Dé Céadaoin, Samhain 17, 2010

M2010.11.12



Preasráiteas ó Pháirtí Cumannach na hÉireann

"I ráiteas a eisíodh ar 17 Samhain iarrann an CPI ar an bpobal oibre, agus ar an gcéad dul síos ar an eagraíocht a mhaíonn go seasann sí leo, is é sin gluaiseacht na gceardchumann, cur i gcoinne na mbeartas atá an tAontas Eorpach agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a chur orthu agus a chuirfidh amach anseo."

M2010.11.11

Dé Máirt, Samhain 16, 2010

M2010.11.10

Bhí mé ag éirí paranóideach inniu, nuair a bhíos sa bhanc i nDumhach Thrá níos luaithe chonaic mé bainisteoir an bhainc ag amharc ar an scuaine agus cuma eaglach buartha air!
Cheap mé, ag breathnú air, go raibh sé buartha faoi dhaoine ag tógáil airgid amach le cur i mbainc eile, cinn níos sábháilte! Tá a bhanc dócmhainneach, go huile is go hiomlán, a smaoinigh mé liom féin, cén fáth nach mbeadh a leithéid ag tarlú?!
An raibh eolas sa bhreis aigesean nach raibh agamsa a bhí mar ábhar buartha dó? a cheistigh mé.
B'fhéidir go bhfuil an ceart ag mo chairde a gcuid coigiltis a bhogadh amach as na bainc Éireannacha chun bainc eachtrannacha? Na cinn siúd le grádú níos fearr a chinntíonn sábháilteacht níos fearr an dtuigeann tú.
An bhfuil an rith ciúin sin ag tarlú sna bainc agus ag bailiú nirt mar a mhaíonn roinnt tráchtairí eacnamaíochta?
An bhfuil coigilteas Brian "an tírghráthóir" Lenihan i mbanc Éireannach fós?

Chuir mé as m'aigne é.
Tá cosaint Eorpach ar fáil do choigiltis chustaiméirí suas go dtí €100,000.
Sin mise clúdaithe gan amhras! Ach is mar gheall ar amhras mar seo a tharlaíonn rith ar na bainc.

Chomh maith leis sin tá cúrsaí na tíre le cúpla lá anuas ag spreagadh an-chuid amhrais i measc an phobail.
An bhfuil na bainc le thrust lenár gcuid coigiltis?
An bhféadfaí brath ar an IMF ó thaobh na bainc agus coigiltis?
Agus arís, agus arís eile, déanann Fianna Fáil cinnte de nár chóir dúinn muinín ar bith a bheith againn astu. Ag síor-séanadh agus ag bréagadóireacht le linn an deireadh seachtaine nach raibh cainteanna ag dul ar aghaidh faoi bheart tarrthála eatarthu féin agus an Banc Ceannas Eorpach/IMF, nuair a bhí sé soiléir ó thuairiscí sna meáin eachtrannacha go raibh. Ba é an radharc de Bhert agus Ernie .i. an tAire Iompair agus an tAire Dlí is Cirt, ag bréagadóireacht go scigiúil ceanndána inné, ba é ceann de na rudaí is dímheasúla a bhfaca mé ó thosaigh an ghéarchéim caipitleachais seo.

Agus sin é, sin an rud is tábhachtaí le cuimhneamh i gcónaí .i. seo géarchéim chaipitleachais.
Is cuma cé chomh dímheasúil agus ar mire a éiríonn Fianna Fáil/an AE ina láimhseáil den ghéarchéim áirithe seo, caithfear cuimhneamh, mar chaipitlithe maithe ní foláir dóibh na fadhbanna a chruthaíonn an córas caipitleachais a bhogadh go dtí an pobal.
Mar ní féidir le caipitleachas a fhadhbanna féin a réiteach gan an córas a scriosadh.
Ní fiú a bheith ag caint faoi athrú rialtais, cultúir agus bunaíocht bhaincéireachta mar réiteach ár bhfadhbanna. Chomh fada agus a mhaireann an galar mairfidh a thinnis.

Rugadh is tógadh i ngéarchéim chaipitleachais mé, mairfidh mé trí ghéarchéimeanna caipitleachais, agus gheobhaidh mé bás le linn géarchéime caipitleachais.

