Déardaoin, Lúnasa 13, 2009

M2009.08.08

Cuireann sé díomá orm an easpa díospóireachta i measc na nGael ar cheisteanna chomh tábhachtach do phobal na tíre amhail an Áisíneacht NAMA.
Cad is fiú teanga mura bpléitear aon ní seachas an teanga féin inti?
Cad is fiú COMHAR ann ar chor ar bith mura ndéantar plé ar cheisteanna ár linne?
Cad is fiú Cumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge ann mura scríobhtar aon ní seachas filíocht gan rím is gearrscéalta gan bhrí?

Ó Nuacht24, 7ú Lúnasa 2009

Nuair a d'fhógair n tAire Airgeadais bunú na hÁisíneacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainne ANBS (NAMA), mí Aibreáin seo caite bhí an tuairimíocht ann go rabhamar ag dul i bpáirt le lucht spéacláireachta na tíre .i. ag caitheamh airgead mór ar shócmhainní gan mhaith ar an
tuiscint agus an ndóchas go mbeadh boilgeog tithíochta eile ann amach anseo, boilgeog a shaothródh brabús deas folláin don gcáiníocóir. Dá olcas an smaoineamh go mbeadh an rialtas ag spéacláireacht lenár gcuid airgid tá an fhírinne lom níos meas fós. Bheadh ciall craiceáilte "Tíogar Ceilteach" Fianna Fáileach éigin ag baint leis an smaointeoireacht go rabhamar ag spéacláireacht le NAMA, ar na sócmhainní, le hairgead a shaothrú. Ach níl muid.
Is cuma cad a deir an tAire Airgeadais ina leith ní bheidh muid ag fáil ár gcuid airgid ar ais, bíodh sin i gceann 10 mbliain nó 20. Is éard atá san Áisíneacht nua ná uirlis chun poll uafásach mór de €90 billiún a líonadh, poll a chruthaigh baincéirí agus forbróirí le cabhair ó pholasaithe an rialtais. Is cuma cé mhéad a íoctar do na sócmhainní sin ar fiú €90 billiún iad, beidh an t-airgead sin imithe síos isteach sa bpoll. Aon airgead a fhaightear ar ais óna sócmhainní maithe beidh sé cealaithe go hiomlán ag an oiread sin droch-sócmhainní.
Cé mhéad go díreach mar sin a chaithfí ag ceannach na hiasachtaí? Ón dréacht-reachtaíocht ar NAMA a foilsíodh le gairid deir sé go mbeidh na sócmhainní á bpraghsáil de réir treoirlínte an AE agus de réir a "luacháil fhadtéarmaí", sin a luach reatha agus luach breise san áireamh.
Agus seo bun na faidhbe leis an Áisíneacht, an phraghsáil, agus na himpleachtaí a bheidh acu don stát go fadtéarmach. Má thugtar praghas ró-ard tá an cáiníocóir fágtha le punann nach bhfaighidh sé an luach ar ais ariamh. Má thugtar praghas ró-íseal bheadh athchaipitliú ar na
bainc ag teastáil, á dtabhairt faoin úinéireacht an phobail. A bheag nó a mhór beidh an phraghsáil seo á déanamh bunaithe ar idé-eolaíocht phóitiúil an rialtais .i. táid go huile is go hiomlán in aghaidh náisiúnú na mbanc. Fiú ag an bpointe seo leis an IMF, agus an 20 eacnamaí siúd san Irish Times, ag moladh an smaoineamh faoi áisíneacht um bainistíochta sócmhainní i bpáirt le náisiúnú sealadach mar a tharlaíonn de ghnáth lena leithéid de bheart.

