Dé hAoine, Lúnasa 21, 2009

M2009.08.14


Dúirt mé é roimhe, agus déarfaidh mé arís é. Níl an té a úsáideann an nath cainte "Bedfellows" le thrust! Go háirithe nuair nach bhfuil an chappy sin ag déanamh iarracht an cheist fhéin a phlé! Conradh Liospóin sa gcás seo.
They should talk to Joe. He can tell them about democracy. He has been to Cuba.
B'fhéidir ba chóir don chappy i gceist roinnt léitheoireacht nó taighde a dhéanamh ar díreach cé chomh daonlathach is atá Cúba ar bhonn áitiúil.
Bíodh is nach mbíonn toghcháin Uachtaránachta ann i ngeall ar a stair bhrúidiúil.

Is breá liom an líne seo, is breá liom é!
Was it not George Bernard Shaw who once described this island as “the largest open-air lunatic asylum in the world”?
We proved that in last year’s Lisbon vote.
Wow wee! Ar fheabhas! Cuireann seo go mór leis an ndíospóireacht ar Chonradh Liospóin!

Cíbe dearcadh atá ag éinne ar na dreamanna atá ag éileamh Níl/ní aontaíonn/Ní Sea srl. ní shílim go bhfuil riachtanas lena leithéid de bholscaireachta lom ó Nuachtán an Taifid.
Plé an liathróid ní an fear.

3 comments:

Dennis King said...

Awww, c'mon. Cuir Gaeilge ar "strange bedfellows".

Dubhaltach said...

comhluadar aisteach

Dennis King said...

Sea, ach ní hionann "strange company" agus "strange bedfellows" go beacht.

Tagann an focal "leathbhádóir" chun cuimhne: "is é a leathbhádóir é" = "tá an bheirt sin an-chosúil lena chéile". Céard faoi seo mar cheannlíne an ailt sin:

“Leathbhádóirí Gan Choinne San Fheachtas Frith-Liosbóin”