Dé hAoine, Meán Fómhair 05, 2008

M2008.09.02

Tá mo rún amuigh, i measc mo chomhghleacaithe san oifig, tá a fhios acu anois go bhfuil an Ghaeilge agam.
Scríobh mé "go maire sibh bhur saol nua" ar chárta mór pósta dár gcomhghleacaí atá ag dul go Spáinn le haghaidh a phósadh an tseachtain seo chugainn.
Níl ach beirt eile san oifig ag dul thall. Chuaigh mé go dtí a stag, agus ba sin a dhóthain domsa.
Chuaigh muid go dtí an teach tábhairne áitiúil le haghaidh cúpla deoch agus chun an cárta a thabhairt dó inné.
D'fhág muid tar éis trí chinn déag acu.
Tacsaí abhaile.
Chaill mé €50 áit éigin.
Ar meisce.
Tuirseach.
Agus táim ag fulaingt anois, paranóideach.
Níor bhraith mé paranóideach ariamh tar éis ól go dtí le déanaí nuair a dúirt mo dheartháir liom go bhfulaingíonn sé uaibh.
Anois braithim paranóideach i gcónaí tar éis ól.
Bhí sé orm siúl go dtí an Luas ar maidin óir d'fhág mé mo charr san oifig.
Baisteach trom a bhí ann, agus bhris mo scáth fearthainne leis an ngaoth.
Bhíos báite.
Anois tá boladh aisteach orm, ar nós madra fliuch.

1 comment:

Dennis King said...

Och an créatúr. Tá leabar (agus CD-ROM) ann do pháistí leis an teideal "Drochlá Ruairí". Níor léigh mé riamh é ach chonnaic mé cuid de na leathanaigh ar líne uair amháin. Ba cheart duit "Drochoíche Con Chonnacht" a dhéanamh as an gcúntas sin. Dáiríre. An bhfuil tú in ann pictiúir a tharraingt?