suas roimhe a thaispeánann a mhalairt ghlan.

Ar ndóigh tá an físeán thuas ann toisc go bhfuil feachtais olltoghcháin á rith sa Ríocht Aontaithe.
I mo thuairim níl aon ghá a bheith ag fanacht go dtí an lá a fhógraíonn an rialtas caipitlíoch olltoghchán sula dtosaítear i mbun an ghnímh seo. Is é ár gceart daonlathach ceann luath a lorg.
Ach in Éirinn ní raibh ann riamh ach mionlach a bhí nó a bheas toilteanach seasamh suas in aghaidh na héagóra ar son an phobail.

Tá ceacht le foghlaim ag páirtí is grúpaí sóisialacha in Éirinn óna mbráithre in Albain ar conas fadhb a aithint agus réiteach a mholadh go simplí.
Ní thagann gníomh ón mhóramh gan ardú coinsiasa (ní hionann fearg agus tuiscint, féach na taebaggers sna stáit) agus tá ról tábhachtach le himirt ag na meáin nua sa réabhlóid choinsiasa agus thuisceana sin, agus mar fhrithbholscaireacht go ginearálta.

Dé hAoine, Aibreán 23, 2010

M2010.04.20


Nuacht úr te brúite briste.

Tá foireann idirnáisiúnta d'eolaithe sa réadlann Keck i Haváí agus ar an UKIRT sa Bhreatain ag breathnú ar sár-dhúpholl ollmhór, ach, tá an ceann seo ar an domhan féin!

Le dhá bhliain anuas thaispeáin íomhánna infridhearg UKIRT go raibh dúpholl ollmhór a chlúdaíonn achar 3000m2 le feiceáil ar an domhan... Tugtar AI-4B+ air. Táthar ag súil go dtabharfaidh an dúpholl nua seo AI-4B+ léargas sa bhreis ar dhúpholl sa chruinne i gcoitinne.

Tá an dúpholl nua seo breathnaithe in Éirinn a mhaígh réalteolaí Robert Antonucci i Haváí, "is cúis iontas dom nach bhfuil Éire go léir scriosta faoin am seo cheana ag AI-4B+" ar Antonucci.
"Feictear dúinn go bhfuil gach pingin rua fágtha sa tír diúlta isteach aige faoin am seo, ach an cuma air go mbeidh níos mó le teacht!"

Deireann Mark Swain ón tSaotharlann Eorpach um Measúnú Dúpholl go raibh níos mó ná dúpholl amháin feicthe acusan. "In aice le AI-4B+ tá dhá cheann eile AIB-3.5B+ agus BOI-3B+, agus b'fhéidir níos mó fiú, ach tá muid cinnte go bhfuil na cinn eile ag dúil isteach na billúin in aghaidh an lae chomh maith. Cuireann na sonraí mearbhaill orainn níl aon teas cruthaithe ag na dúphoill seo, ach le níos mó eolais beidh muid go hiomlán cinnte faoi cad atá ann"

Ach ní amháin go bhfuil trí dhúpholl ollmhór ann ach tá rud éigin eile ann nach dtuigeann na saineolaithe ar chor ar bith. "Is léir ón méid breathnaithe atá déanta againn faoin am seo go bhfuil dúpholl de shórt eile in aice leo" a dúirt Swain ag comhdháil bhliantúil inné.
De réir breathnaithe luath tá an dúpholl seo N-AMA70B ag dúil as na dúphoill eile, ach táid go léir ag dúil as pócaí na ndaoine is boichte agus an phobail go ginearálta.

Deireann an bheirt Bhriain go bhfuil na dúphoill is an leasdúpholl an-thábhachtach don gheilleagar, go bhfuil muid san áit ina bhfuil muid, nach bhfuil aon rogha eile againn agus go bhfuilid ag tógáil níos mó airgid as pocaí na ndaoine chun na AI-4B+, AIB-3.5B+, BOI-3B+ agus N-AMA70B a cheansú.
Ar an raidió inné mhaígh an slíbhín go leanfadh an rialtas ar aghaidh ag cócaráil na leabhar maidir leis na dúphoill.
Shéan sé go láidir na líomhaintí go raibh Fianna Fáil agus a chairde na forbróirí agus na baincéirí freagrach do na dúphoill. "Táid ann mar gheall ar an Large Hadron Collider" a bhéic sé.

