Dé hAoine, Aibreán 17, 2009

M2009.04.02

Bhí sé i gceist agam an t-alt seo thíos a chur ar eagrán inniu de Nuacht 24 ach tá na hailt a scríobh mé Dé Máirt agus Dé Céadaoin seo caite air, agus ar eagla go mbeadh an t-ábhar as dáta an tseachtain seo chugainn cuirfidh mé suas anseo é:

Iontas na n-iontas fuair an tAire Oideachais agus eolaíochta Batt O'Keeffe fáilte fuar ó thoscairí na gcumann múinteoirí difriúla an tseachtain seo ag na comhdhálacha, Aontas Múinteoirí Éireann (AMÉ), Cumann Múinteoirí Éireann (CMÉ) agus Cumann Na Meánmhúinteoirí, Éire (CNMÉ). Bhí caint bhladhmannach le cloisteáil i ngach cheann acu.
Dé Luain a d'imigh tharainn, ag comhdháil Chumann Múinteoirí Éireann, dúirt uachtarán an chumainn Declan Kelleher le toscairí gur seo an t-am cóir chun "dul sa tóir go gníomhach ar rialtas le ceannas den eite chlé air".
Is cinnte gur tháinig Kelleher ar an tuairim sin i ndiaidh gur léigh sé plean reamh-bhuiséad Pháirtí an Lucht Oibre!
Ach seo an tUasal Kelleher a bhí ana-shásta leis an gcóras agus an tagarmharcáil a tháinig leis na páirtithe den eite dheis, más mian leat, le linn ré an Tíogair Cheiltigh. Níor chualathas gíog nó míog ach an oiread óna chumainn nó cumann eile agus iad ag fáil torthaí na cánach ag teacht isteach ón mboilgeog thithíochta. Anois leis an gcóras lofa ina chíor thuathail agus tobar an airgid fholaimh agus tirim nílid sásta go mbeadh calcthaí pá i bhfeidhm, agus go mbeadh sé orthu íoc as céatadáinín beag dá bpinsin buan féin.
Dá mbreathnódh an Céileacharach ar an gcás go hoibiachtúil, agus sa meon sóisialach a mholann sé, bheadh sé soiléir dó go bhfuil na múinteoirí in áit níos fearr le híoc as aon ghéarchéim gheilleagrach i gcomparáid le formhór na n-oibrithe san earnáil phríobháideach: Meánioncaim múinteoir san earnáil phoiblí €48,000, meánioncaim oibrí san earnáil phríobháideach €36,000.
Tá a bhfearg inbhraite, siúladh chuid acu amach as na comhdhálacha agus bagairt stailceanna agus feachtais á mbagairt acu. Ag an bpointe seo tá a n-iompar níos cosúla le páistí míbhéasacha i ranganna dá gcuid.

Cloistear go mion minic ó mhúinteoirí nach bhfuil uathu ach "cothrom na féinne". Ní féidir gur cothromaíocht idir iadsan féin agus an earnáil phríobháideach atá i gceist acu! Mar sin, is éard atá i gceist acu sa gcás sin ná cothromaíocht idir iad agus polaiteoirí is státseirbhísigh. Breathnaíonn na cumainn ar chothromaíocht laistigh de bhoilgeog na hearnála poiblí féin. Dá dtógfaidís an t-am le breathnú ar chúrsaí sa "fíorsaol" feicfear earnáil lán le hísliú pá idir 10 agus 30 faoin gcéad ar an meán, agus tá an t-ádh leis na daoine siúd ina leithéid de chruachás. Tá dífhostaíocht ag rith go hard freisin, ag 11% agus ag ardú go míosúil.

Ach tá an earnáil phoiblí ina hiomláine ró-teannta mar atá sé, ón Taoiseach go dtí an maorlathach gan mhaith sa HSE agus fiú go dtí an múinteoir scoile a fhaigheann 3 mhí saoire le linn an tsamhraidh (na laethanta saoire is faide san Eoraip), 3 seachtain um Nollaig, dhá sheachtain um Cháisc agus briseadh fada lár téarma.
Má dhéantar comparáid idir phá mhúinteoirí scoile in Éirinn le pá mhúinteoirí scoile i dtíortha eile san Eoraip feictear difríochtaí móra, tá an meán-teacht isteach do mhúinteoir in Éirinn, mar a luaigh mé cheana ag seasamh ag €48,000, tá seo 35 faoin gcéad chun cinn ar an mheán sa Bhreatain agus tuairim is 20 faoin gcéad níos airde ná an méid a fhaigheann múinteoir sa Ghearmáin. Tá sé i bhfad níos airde ná an pá san Iodáil, an Pholainn agus an Fhrainc.
Ar ndóigh, tá an argóint chéanna ag na cumainn go bhfuil costas maireachtála in Éirinn i bhfad níos airde i gcomparáid leis na tíortha luaithe thuas agus mar sin tá ráta pá níos fearr tuilte acu. Ach le ráta an bhoilscithe ag rith ag -2.6%, agus ag titim trí mhí as a chéile go dtí an leibhéil is ísle ó bhí 1933 ann, ní sheasann an tseanargóint tuirseach sin a thuilleadh.

