Dé Máirt, Feabhra 03, 2009

M2009.02.01

Deirtear go bhfuil easpa critic i measc lucht léirmheasanna na Gaeilge ar litríocht nua-aimseartha na Gaeilge, seans go bhfuil an ceart ag an té a dúirt é, ach ní amhlaidh an cás le litríocht dóibh siúd a tháinig romhainn.
Tá an méid sin fíor sa leabhar nó, cnuasach léachtaí, le Cathal Ó Hainle darbh ainm Scáthanna .

Sa leabhar spéisiúil, ach in áiteanna ana-trom, seo tá critic agus cíoradh acadúil ar shaothair éagsúla ar nós filíocht an Phiarsaigh, próis Mhic Grianna, de hÍde, Uí Chatháin, Sayers agus Uí Chonaire.
Léamh maith trom le haghaidh oíche fhuar sneachtúil. Mholfainn é don té atá ag lorg léirmheas intleachtach ar a leithéidí de shaothair Gaeilge.

Do chuireas dán nua ar mo bhlag filíochta féin inniu freisin. Aoir sóisialta sa dán díreach atá ann. Fuair mé an inspioráid, faraor, ón deireadh seachtaine a chaith mé in Iarthar Dhuibhneach le déanaí.

Dé hAoine, Eanáir 23, 2009

M2009.01.01

Cad a dhéanfaidh mé feasta gan phost, tá deireadh an Tíogair ar lár?

Bhuel, gheobhaidh mé an bád bán sin san aer go dtí an Astráil. Caithfidh mé cúpla seachtain sa nGaeltacht i gCiarraí, feicfidh mé roinnt den domhain seo a gcloisim chomh mór caint faoi, scríobhfaidh mé dánta, sa dán díreach briste. Chum mé ceann inniu in onóir an gheilleagair Éireannaigh!
Agus b'fhéidir go bhfaighidh mé m'inspioráid ar ais arís, óir, tá an saol oibre seo ag marú m'aigne bocht.

Mór an strus 'tá ar Éire
ar a haonar gan chéile,
mór an brón a clann gan chiall
a cú, na bainc gan iall.

Mór an fás ar chlann Tomáis
borb, ramhar, maoin gan tomhais,
mór an dramhaíl a maoin gan luach
ó thit sócmhainní thar bhruach.

Mór an tslí go dtí an Astráil
geilleagair i ngá tarrtháil,
leis na daill, stiúir na tíre
leis an Dáil, bun na faidhbe

Éire "fás agus forbairt"
imirce á athfhógairt,
clann Mhíleadh ar an mbád bán
dóchas, riaradh is poist gann.

Dé Céadaoin, Nollaig 17, 2008

Dé Luain, Nollaig 15, 2008

M2008.12.04

Ar thóir lón intinne an mhí seo caite cheannaigh mé Bliainiris 8 (Ruairí Ó hUiginn agus Liam Mac Cóil a chuir in eagar)
Seo an chéad "Bhliainiris" a cheannaigh mé.
Cnuasach aistí ó húdair dhifriúla ar ábhair éagsúla atá ann. Aistí le Breandán Ó Doibhlin, Lesa Ní Mhunghaile, Pádraig Ó Cíobháin, Cathal Ó hÁinle, Maire Whelton agus pictiúir ealaíona maithe le Seoirse Ó Dochartaigh.
Ar an chéad dul síos ní rabhas ag súil go mbeadh suim agus tuiscint agam ar gach uile aiste sa leabhar, agus ar an méid sin bhí an ceart agam.
Ach fiú na haistí a bhí suim agam iontu .i. anailís ar théarmaí i gCré na Cille (Marbhfháisc – An Béal Marbh in Cré na Cille) -spreag an aiste seo mé chun an leabhar a cheannach, nó é a iarraidh le haghaidh Nollaig- bhí ceann ann nach dtaitneodh liom .i. ceann faoin apastróf i bhfilíocht na Gaeilge agus filíocht an 17ú haois déag, ní féidir liom a rá go rabhas chomh tógtha leo.
Is fíor a rá go rabhadar go léir spéisiúil ina gcaoi fhéin agus tugann siad léargas nua dúinne ar rudaí éagsúla, ach bhraith mé go raibh costas ró-ard leis an leabhar le haghaidh aistí atá bainte as leabhair nua atá ar an mhargadh cheana fhéin .i. Apastróf i bhFilíocht na Scol = Teagmháil agus Tnúthán, leabhar nua óna húdair céanna srl.

Tá aiste spéisiúil ann faoi tionchar a bhí ag Shakespare ar shaothar Phádraic Mhic Phiarais, agus anailís ar fhilíocht Ghaeilge Bhreandáin Uí Bheacháin. Ach tá rudaí eile ann mar shampla atá faoi ag cruthú cistine nua!