Déardaoin, Aibreán 22, 2010

M2010.04.19


22 de mhí Aibreáin, Lá an Domhain. Nua-ghaimbíneachas fós i réim in Éirinn.
Tá cúpla cartún maithe ar shuíomh msnbc ag ceiliúradh Lá an Domhain.

maratón de chláracha is agallaimh ar Climate TV inniu i leith athrú aeráide agus réitigh d'athrú aeráide.

Tá go leor rudaí eile i nuachtáin eile agus meáin eile timpeall an domhain.

Ach, seachas tagairt tapaidh ag Frank McDonald san IT ar maidin is beag aird atá ag na meáin in Éirinn, agus mar sin na hÉireannaigh, ar Lá an Domhain.

Gan amhras is mar gheall ar an ghalar ailseach de méféineachas nach mbeidh mórán cainte faoi in Éirinn. Rud éigin do na hipithe atá ann; cad fúmsa agus na tithe atá ar dhíol agam a déarfadh Brian Lenihan!; ba chóir go mbeadh Lá na gCeannaitheoirí don Chéad Uair ann; margadh ceannaitheora atá ann an dtuigeann tú!; cad a dhéanfaidh mé anois nach mbeidh Rianaer ag íoc as mo laethanta saoire bhreise? bhí ormsa bus a fháil!

Ag caint faoin aerthaisteal nó easpa aerthaistil le cúpla lá anuas. Ba ghreannmhar, mura bhfuil sé chomh dáiríre, an chaoi ar athraigh na húdaráis eitlíochta a rialacha sábháilteachta maidir leis an méid éilliúcháin atá ceadaithe d'eitleáin eitilt tríd!
Bhí sé soiléir do chách ón uair a thosaigh lucht aerthaistil ag gearáin faoina gcaillteanais airgid go dtiocfadh brú nach beag ar rialtais agus údaráis rud éigin a dhéanamh ar an ábhar.
Anois tá eitleáin ag taisteal trí luaithreach go laethúil gan a dhóthain turgnamh déanta ar an ábhar!

Caithfidh mé a admháil nach dtaitníonn eitilt liom, déanaim é mar is maith liom áiteanna nua a fheiscint, ach ní bhainim sult ar bith as an eitilt.
Beidh mé ag eitilt go dtí Londain amárach agus go daingean i gcúl mo chinn beidh an tuiscint go raibh laghdú déanta ar rialacha sábháilteachta na haerlíne i leith scamaill luaithrigh!
Ní chabhraíonn sé liom. Tá drogall orm dul air, ach, tá neacht nua le feiceáil agam.

An t-am deireanach a bhí drogall chomh mór sin orm dul ar eitleán bhí mé i Nua-Eabhrac i ndiaidh 9/11.
Chaith mé 3 mí roimhe sin ag obair mar mhairnéalach leis an dream seo i mBostún (an post is fearr a bhí agam ariamh. Nó b'fhéidir go bhfuil cumha orm!).
Ag deireadh na tréimhse sin chuaigh muid chun chónaí in íoslach aintín mo chailín i Nua-Eabhrac, mar "laethanta saoire" sula ndeachaigh muid abhaile.
Bhí uncail mo chailín ag obair mar phlástrálaí i bhfoirgneamh a bhí in aice leis na Túir, agus bhí sé i gceist againn síob a fháil uaibh chun iad a fheiceáil go luath an mhaidin sin.
B'iad na suíomhanna deireanacha do thurasóirí le feiscint againn. Buíochas le Dia bhí póit throm orainn agus gan fonn múscailte ag a 6 a chloig!
Bhí smúit san aer an t-am sin freisin, agus boladh ait leis. Bhí pána gloine sa bhfuinneog briste agus mhúscail muid chuile maidin le scornacha tinn de bharr na smúite.
Chuile oíche bhí orm an cófra a sheiceáil do "sceimhlitheoirí", chun mo chailín a cheansú!
Bhí an iomarca de "Nuacht" Fox feicthe againn faoin am sin...

Go bhfios dom bhí ár n-eitilt ar an Aoine an chéad cheann amach as JFK i ndiaidh na n-ionsaithe!
Bhí drogall orm dul air. Eagla. Saddam sa chófra. Rialacha sábháilteachta etc.
Bhí muid go hiomlán gafa leis an bparanóia a bhí ag scaipeadh i measc na bPoncán ag an am. Paranóia a thug ar bhóthar an chogaidh mhídhleathaigh iad....

Is arm cumhachtach aineolas!

Dé Céadaoin, Aibreán 21, 2010

M2010.04.18

Is deas radharc a chur le scéal agus scéal a chur le radharc.

Ach ní raibh tuairim agam nuair a thóg mé iad ar Chuaille cúpla seachtain ó shin cad go díreach a bhí ann seachas radharc ar Dhún Dealgan agus Cuaille.
Buíochas le taifeadadh de clár ó RTÉ a chonaic mé aréir bhí seans agam logainmneacha ó scéal na Tána a chur ar na radhairc.
Beidh an clár fós le feiceáil ar sheinnteoir RTÉ; Ó Bhéal go Béal. Mholfainn an clár go mór. Agus mholfainn siúlóid ar shléibhte Chuaille níos mó, ní mholann na grianghraif seo -a bhí tógtha ar fhón póca- na radhairc.

Tá cur síos iontach ann le Dermot Somers faoi na háiteanna a bhaineann le scéal Táin Bó Cuaille.
Caithfidh mé a dhul ar ais arís leis an eolas agus tuiscint nua seo a thug Ó Somacháin dom aréir.
Tá pléisiúr sa bhreis le baint astu anois.

Mar a mhíníonn Somers sa chlár, tá scéal na Tána leagtha amach sna radhairc seo:


Is ón treo seo a tháinig Arm Mhéabha nuair a bhí Cuaille á ionsaí acu agus iad ar thóir an Tairbh Cuaille.
Tháinig siad trasna Cuan Dhún Dealgan ag Áth Leathan (sin an t-inbhear atá le feiscint thuas) chun Cú Chulainn ar Mhá Muirtheimhne. a sheachaint.

Agus iad ag éalú leis an Tarbh Donn ón ghleann atá thuas sna cnoic bhí Cú Chulainn ag caitheamh clocha orthu de ló is d'oíche ón chnoc beag sin atá le feiceáil i lár an ghrianghraif.


Bhí an Tarbh Donn i bhfolach ag Dáire mac Fiachna roimhe sin ar ndóigh, agus tá an dún inar cuireadh an Donn Cuaille le feiscint thuas.
(Tugann Somers "Lios an tSeagaill" air)
Tá an ceart aige freisin, áit iargúlta atá ann. Áit fhoirfe le duais luachmhar a chlúdach in aghaidh saint gan srian Bhanríon Chonnacht.


Má Muirtheimhne.


Carn an Mhadaidh.
Tá Bran, cú seilge Fhinn mhic Chumhaill curtha anseo.

Dé Máirt, Aibreán 20, 2010

M2010.04.17

Cliceáil chun é a mheadú

Tháinig an smaoineamh don cheann seo, an tseachtain seo, ó alt Fintan O'Toole san IT ar maidin.
Íomhá cruthaithe anseo arís.

Ar an ábhar NAMA tá forógra cliste curtha le chéile ag Éirígí, leagan pdf anseo de THE PROVISIONAL GOVERNMENT OF THE NAMA REPUBLIC:
IRISHMEN AND IRISHWOMEN: In the name of God and of the dead generations from which she receives her old tradition of nationhood, Ireland through us, summons her children to pay for our greed, corruption and avarice

Dé Luain, Aibreán 19, 2010

M2010.04.16


Ceisteanna coitianta maidir le haerthaisteal agus scamaill luaithrigh:
Cén costas a chuirfí ar an ghá laghdú a dhéanamh ar rialacha sábháilte ó thaobh aerthaistil de?
Freagra: €200 milliún in aghaidh an lae.