Dé hAoine, Samhain 12, 2010

M2010.11.09

Aréir bhí clár speisialta den Imeall tugtha in ómós do shaol agus shaothar an aisteora Mick Lally, a fuair bás de bharr tinnis ag deireadh mí Lúnasa i mbliana.
Bhí mé thall sa Ghréig ag an am, agus mar sin chaill mé deis cloch a chur ar charn agus m'ómós féin a thaispeáint don bhfear ar an chúinne chiúin seo den idirlíon.

Chas mé leis i mBaile Átha Cliath tráth. Bhí mé ag ligean mo scíth sa Dame Tavern -ag éalú ón tsiopadóireacht a bhí mo chailín ag déanamh- agus ag breathnú ar Chluiche Ceannais Chúige Uladh. Shuí sé síos sin aice liom le breathnú ar an gcluiche freisin, agus bhí roinnt cur is cúiteamh eadrainn faoin gCraobh (as Gaeilge ar ndóigh). Fear uasal lách a bhí ann caithfear a rá.

I ndiaidh an chláir ómós bhí clár ar leith fíor-spéisúil eile bunaithe ar an dráma "Scéalta ó Theach na mBocht". Ina dtaispeánann an Maolallach a chumas iontach aisteoireachta mar an tiarna talún le linn an Ghorta Mhór.
Níl sé suas ar shuíomh TG4 go fóill, le cúnamh Dé beidh sé go luath. Is fiú súil a chaitheamh air má fhaightear an deis.

Déardaoin, Samhain 11, 2010

M2010.11.08

Seachtain ó shin cuireadh sraith blagmhíreanna spéisiúla ar Royal Dutch Shell plc.com faoi rúin Naitsíoch na comhlachta ola is gáis Shell.

Thacaigh agus mhaoinigh Shell na Naitsithe le linn amantaí cinniúnacha i bhforbairt an pháirtí, agus go leanúnach i ndiaidh sin. Chonaic siad sna Naitsithe páirtí a bheadh mar tacú dóibh ina mianta seilbh phríobháideach a fháil ar ghoirt ola na Rúise, agus áiteanna eile san Eoraip.
Ar mo chéad léamh de chonacthas dom go raibh Shell ag leanúint loighic an chaipitlí ina iarracht caipiteal a charnadh agus brabús a chinntiú. Más gá cúpla mhilliún duine a mharú chun an sprioc sin a bhaint amach, bhuel, is cuma! "Sin caipitleachas!"
Ní raibh páirtí níos oiriúnaí ar fáil do chomhlacht mhór phríobháideach ná páirtí faisisteach amhail na Naitsithe.
Mar a mhaígh -de réir cosúlachta, más fíor- an faisistí Iodálach tráth "Ba chóir corparáideachas a thabhairt ar fhaisisteachas toisc gurb é atá ann ná an teacht le chéile de chumhacht stáit agus cumhacht chorparáideach".

Ach ní saint amháin a spreag Shell, de réir mhuintir Uí Dhonnabháin bhíodar frith-Sheimíteach freisin!

Is fiú súil a chaitheamh ar an bhlag.

M2010.11.07

Chruthaigh an lagbhrú -atá ag séideadh anois go fíochmhar san iarthar (bhí tuairisc de ghaoth ag 122km/u i mBéal an Mhuirthead, agus tá rabhadh ann do ghaoth fórsa gála 12!)- chruthaigh sé na coinníollacha cuí cúpla lá ó shin dos na tarraing-isteach-tonnmharcaigh triail a bhaint as áit "nua" le haghaidh an spóirt.

Táid ina dtost faoi shuíomh na toinne. Rud is gnáth le tonnmharcaigh mar, de ghnáth, is daoine an-leithleasach féin-dúghafa iad.
Creideann siad gur leosan an fharraige agus na tonnta a chruthaíonn an aimsir! Níor mhaith leo dá mbeadh a fhios ag éinne eile cá bhfuil an tonn a bhfuilid ag déanamh mór di.
Tá sé mar an gcéanna do thonnmharcaigh uilig, is cuma cén saghas toinne atá i gceist, beag nó mór. Spórt aonarach is ea é agus spreagann sé an saghas meoin sin i measc a bhallraíochta.

Chomh maith leis an miseféineachas rábach ina measc cuireann siad a logainmneacha féin ar na tonnta, nó an áit a bhfuilid ar aon chaoi. Is é Aill na Searrach an sampla is fearr den mheon seo. Sin ainm dúchas an áit, ach cuireann siadsan "Aileens" air!

Déantar mar an gcéanna le gach tonn eile a bhfuil aithne agam air timpeall na tíre. "Pink Rocks" "Blasters" "Lefts"etc agus ar ndóigh an ceann nua seo "Prowlers". Amhail is nach raibh na háiteanna seo ainmnithe le míle bliain anuas ag an gcultúr dúchais.

Ar aon nós, go bhfios dom, tá an ceann "nua" seo lonnaithe 2 mhíle amach ó Mhullach Mór i gcontae Shligigh.

M2010.11.06

(radharc de stoirm Carmán ag 23:30 10/11/10)
Ní stoirm an chéid é, nó hairicín fiú (ní bhíonn hairicíní againn in Éirinn) ach beidh cumhacht i bhfad níos mó ag an stoirm seo i gcomparáid leis an doineann ag an deireadh seachtaine!

Ach cá bhfuil an áiféis agus cacamas óna meáin chumarsáide? Cá bhfuil na míreanna nuachta agus an t-aineolas leanúnach gurb é seo hairicín Tomás!?

Ó, is é, sin é, táid go léir lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus níl radharc acu thar chlaí na Páile, agus beidh an ceann seo ag tabhairt batráil cheart don iarthuaisceart.

Is gnáth-doineann é nuair a tharlaíonn an chuid is measa de san iarthar, ach is "hairicín ón Mhuir Chairib" é má tá gaoth lag éigin san oirthear.

Dé Céadaoin, Samhain 10, 2010

M2010.11.05

"Cad é an scéal?" atá ar na bratacha siúd atá timpeall na cathrach ag fógairt Dubhlinne mar chathair litríochta.
Nuair a fheicim é smaoiním á rá le blas láidir de lucht oibre uasal na cathrach; "Cad é an scéal bud?"
Mar chuid den aitheantas mar chathair litríochta chonaic mé, ar na mallaibh, i leabharlann an Phiarsaigh, bord iomlán leagtha amach romham le leabhair Ghaeilge úr-nua. Bhí boladh úr as na leathanaigh fiú.
Amhail scónaí mo sheanamháthar go díreach as an oigheann, shamhlaigh mé na leathanaigh a bheith te fós i ndiaidh obair an chlódóra.
Gan smál, nó sciorradh pinn an mhic léinn Ghaeilge, nó barr leathnaigh le filleadh cluasach a bhuí leis an duine sin gan leabharmharc, nó rian méara an oibrí ghuail le feiceáil ann fiú. Foirfe dar fia!
B'fhéidir go raibh 10 gcóip ann, nó níos mó.
Searbhlach de Hoilm ag croitheadh láimhe le Searbhlach de Hoilm na Gaelainne .i. an tAthair Pádraig Ó Duinnín, a bhí ar gach ceann acu.
Sárleabhar "Bhiddí", "An tAthair Pádraig Ó Duinnín - Bleachtaire" a bhí i ngach ceann acu.

Bhí an leabhar léite agam cheana ar ndóigh, ach níor léigh mé leabhar ón leabharlann a bhí chomh ghlan sin ariamh, mar sin bhí sé orm é a fháil.
Tá sé fós ina shárlitríocht dála an scéil.
Cúpla sheachtain ina dhiaidh sin thugas cuairt go dtí leabharlann phoiblí na Rinne. Cad sa diabhal eile a bhí romham ach bord eile leagtha amach le Searbhlach agus an Duinníneach ag croitheadh láimhe arís. Gach ceann úr gan smál neamh-léite, leis!

Dar fia, ach nach bhfuil airgead flúirseach ag lucht litríochta na Gaeilge a bheith ag foilsiú an méid sin cóip de leabhar atá ar fáil cheana, sna leabharlanna céanna?
An bhféadfadh an t-airgead sin a úsáid ar bhealaí níos táirgiúla chun litríocht fíor-nua a spreagadh?

Dé Máirt, Samhain 09, 2010

M2010.11.04

Bhí giolla Mhick O'Leary ag iarraidh a bheith greannmhar ar an raidió tráthnóna, ag cosaint fógra nua Rianaer a dhéanann scig ar Neil Prendeville, agus eisean ag tarraingt ar a easpag os comhair lucht an chábáin le linn turas ó Londain ar eitilt Aerloingeas.

