Dé Domhnaigh, Lúnasa 23, 2009

M2009.08.16

An fiú freagra a thabhairt nó neamhaird a dhéanamh?

Is cinnte nach bhfuil ann ach duine atá ag iarraidh conspóide a chruthú. Is cinnte nach bhfuil uaibh ach fearg uainne!
Caithfidh mé a rá go gcuireann a fhearg scanradh orm.
Cad a dhéanfadh an fear seo dá gcloisfeadh sé daoine óga ag caint i dteanga dúchais a dtíre? An bhféadfadh sé smacht a choinneáil ar a fhearg ina chogadh in aghaidh na teanga?

An bhfuil a leithéid de chaint bhladhmannach inghlactha?Abair dá mbeadh sé ag caint faoi aon teanga eile ar domhan, faoi aon chine eile.

Ceist eile.
Cad a dhéanfaidh mé leis an €115 a bhí bailithe agam i trí bosca Trócaire thar 4 bliana.
Ar chóir dom gach pingin rua de a thabhairt do Thrócaire nó roinnt de a choinneáil dom féin?
Tá an t-airgead uaim (ciorruithe páidh an dtuigeann tú), ach bheadh daoine bochta na hAfraice thíos dá dtógfainn!

Ar chóir freagra a thabhairt? Ar chóir airgead a thabhairt?

7 comments:

aonghus said...

Ceist do do chonsias.
Bheadh sé deaciar freagra a thabahairt ar racht mo dhuine gan a argóint a threisiú - bheinn ina choinne mar sin. Bheadh máistir cosúil le hAlan Titley in inmhe chuige, ach bheadh sé ró éasca duine againne a chuir i mbosca na cancráin gaelacha.

Maidir leis an airgead, más rud é go raibh sé tiomnaithe agamsa do chúis bheadh drogall ormsa baint leis.

Dubhaltach said...

Tagaim leat. Bíonn sé deacair freagra a thabhairt. Sin ráite is cinnte go bhfreagróidh Gael éigin é. Ach, de ghnáth, ní bhíonn na freagraí siúd ró-láidir.


Maidir leis an dara cheist ní féidir liom an scéal i Marc 12 a bhaint ó mo chloigeann.

Dennis King said...

Cianóga na baintrí?

B'fhéidir go bhfuil micrea-iasacht ag teastáil uait féin anois díreach?

Ceist eile: an bhfuil tú sásta leis an méid a léann tú faoi Thrócaire? An eagras éifeachtach é? Is dóigh liom gur mhaith le cuid acu iad féin a bhuanú thar aon rud eile.

aonghus said...

Dála an scéil, tháinig mé ar mhalairt tuairim faoin Loingseach, agus tá r-phost seolta agam chuig an Sindo.

Dubhaltach said...

Tá na mílte micra-iasachtaí ag teastáil uainn fé láthair.
Bhí a fhios agam go raibh roinne conspóide timpeall gníomhartha Trócaire, ach go bhfios dom bhí siad réitithe .i. mhínigh siad go díreach cá raibh an airgead ad dul.

Maith thú a Aonghuis.

Poll Dubh said...

Tá ríomhphost seolta agam chuig an bpáipéar chomh maith, agus beidh ceann eile ag dul ar aghaidh go dtí Ombudsman an Phreasa mura bhfaighim freagra sásúil

Dubhaltach said...

iontach a Phoill a chara