Cad atá níos tábhachtaí; brabús na hearnála eitlíochta nó sábháilteacht na bpaisinéirí?
Freagra: Brabús na hearnála eitlíochta ar ndóigh.

Cé acu is ionraice ó thaobh contúirt an luaithrigh; BA agus Willie Walsh nó na píolótaí sna scairdtrodairí F-16 agus F-18 inné, tástálacha ón Oifig MET thall inniú agus an fhianaise de 90 cás inar eitil eitleáin trí luaithreach thar na blianta?
Freagra: Willie Wlash/BA, nó cibé dream eile le leas dílsithe aige san earnáil.

Cé a mhaígh: "Ba chóir go mbeadh an rogha ar fáil i dtír agus sochaí chaipitlíoch ar mhaith le duine dul sa tseans agus eitleán a fháil tríd an scamall luaithrigh"?
Freagra: Amadán éigin ar an nuacht aréir a scríobhann ailt do thablóid Shasanach.
(Cruthaitheoir tuairimí a chreideann, fós!, gur chóir go bhfeidhmeodh caipitleachas an tsaormhargaidh gan srian .i. focain amadáin!)

Cén fáth go gcreideann an Comhlachas Aeriompair Idirnáisiúnta (IATA) gur "náireach" an cinneadh gan ligean d'eitleáin eitilt tríd an scamall luaithrigh?
Freagra: Óir is é brabús an chloch is mór ar a bpaidrín.

Cad é an costas is mó do bhaill áirithe de IATA (Comhlachas Aeriompair Idirnáisiúnta); eitleáin ar bith san aer nó an costas a bhaineann le hárachas agus eitleáin tuairteáilte?
Freagra: Eitleáin ar bith san aer.
(Cosúil le gach uile ghnó sa chóras caipitlíoch mura bhfuil sé ag fás tá sé ag fáil bháis.)

Cad é an fhoinse de 300,000 tonna de CO2 san aeráid in aghaidh an lae?
Freagra: Earnáil eitlíochta na hEorpa.

(Ní chaitheann Éaibhelúig ach timpeall is 15,000 tonna CO2 isteach sa aeráid in aghaidh an lae)
Ní raibh an t-aer chomh ghlan againn le beagnach céad bhliain!

Mura bhfuil sé róghnóthach is fiú súil tapa a chaitheamh ar an gceamara gréasáin

Dé Sathairn, Aibreán 17, 2010

M2010.04.15

Nuair a chuala mé faoin bholcán san Íoslainn (Eyjafjallajökull .i. Éaibhelúig .i. Oileán-sliabh an Oighearshrutha) ar an teilifís chuaigh mé caol díreach go dtí an t-idirlíon chun a fháil amach níos mó faoi. Go háirithe conas a ainm a fhuaimniú.
Is léir nach bhfuil na tuairisceoirí ar na stáisiúin teilifíse ag déanamh amhlaidh agus tá Íoslannaigh ag baint an-sult as a n-iarrachtaí chun é a fhuaimniú.



Tá an Nuacht ar RTÉ ag déanamh an bhotúin chéanna.

Dé hAoine, Aibreán 16, 2010

M2010.04.14

(imprisean ealaíontóra de Cygnus X-1)

Dar le teoiric nua ó Nikodem Poplawski sa roinn fhisice in Ollscoil Indiana is éard atá inár gcruinne ná cuid inmheánach de dhúpholl. Cuid inmheánach de dhúpholl atá lonnaithe i gcruinne eile, i réaltacht difriúil.

Ní théann ábhar atá súite isteach sa dúpholl go dtí neamhní, ach a mhalairt dar leis.
Aon ábhar a théann isteach i ndúpholl ní scriostar é ach caitear amach ar thaobh eile den dúpholl é, ag rud a thugtar "poll bán" air, agus an gníomh seo ag cruthú cruinne eile.

Ag cruthú ollphléasc más mian leat!

Thuar Einstein go rachadh ábhar go dtí singilteacht imtharraingteach dá rachadh sé isteach i ndúpholl, á scriosadh, ach, dar le samhlacha matamaiticiúla nua Phoplawski ní scriostar iad agus caitear amach ar an taobh eile. Cosúil le poll péiste.