Ba chóir, i dtáthcheangal de sócmhainní lofa mar seo, ba chóir go mbeadh trédhearcach ann, trédhearcach agus soiléireacht a seachnaíonn an sorcas a leanann "praghsáil de réir treoirlínte" agus "luacháil fhadtéarmach". Chun é seo a chinntiú ba chóir go leagfadh anuas na sócmhainní lofa go dtí neamhní, nó íseal go leor ar aon nós, a dhéanfaidh cinnte gurb iad na scairshealbhóirí an chéad dream a iompróidh ualach na teipe agus ní na cáiníocóirí. Beidh na bainc dócmhainneach dá bharr, beidh gá ann iad a athchaipitliú / náisiúnú mar gheall ar seo. Drochbhanc / áisíneacht a chruthú leis na sócmhainní lofa a cheannach. Faigheann an cáiníocóir aisíoc ar a infheistíocht gnáthscaire sa bhanc nuair a dhíoltar an banc sin, atá anois glan, amach anseo.
B'shin mar a tharla sé sa tSualainn, cás a chuala chomh mór faoi ón tAire Airgeadais.
Ní mór d'Áisíneacht ollmhór mar seo a bheith oscailte, soiléir agus trédhearcach go hiomlán, ionas go mbeidh sé saor ó fhadhbanna morálta. Faraor, faoin dréacht-reachtaíocht beidh gníomhaíochtaí na hÁisíneachta faoi cheilt ón bpobal, agus slánaithe ón dlí ar aon líomhaintí go raibh airgead an stáit á chur amú go heolach. Tá an pobal ag glacadh leis an mbeart áirithe seo óir tá sé á rá dóibh go laethúil gurb é seo an t-aon rogha fágtha, "an t-aon chluiche ar an mbaile". Mar gheall ar easpa tuisceana, an iomarca patuaire nó an dá ní, níl pobal na hÉireann ag cur na ceisteanna crua. Ach tá sé fós go luath sa bpróiseas, níl sé ródhéanach an treo a athrú. Mar a mhínigh Karl Whelan -eacnamaí ón gColáiste Ollscoile BÁC- lena léiriú spéisiúil do ghrúpa Shóisialta agus Eacnamaíochta an Chomhaontais Ghlais le déanaí, mhínigh sé gur plean é NAMA le dul i ngleic leis an gcóras baincéireachta atá roinnt droch-iasachtaí ann, ach nach bhfuil
dócmhainneach. Is léir anois go bhfuil córas baincéireachta an stáit dócmhainneach áfach. Mar shampla; tá agus beidh praghsanna ar tithe ag titim. Titim 30-50% ó thosaigh an ghéarchéim agus tá píosa fada eile le dul síos acu fós. An mheasúnacht go bhfuil talamh forbartha síos 70%. Agus féichiúnas iomlán na bhforbróirí, mar atá le feiceáil i gcás Zoe Group de chuid Liam Carroll le déanaí.

Níor thug na bainc in Éirinn tacaíocht mar is cuí do chomhlachtaí beaga ariamh roimhe seo, mar sin, cad chuige an deabhadh le NAMA más é a príomhchuspóir na bainc a saoradh óna ndroch-iasachtaí lofa chun creidmheas a chur ar fáil don bpobal arís? Cad atá le hathrú i gcultúr na mbanc? An mbeadh athrú meon ann ionas go dtosóidh sé ag cur creidmheasa ar fáil go flaithiúil le fiontraithe gnó, amhail a bhí siad, agus a bheidh siad, le spéacláirí tithe? Beag an baol.
Seo an seans is fearr banc náisiúnta maith a chruthú a dhéanfaidh cinnte de go mbeidh creidmheas ar fáil d'fhíor-fhiontraithe gnó a spreagfaidh athfhás eacnamaíochta bhuan agus ní níos mó spéacláireachta ar tithe mar bhunchloch an gheilleagair.

Ach tá an cuma ar chúrsaí go bhfuil an rialtas daingnithe ar an dtreo áirithe lochtach seo. "Scríobhann tú cíbe seiceanna a chaithfidh tú a scríobh chun an chobhsaíocht airgeadais a choimeád" mar a mhínigh An Taoiseach féin.
Tá an cinneadh déanta. Is cuma faoin gcáiníocóir. Is cuma faoi na hiarmhairtí.
Vótálfaidh páirtithe an fhreasúra in aghaidh na reachtaíochta seo, is í an cheist is mó cad a dhéanfaidh Teachtaí Dála na nGlasach san Fhómhar?