Freisin tá sé deimhnithe anois ag an rialtas, mar a bhí fógartha sa bhuiséad, go mbeadh gearradh siar ar phá do státseirbhísigh sinsearacha, teachtaí dála agus airí rialtas de 20% agus níos mó chun teacht síos ar an leibhéal céanna pá leis tíortha beaga eile san Eoraip.
Tá an tAire airgeadais ag iarraidh roinnt cothromaíochta a aimsiú, agus tá moladh tuillte aige dá bharr, ach ní mór don Taoiseach an próiseas agus an seans seo a thapú, fiú neamhaird a dhéanamh den gcoiste atá le breathnú ar a bpá, agus déanamh fógairt ar an bpointe boise go bhfuil sé i gceist ag an rialtas ísliú pá de 20% agus níos mó a chur i bhfeidhm trasna an bhoird nuair a thagann sé go dtí polaiteoirí agus státseirbhísigh sinsearacha.
Thaispeánfadh sé sin ceannairceach ar an ardán domhanda, chothódh sé muinín sna margaí idirnáisiúnta a d'fheicfeadh go bhfuil ár gcaiteachas á chur in ord agus bhainfeadh sé seasamh na múinteoirí atá ag éilimh a mbréag "cothrom na féinne" in aon bheart amháin.

Deir Ard-Rúnaí CMÉ John Carr freisin nach raibh páirt ag múinteoirí i gcúlú na tíre agus gur fuath leis an chaoi a bhfuil "a bpócaí á fholmhú chun teacht i mbannaí ar bhaincéirí, forbróirí agus amhantraithe" dúirt sé go raibh múinteoirí "go hiomlán in aghaidh an rialtais ag cur iallach ar pháistí chun íoc as meargántacht agus saint chaipitlithe casino na hÉireann"
Agus cé hiad na hamhantraithe? Le linn an Tíogair bhí seans ag cách a bheith i gceann. Ní déarfainn go mbeadh éinne ró-bhuartha faoin múinteoir bocht a bhí ar an raidió an tseachtain seo caite ag gearáin nach mbeadh sí in ann íoc as a dara teacht thar sáile. Téigh sí san fhiontar lena cuid airgid agus theip ar a spéacláireacht.

Tá an ceart ar fad ag Carr agus ag na cumainn eile maidir leis na ciorruithe ar choinníollacha do pháistí faoi mhíchumas, fadhbanna labhartha agus an t-airgead amú ar fhoirgnimh réamhdhéanta srl. Costas a sheasann ag tuairim is €50 milliún in aghaidh na bliana do na foirgnimh réamhdhéanta.
Tá a mhalairt á dhéanamh ag Uachtarán Obama, le hinfheistíocht de €142 billiún á cur i gcúrsaí oideachais aige sna stáit.
Tá ceachtanna maithe le foghlaim ón gcaoi a bhfuil an rialtas ag déileáil leis an ngéarchéim san airgeadais phoiblí. Ba chóir dóibh tosnú ag an mbarr agus obair síos, seachas an bealach eile. Ba chóir dóibh breathnú ar mhíéifeachtaí cosúil leis na foirgnimh réamhdhéanta sula gcuirtear tobhaigh ar phinsin i bhfeidhm. Nuair a fheictear an mhíbhainistiú sin ní bhraitear go bhfuil cothromaíocht a fháil agus éiríonn sé níos deacra dul i bhfeidhm ar dhaoine agus iad a mhealladh chun plean a leanúint. Ní chabhraíonn sé ach an oireadh go bhfuil €1.6 milliún caite ag Fianna Fáil ar Ingearáin an Aerchóir ó Dheireadh Fómhair seo caite, am an chéad bhuiséad. De bharr seafóide mar seo braitear nach bhfuil cothrom na féinne a fháil.

Tá praiseach cheart déanta ag an rialtas den gheilleagar, níl aon amhras faoi sin, agus ar a laghad beidh seans ag cách a bhreithiúnas a thabhairt ar mhíbhainistiú an gheilleagair i Meitheamh. Sin an áit a ndéanann sé difríocht, ní ag dul ar stailc agus ag dúnadh scoileanna.

No comments: