Dé hAoine, Aibreán 03, 2009

M2009.04.01

Duine fiáin a bhí i bPáidí Mac Amhlaoibh i gcónaí, ní raibh leasainm air ariamh, agus is aisteach an rud é sin ós é a thug leasainm dá gach mac mháthair eile sa sráidbhaile.
Fuair a mháthair bocht bás agus é fós óg, agus bhí a athair an-shean, fiú nuair a bhí Páidí óg.
Ní dhearna sé go maith sa scoil, in ainneoin go dúirt na múinteoirí uilig gur dhuine fíor cliste a bhí ann. Easpa smachta sa mbaile is cúis lena neamhshuim is dóigh.

Is cuimhin liom go maith a athair ag Aifreann an Domhnaigh, ar dheis Dé go raibh sé, agus a bhréagfholt ait, leath ar a cheann agus leath as. Bhíos ann agus triúr eile mar bhuachaillí na haltóra ag iarraidh a bheith dáiríre os comhair súile Dé agus an phobail araon. Faraor, cuireadh ainchruth bhréagfholt Mhic Amhlaoibh os comhair mo shúl, agus é amhail cat marbh fliuch ag sleamhnú síos a shean-mhaolcheann.
Ní déarfainn go bhfuil aon ghalar níos tógálaí ná seitgháirí gan smacht. Tá sé ní ba mheasa fós agus tusa ag bun altóir naofa os comhair do phobail is do mhuintir. Níl aon leigheas air seachas gáire láidir fada chun an galar a ruaigeadh i gceart as an gcorp.
Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an ndearg-phian fíor-ghreannmhar sin go deo agus gruaig Mhic Amhlaoibh.

Daoine fíor-saibhir a bhí i gclann Mhic Amhlaoibh, is leosan atá An Bheartrach, sin talamh gan mhaith, dumhcha agus talamh gainmheach cois farraige.
Ní bheadh aon mhaith le saothrú as in aimsir a sinsear, seachas le haghaidh seilge. Giorriacha agus éin.
Ach mar gheall ar an bhfás ar an ngeilleagar Ceilteach tháinig fás as cuimse ar an spórt gailf agus tithe saoire cois trá do lucht na cathrach is an rachmais.
Faigheann Mac Amhlaoibh óg na mílte euro ar cíos ón gcumann gailf gach bliain agus na céadta míle euro don talamh le haghaidh na dtithe saoire agus an ostán nua gránna.

De bharr an airgid ní raibh, agus níl, fadhb ag Páidí mná a mhealladh. Agus sin in ainneoin na fírice go bhfuil sé ramhar, gránna agus ina dhearg-alcólach.
An cailín nua atá aige, is as an Eoraip í, an Pholainn, b'fhéidir.
Bíonn sé ag troid i gcónaí léi sa bpub, nó ba chóir dom a rá, bíonn sí á bhuaileadh i gcónaí. Bhí siad baráilte as beagnach gach ceann de na 13 pub sa sráidbhaile le déanaí.
Thosaigh siad ag ól sa mbaile ar an mBeartrach mar sin.
Bhí scliúchas éigin eatarthu oíche amháin, agus ghlaoigh Páidí ar na Gardaí. D'ionsaigh sí le scian é agus é ina choladh ar an dtolg, dar leis.
Bhí sé ag fáil bháis leis an méid fola á dhoirteadh as.
Mhair sé, ar aon nós. Ach bhí air a dhul ar saoire mar gheall ar an náire a bhraith sé. Scéal na seachtaine ab ea iad, cois gach uile chuntair agus ar gach uile leac dorais.

"Cheapas gur bhean aisteach í agus muidne ag dul amach" a deir Pól na Gruaige, an gruagaire, le mórtas ait. Buachaill céile an Pholannaigh roimh bPáidí ab ea an gruagaire céanna.
"Dhúisigh mé oíche amháin, i lár na hoíche, agus bhí sí ag bun na leaba ag stánadh orm agus ag caitheamh tobac."
"Chualas go ndearna sí iarracht a bhuachaill san Eoraip a ghearradh in dhá leath!" arsa Fear an tí.

Tháinig Páidí ar ais óna saoire náire, níor chuir sé aon chúiseamh i leith a chailín as ucht a hiarracht é a mharú.
Tá siad le pósadh sa samhradh.
Grá is dóigh.

3 comments:

Dennis King said...

An-cheann eile, bail ó dhia ort!

Níor thuig mé rud amháin, an forainm "sé", san abairt seo:

"Dhuaisigh mé oíche amháin, i lár na hoíche, agus bhí sé ag bun na leaba ag stánadh orm agus ag caitheamh tobac"

"Dhúisigh", dála an scéil, an litriú iondúil.

Dennis King said...

Agus mise ag caint ar litriú, "cín lae" an litriú atá uait. Focal sách ársa atá ann, a bhí againn cheana sa tSean-Ghaeilge (an LS Cín Dromma Snechta, mar shampla), a tháinig ón Laidin "quina / quinio", leabhrán a bhfuil cúig dhuilleog (= deich leathanach) ann.

Dubhaltach said...

"sí" a bhí i gceist ansin a chara

Go raibh maith agat as ucht na ceartúcháin