Tá gearrscéal iontach le Pádraig Ó Cíobháin darbh ainm "Anbhás Chú Chulainn", tá an scéal seo scríofa sa seana-stíl, agus tá sé d'ard chaighdeán ar fad.
Seans gur fiú an leabhar seo i gcomhair an scéil seo amháin.

Tríd is tríd dhéanfadh an leabhar seo bronntanas iontach maith le haghaidh Gaeilgeoir áirithe ar thóir lón intinne um Nollag.
Ach tá sé beagáinín costasach ag €15.

Dé hAoine, Nollaig 05, 2008

M2008.12.02

Dea-scéala maidir le postanna ar maidin, tá 115 agus níos mó postanna le cruthú ag an Rialtas in oifigí dóil timpeall na tíre chun déileáil leis an méid daoine ag clárú ar an dól i mbliana.

M2008.12.01

Clár fiúntach a bhí ar TG4 an oíche eile, "Teamhair", faoin léirscrios á dhéanamh do Ghleann Gabhra agus Ráth Lú/Ráth Gabhra timpeall Cnoc na Teamhrach i gcontae na Mí.
An mír ba shuimiúla sa gclár ná an tuairisc a bhí ag Muireann Ní Bhrolcháin faoina cruinniú le Bertie Ahern agus Dick Roche i bhfoirgnimh an Rialtais ar shráid Chill Dara, agus é ar intinn aici na scéalta agus stair an chnoic agus an ghleanna ríoga a chur os a gcomhair.
Agus Ní Bhrolcháin ag caint le Bertie:
"Sa chéad áit, dúirt sé liom; "An dtuigeann tú cé mhéad daoine atá i bhur gcoinne agus an chumhacht atá acu?".
Tá an abairt seo thuas oidhreacht an iar-Thaoisigh Bertie Ahern, an Dearg-Seoinín Poblachtach go smior.
An puipéad i bpócaí gréisceach na nGaimbíní.

"an chumhacht atá acu" dochreidte!
Cé atá i gceannas ar an dtír seo?

Airgead agus saint.

Déardaoin, Samhain 27, 2008

M2008.11.01

Ábhair acadúil agus fíor-lón intinne don intinn Ghaelach a chuir mé os mo chomhair an mhí seo caite, trí leabhar fíor spéisiúil ina ndóigh féin.

An chéad cheann ná:
"Léachtaí Cholm Cille - Éire agus an Eoraip sa 17ú haois".


Bhí drogall orm roimh an gceann seo de bharr na cuma a bhí ar an gclúdach, ach, má bhí an ceart ag an té a mhaígh ná tabhair breithiúnas ar leabhar bunaithe ar a chlúdach, is cinnte go raibh an ceart aige sa gcás seo gan aon amhras ar bith.
Cnuasach léachtaí atá sa leabhar seo, léachtaí a bhaineann le tréimhse dhúshlánach i stair na tíre, timpeall imeacht na nIarlaí agus Cogadh na Naoi mBliana. Sna léachtaí fíor-spéisiúil seo rinneadh iarracht pictiúr a chur le chéile de shaol na nGael in Éirinn agus san Eoraip roimh, agus i ndiaidh, imeacht na dTaoiseach Ghaelaigh as Cúige Uladh i 1607.

Tá léacht Liam Mhic Cóil, Stíl na nIarlaí, thar a bheith suimiúil sa gcaoi go ndéanann sé iniúchadh agus taighde ar an sórt éadaí a chaith na Gaeil, éadaí cogaidh den chuid is mó .i. éadaí na gceithearnach.
Tá an taighde seo déanta ag Mac Cóil le haghaidh leabhair nua atá á scríobh aige. Táim ag súil go mór leis an gceann sin go deimhin!

Is fiú an leabhar a cheannach le haghaidh na haiste seo amháin.


Pictiúr thuas: An captaen Sasanach Thomas Lee gléasta suas mar Cheithearnach Gaelach le linn aimsir Uí Néill. Chaith na ceithearnaigh beart éadrom beag ionas go mbeadh buntáiste acu i gcath.

Tá léacht ag Breandán Ó Buachalla dar teideal "Ó Néill agus an tAos Léinn" ina bhfaigheann muid amach nach raibh mórán dúil sa dán díreach ag Ó Néill féin .i. níl mórán de dhánta againn a chumadh dó, agus leis an bhfírinne a rá, feictear domsa go bhfuil níos mó scríofa faoi Ó Néil ag na Sasanaigh ná ag a mhuintir féinig.

Tá ceann iontach maith ann le Mícheál Mac Craith faoi na Proinsiasaigh eisceachtúla a d'obair go han-dian ar son a gcreidimh agus teanga/cultúr na hÉireann thar sáile "AN ONÓIR DO DHIA, A CCLÚ DÁR NÁSION AGUS D'ÓRD SAN FROINSIAS".
Is léir ón léacht seo nach raibh na hÍosánaigh ró-thógtha leis an nGaeilge; d'impigh Flaithrí Ó Maol Chonaire orthu ligin dó teagasc Críostaí a chuir ar fáil do na cléirigh Éireannacha (Sean-Ghall) as Gaeilge, toisc go raibh an teanga sin ag chuile dhuine in Éirinn (thaobh amuigh de na cathracha móra). Níor aontaigh na hÍosánaigh leis an dearcadh seo óir breathnaíodh ar Bhéarla in Éirinn mar theanga na cumhachta (Féach na litreacha thíos), dúradh le Flaithrí ,leis, go raibh teanga na nGael ró-dheacair le foghlaim "ceann de na teangacha ba dheacra ar domhan"!
Spreag an chaint mhaslach seo -ó na hÍosánaigh- Ó Maol Chonaire a choláiste féin a bhunú, in Lobháin, in 1616.

Litir (as Laidin) ó Ó Maoil Chonaire chuig Francisco se Valdivieso, Prócadóir Ginearálta na nÍosánach sa bhliain 1604 i leith cúrsaí teanga in Éirinn:
"Cé gur féidir Castaílis a chloisint i nGalicia ní chloistear Gailísis i gCastille. Mar an gcéanna in Éirinn. Fiú má chloiseann tú Éireannach ón tuath ag labhairt Gaeilge sna bailte móra, ar éigin a chloisfidh tú lucht na gcathracha ar fud na ríochta ag labhairt (Gaeilge), toisc nach féidir leo teanga an phobail a labhairt... Beidh a gcuid seanmóireachta (cléirigh de chuid na Sean-Ghall) lasmuigh de na cathracha chomh doiléir le tairngreacht."
an fhreagra:
"De bhrí, mar is léir do chách, gurb é an Béarla agus nach í an Ghaeilge, an teanga a labhraíonn siad i gcúirt na ríochta; is é an Béarla amháin teanga na gcúirteanna dlí agus na gcruinnithe poiblí sa ríocht; i mBéarla amháin a scríobhtar cáipéisí poiblí; i mBéarla amháin a phléideálann dlíodóirí cásanna, i mBéarla amháin a thugann na breithimh breitheanna; i mBéarla amháin a eisítear forógraí sna cearnóga poiblí; ar éigin a dhéantar nó a dhíscaoiltear rud ar bith i bpáirt a bhfuil tábhacht ag baint leis mura ndéantar i mBéarla é."
Nílim claonta in aghaidh léachtaí Béarla nuair a deirim é seo, ach cheap mé go raibh an aiste le Michael Dunne faoi Aodha Mhic Aingil beagáinín leadránach, i mo thuairim ar aon nós.

Tá léacht iontach ó Éamon Ó Ciosáin Imeacht na nIarlaí agus Imirce na nGael don Fhrainc a bhaineann leis an imirce ollmhór as Éireann go dtí an Fhrainc agus an Eoraip i gcoitinne.
"An méid de na Gaeil nach bhfuil i ngéibheann, tá siad díbeartha go dtí na tíortha i gcéin, agus an fuílleach sa bhaile faoi smacht chóras dlí Shasana":
Court of Wards is cách dá léirscrios
meirse is cíos is fís Exchequer
ciorrú stóir san tSeomra Réaltach
san King's Bench a bhfuil dá séide,
is Cúirt na nEasbog dá n-argain d'aonghuth.
Assizes acu 'na gceannaibh contaetha
ag cur talaimh is fearainn fá chéile.

I ndeireadh na dála, tá gach cheann acu spéisiúil go deo, agus mholfainn an leabhar seo d'aon dhuine a bhfuil spéis acu ina leithéid de stair.
Tá i bhfad níos mó ann ná an méidín ráite agam thuas ach tá mearbhall orm ag iarraidh iad go léir a chuimhniú faoi láthair.
Smaoineamh maith is ea an cnuasach léachtaí seo sa gcaoi nach dtuigim conas is féidir le duine an t-eolas go léir a thabhairt isteach agus iad ag éisteacht leis i halla léachtaí i Má Nuad.

Dé Máirt, Deireadh Fómhair 14, 2008

M2008.10.01



Bailte Fearainn iarthar Tír Fhiachrach curtha ar shuíomh Wikimapa

Déardaoin, Meán Fómhair 18, 2008

M2008.09.03

Boladh ag baint le fómhar
cumha á chur os mo chomhair,
talamh fliuch fuar agus geal
is fada drúcht ina seal.

Níl tada fós ina bhláth
tinn is lag atá ár ngrá,
'Mhuire, a Íosa, a Rí
tabhair cúnamh dár ngrá gnaoi.

Níl cúnamh agamsa di
ach paidir, gol is crá croí,
i lámha Dé a hanam séimh
ná beir Leatsa ár stór caomh.

Déanfad síor-aithris ar sailm naofa is dánta chóir
dá bhfaighinn Uait suaimhneas beag dár ndea-stór
a Rí gan locht gan smál gan crá lán cumhachta mór
tá Do Lámh ag teastáil go géar anois sa bhfómhar.

Dé hAoine, Meán Fómhair 05, 2008

M2008.09.02

Tá mo rún amuigh, i measc mo chomhghleacaithe san oifig, tá a fhios acu anois go bhfuil an Ghaeilge agam.
Scríobh mé "go maire sibh bhur saol nua" ar chárta mór pósta dár gcomhghleacaí atá ag dul go Spáinn le haghaidh a phósadh an tseachtain seo chugainn.
Níl ach beirt eile san oifig ag dul thall. Chuaigh mé go dtí a stag, agus ba sin a dhóthain domsa.
Chuaigh muid go dtí an teach tábhairne áitiúil le haghaidh cúpla deoch agus chun an cárta a thabhairt dó inné.
D'fhág muid tar éis trí chinn déag acu.
Tacsaí abhaile.
Chaill mé €50 áit éigin.
Ar meisce.
Tuirseach.
Agus táim ag fulaingt anois, paranóideach.
Níor bhraith mé paranóideach ariamh tar éis ól go dtí le déanaí nuair a dúirt mo dheartháir liom go bhfulaingíonn sé uaibh.
Anois braithim paranóideach i gcónaí tar éis ól.
Bhí sé orm siúl go dtí an Luas ar maidin óir d'fhág mé mo charr san oifig.
Baisteach trom a bhí ann, agus bhris mo scáth fearthainne leis an ngaoth.
Bhíos báite.
Anois tá boladh aisteach orm, ar nós madra fliuch.

Dé Céadaoin, Meán Fómhair 03, 2008

M2008.09.01

Seanchas na Féinne le Niall Ó Domhnaill.

Níl a fhios agam an bhfuilid ag múineadh na scéalta faoi Fhionn mac Cumhaill agus na Fianna i mbunscoileanna na tíre fós, ach is cuimhin liom iad amhail is go raibh sé inné a d'fhoghlaim mé faoi Fhionn, an Bradán Feasa, Diarmuid agus Gráinne srl as leabhar staire dathannach agus mé i mo ghasúr.
Is cuimhin liom go cruinn an pictiúr d'Fhionn ag dó a ordóg ar an mbradán feasa agus an file bocht ina dhiaidh ar buile gur fuair sé an fios.
Agus d'fhan na scéalta siúd beo i m'aigne i gcónaí, ach i ndáiríre seachas an leabhairín sin is cúpla scéal faoi Fhionn i mo cheantar dúchais -faoi chloch áitiúil agus carn áitiúil- ní raibh scéalaíocht chruinn faoi na Fianna agus an Fhiannaíocht agamsa go dtí gur léigh mé Seanchas na Féinne, agus tá i bhfad níos mó do na scéalta siúd ná mar a cheap mé ar dtús.

Sa scéal, mar atá a fhios ag gach éinne, tá na scéalta faoi na Fianna á n-aithris ag Oisín mac Fhinn agus Caoilte mac Rónáin -a mhair i ndiaidh na Féinne- le Pádraig mac Calprainn .i. naomh Phádraig.
Agus dá mbeadh na scéalta iontacha seo fós i mbéal na nÉireannach sa lá atá inniu ann níl seans dá laghad ar domhan go ligfeadh éinne an scrios atá ag tarlú fé láthair i nGleann Gabhra i aice le Teamhair a dhul ar aghaidh.
Ní ligfeadh éinne an scrios atá ag tarlú do Chnoc Alúine (an áit inar chónaigh na Fianna fadó)- a dhul ar aghaidh ach an oiread.
Tá an stair agus an oidhreacht shaibhir seo a bhaineann leis na háiteanna seo ró-thábhachtach dúinn mar náisiún.

Seans nach dtaitneodh an leabhar seo le chuile dhuine sa lá atá inniu ann i ndáiríre, ach domhsa féin níl a shárú le fáil le haghaidh píosa léitheoireachta breátha seanchasa a thugann léargas spéisiúil dúinn ar Éirinn roimh gCríostaíocht.