Mar sin, más fíor an teoiric seo, d'fhéadfá cruinní eile a bheith sa taobh eile de gach uile dhúpholl atá inár gcruinne, d'fheadfadh na billiún cruinne a bheith ag fás as dúphoill ár gcruinne.
Aon am atá dúpholl cruthaithe agus a thosaíonn sé ag sú isteach ábhar ón chruinne sin tá cruinne úrnua cruthaithe ar an taobh eile i réaltacht go hiomlán difriúil.

Tá rothlú ar leith ag dúphoill mar sin táthar ag súil más fíor an teoiric seo, agus na samhlacha matamaiticiúla, go mbeadh rothlú ar leith ag ár gcruinne. Rothlú a fuair sé óna mháthair dúpholl i gcruinne eile!
Ach chun é seo a chruthú ní mór fanacht do thurgnaimh eile amach anseo.

Agus caithfear an cheist a chur; cá bhfuil Dia sa chruthú seo?
Nuair a chliseann ar réalta agus a chruthaítear dúpholl agus as sin ag cruthú cruinne an bhféadfaí a mhaíomh go bhfuil Dia éigin freagracht as?
Más as tóin dúphoill a tháinig gach uile rud, agus an dúpholl sin ag teacht as cruinne eile a tháinig as tóin dúphoill etc. cá bhfuil an cruthaitheoir?

Tá rud éigin an-mheicniúil faoi...

---------------------------------------

'Dhiabhail, tá ceann ag teastáil uaim"



Sílim go mbeadh sé go deas le radhairc ó Chorca Dhuibhne nó ó Tóin Chruacháin

Déardaoin, Aibreán 15, 2010

M2010.04.13

(Íomhá ó NASA)

Sílim gur mhaith le Nuacht Sky agus Nuacht BBC araon dá mbeadh catastróf ollmhór ann ionas go mbeidís in ann an nuacht a líonadh le seafóid faoin gcatastróf ar feadh 24 uair a chloig.

Táim ag ceapadh faoi seo toisc go bhfuilim ag baint an-sult go deo as ag amharc orthu anocht maidir leis an scamall luaithreamháin ón bholcán san Íoslainn. (Eyjafjallajökull .i. Éaibhelúig .i. Oileán-sliabh an Oighearshrutha)

Cúpla nóiméad ó shin bhí nuachtmhír acu laistigh de chábáin an phíolóta a úsáidtear le haghaidh traenála ag taispeáint cad a tharlódh dá n-eitleodh eitleán isteach i scamall luaithreamháin. Bhí sé scanrúil dar leis an tuairisceoir!

Cúpla nóiméad roimhe sin bhí nuachtmhír ar nuachtBBC ó aerfort éigin in áit éigin ag cur ceisteanna ar dhuine éigin i stiúideo éigin i leith staid reatha an scamaill. Bhí sí ag labhairt amhail is go raibh scamall uafáis ag teacht inár dtreo, cosúil le scamall nó ceo éigin i leabhar Stephen King!

Ach seafóid an BBC agus Sky i leataoibh tá an baol ann go gcuirfidh an bolcán seo as go mór dúinn sna laethanta, agus seachtainí, amach romhainn. Ag brath ar treo na gaoithe agus fad an bhrúchta ar ndóigh.

Faoin Satharn beidh an ghaoth ag teach go láidir inár dtreo go díreach ó shuíomh an bholcáin. Agus leanfaidh an ghaoth ag teacht sa treo sin go dtí De Luain ar a laghad:

(Íomhá ó Magicseaweed.com)

M2010.04.12



Tá na coireanna seo ag tarlú inniu, dár muintir féin, ag fórsa póilíní a ba chóir a bheith ag tabhairt cosaint dóibh!
Níl aon ní ó na daoine macánta seo ach a sábháilteacht féin agus sábháilteacht a gclann.
Ná bac leis an fhíric gur ghéill Fianna Fáil .i. Ray Burke, Bertie Ahern, gach uile ceart s'againne d'acmhainní na tíre. Ní bheidh aon ríchíosanna againn ar an ngás, ní bheidh aon scair againn ar an ngás, ní bheidh aon ísliú praghsanna againn i ngeall ar an ngás agus níl aon gheallúint go mbeidh Éireannach ar bith i measc na 40 duine a bheas ag obair ann i ndiaidh a chríochnú!! Cur sin i gcomparáid leis an Iorua; thall tá seilbh ag na daoine ar níos mó ná 70% dá ngás is n-ola nádúrtha, íocann aon chomhlacht ola 78% cáin ar aon bhrabús ar ghás nó ola a fhaigheann siad ina bhfarraigí! Próiseáiltear an gás is ola sa bhfarraige amuigh chomh maith ar ndóigh.