6 comments:

Cailliomachas said...

Nach bhfuil an seans ann, a Chú Connacht, go mbeidh go leor talún agus foirgneamh i seilbh an Stáit agus cá bhfios, i gcionn deich mbliana nó mar sin, b'fhéidir gurbh fhiú rud éigin iad. Ach tá an ceart agat. Sa mhéid is gur sinne atá ag íoc as, ba cheart go mbeadh gach rud t r é d h e a r c a c h.

Dubhaltach said...
This comment has been removed by the author.
Dubhaltach said...

Ní shroichfidh na sócmhainní an praghas craiceáilte a bhain siad amach le linn na boilgeoige creidmheasa go deo arís, mar sin, aon airgead caite -thar luach reatha na sócmhainní- is airgead amú é ar son scairshealbhóirí na mbanc nach bhfeicfidh muidne na cáiníocóirí aisíoc go deo na ndeor air.
Abair dá sroichfí na praghsanna thar mar atá a luach i gceann glúin nó...trí, beidh muid ar ais arís sa gcás céanna ina bhfuilimid fé láthair .i. fás eacnamaíochta bréagach .i. boilgeog, agus ní bheadh aon dheireadh leis an bhfiach á hiompar ag pobal na hÉireann mar gheall ar an mbeart ach an oiread.

'séard atá i NAMA ná uirlis mímhorálta chun na praghsanna craiceáilte a choinneáil mar atá siad agus infheistíocht na scairshealbhóirí a chosaint. Ní ligeann NAMA don "mhargadh" iad a phraghsáil ionas go mbeadh tobthitim mhór ar phraghsanna agus go rachadh bancanna lofa teipthe "go dtí an balla" mar ba chóir dóibh.
Tá gá le glanadh iomlán an chórais, fiú má tá pian le fulaingt sa ghearrthéarma.

aonghus said...

Is cinnte go bhfuil. An deacracht atá ann ná go bhfuil muid i mbannaí do fiacha na bainc seo cheana féin.

Má bhíonn tobthitim ar phraghsanna, ní bheidh de rogha ag an Rialtas ach níos mó airgid a infheistiú díreach sna bainc - agus gan fiú an talamh a fháil.

Tá muid idir Scylla NAMA agus Charbydis náisiúnú na bainc.

Beidh muide, lucht Íoc gach a Thuillir, thíos leis slí amháin nó slí eile.

San chomhthéacs sin, feictear dom gurbh é NAMA an rogha is lú dochair - anois.

Dubhaltach said...
This comment has been removed by the author.
Dubhaltach said...

Is cinnte go bhfuil gá lenár gcuid airgid leis an gcóras baincéireachta a shábháil, níl éinne ag maíomh nach bhfuil.
Tá gá, leis, le drochbhanc chun na droch-iasachtaí a thógáil ar lámh ó na bancanna, níl éinne ag maíomh nach bhfuil.

Ach tá easaontas ann cé go díreach ba chóir a bheith freagracht as ucht seo. Scairshealbhóirí na mbanc nó cáiníocóirí an stáit?

Tá titim ollmhór ar na sócmhainní mar atá siad, ach tá na bainc na scairshealbhóirí agus an rialtas ag iarraidh a luach a choinneáil suas go saorga. Má aontaíonn muid nach fiú a luach saorga, má cheannaíonn NAMA (an drochbhanc) iad ag costas níos ísle, mar sin má thagann an saoránach isteach arís chun na bainc a athchaipitliú, á dtógáil ar lámh an phobail .i. náisiúnú. Scair na scairshealbhóirí curtha ar neamhaí dá bharr, ní a mhalairt.

Beidh gnáthscaireanna ag an gcáiníocóir sna bainc, beidh aisíoc óna gnáthscaireanna amach anseo nuair atá na bainc ag oibriú mar ba chóir.

Mar a tharla sa tSualainn.

Sa bheart beartaithe ag an rialtas 'sé an cáiníocóir a bheas thíos ag gach casadh.