Mar bharr ar an olcas tá an stát abhus ag feidhmiú cosúil le stát caipitlíoch maith ina bhfuil cosaint an chaipitil níos tábhachtaí ná cosaint na ndaoine, agus ina bhfuil úsáid fhoréigin chun an caipiteal sin a chosaint inghlactha.

Thaispeáin cinneadh an Bhoird Phleanála go bhfuil an ceart acu seasamh suas ar son a sábháilteachta. Ní bheadh an píopa sábháilte, bheidís i mbaol. Ach in ainneoin seo tá Shell fós dá gcrá, ar bhun síceolaíochta agus fisiciúla.

An mbeadh an cur chuige céanna ag Shell i nDeilginis mar atá acu i Ros Dumhach? Alt iontach ag James Laffey sa Western People inné.

Ar ndóigh tharla a leithéid de bhrúidiúlacht chéanna i stair ár dtíre, go háirithe nuair a thagann sé go dtí cearta do bhrabús príobháideach thar chearta an phobail, agus in ainneoin bunphrionsabal na poblachta sóisialta:

"Dearbhuighimíd gur ceart go mbeadh, ní amháin fir agus mná na hÉireann, acht adhbhar maoine na hÉireann fé riaradh an náisiúin, idir talamh agus gustal na hÉireann, gach sadhas maoine agus gach gléas chun maoin do sholáthairt dá bhfuil san tír; agus athfhógraimíd an rud d'fhógair an Piarsach gur dual go mbéadh tosach ag ceart an phobuil chun leasa an phobuil ar cheart an duine chun seilbhe fé leith."

"Dearbhuighmíd gur mian linn an ceart, an tsaoirse agus cothrom do chách a bheith mar bhuntacaí riaghlughadh na tíre, agus ná fuil d'urradhas le buanughadh Riaghaltais ná saorthoiliughadh na ndaoine chuige ach é".
Piaras Béaslaí sa chéad Dáil i 1919

Is é sin le rá, gur linne, muintir na tíre, gach acmhainn na tíre. Agus go bhfuil sábháilteacht agus cearta an phobail níos tábhachtaí ná aon bhrabús príobháideach go deo.

Ar ndóigh thug baill an rialtais den eite dheis i Sinn Féin droim láimh tapaidh d'aon bhorradh sóisialach a bhí faoin tír i ndiaidh 1916.
Bhí maoin agus uirlisí táirgthe cúige Mumhan, ar a laghad, i seilbh iomlán na ndaoine agus an tír ar tí réabhlóid sóisialacha iomlán a chur i gcríoch.
Faraor d'fheidhmigh an tIRA/Sinn Féin/Lucht Gaimbín/Cumann na nGael .i. Fine Gael/Fianna Fáil/An Eaglais agus an saorstát .i. an bhunaíocht, le foréigean, in aghaidh na cumhachta sóisialta seo ón Lucht Oibre.
Ní raibh an cheannaireacht cheart ag an lucht oibre ach an oiread a thug deis do na dreamanna thuas an lámh uachtar a fháil.

Tá an lucht oibre thíos leis go dtí an lá atá inniu ann.

Tráthúil go leor bhí clár thar a bheith spéisiúil ar an ábhar seo ar TG4 aréir
Cuid a 1 anseo, cuid a 2 anseo, cuid a 3 anseo.

Athchraoladh atá ann, agus ceann de na cláracha is fearr a chraoladh ar TG4 ó bunaíodh é. Dá mbeadh sé craolta i mBéarla bheidís fós ag labhairt faoi.