Ní mó ná sásta a bhí urlabhraí ó Ionad Éigeandála um Éigniú Bhaile Átha Cliath leis an gcacamas. Ní mar gheall ar an ábhar is dóigh, ach go bhfuil stáisiún raidió ag tabhairt an méid sin bolscaireachta do sheafóid dá leithéid ag an am céanna is atá méadú mór ar líon na ndaoine á n-éigniú i mBaile Átha Cliath amháin. "Tá cúrsaí is ceisteanna níos tábhachtaí agus tromchúisí le plé", agus an ceart aici.
De réir na staitisticí a luaigh sí bhí méadú ar ionsaithe gnéasacha timpeall na cathrach le dhá bhliain anuas. Agus dúirt sí go bhfuil níos mó foréigin le feiceáil sna hionsaithe seo ná mar a bhíodh! Dá bhféadfadh gníomh níos foréigní a dhéanamh!

Scanrúil ar fad.
Agus chuir sí staitistic eile i gcuimhne domh a chuala mé ar na mallaibh freisin.
Is é sin go bhfuil, anois, de réir an taighde is nuaí, foréigean le feiceáil i 90% den phornagrafaíocht atá ar fáil ar an idirlíon!

90%!
Caithfear go bhfuil gaol idir chúlú eacnamaíochta, mhéadú ar úsáid porn ar an idirlíon, normalú pornagrafaíochta i measc daoine óga agus an fhíric go bhfuil foréigean á úsáid mar ghnáthchleachtas i ngeas ag lucht porn....

Dé Luain, Samhain 08, 2010

M2010.11.03

Níor mhian liom a bheith i m'iompróir drochnuachta.
Ach seo chugat é ar aon chaoi, caith siar é!, mura bhfuil sé léite agat cheana.

I ndáiríre níl aon rud ann nach dtuigeann muid cheana, fiú is go ndéantar neamhaird de go minic.
(An bhfuil a fhios agat, is é "neamhaird" an focal is luaithe a thaganns chun cuimhne domh nuair a smaoiním faoin ngéarchéim seo).

Seachas an gnáth tairngreacht dhuairc, an-chruinn, an údair sheas an líne seo a leanas amach domh mar ghné spéisúil:
As ordinary people start to realise that this thing is not only happening, it is happening to them, we can see anxiety giving way to the first upwellings of an inchoate rage and despair that will transform Irish politics along the lines of the Tea Party in America.
D'fhéadfaí, gan mórán dua na samhlaíochta, an tÉireannach a shamhlú ina bhall de ghluaiseacht den eite dheis, ag cur lochta a ainnise ar eachtrannaigh, an rialtas, ar an earnáil phoiblí agus an cháin a íocann sé srl. Seachas ar an gcóras eacnamaíochta, idé-eolaíochta agus coimhlint aicme ina maireann sé.

Tá ceist Luxemburg a reatha is a bhí sí ariamh; sóisialachas nó barbarthacht?

Dé Domhnaigh, Samhain 07, 2010

M2010.11.02

(An doineann mar a bheas sí ag a 9 a chlog anocht)

Ón méid feicthe, cloiste agus léite agam ó na meáin le cúpla lá anuas bheinn ag ceapadh go mbeidh radhairc as an scannán "Arú Amárach" le feiceáil againn timpeall na tíre anocht, agus maidin amárach...

Inné agus arú inné bhí rabhaidh ar na nuachtáin go léir gurb é seo "an doineann is measa a bhuail an tír ariamh" agus go raibh "a weekend of flooding is blowing our way across the Atlantic from Haiti" mar a mhaígh eagarfhocal an IT! Bhí an Indo ag maíomh an méid céanna faoi hairicín Tomás freisin. Hairicín atá ar an taobh eile den Atlantach, laistiar de Bhermuda, mar a scríobhaim dála an scéil!
Le cead don IT cheartaigh siad a dtuairiscí níos luaithe inné ar chomhairle Mhet Éireann.

Sílim gur taispeántas maith na tuairiscí seo sna meáin ar laigí na meáin céanna agus a gcumas an tuairisc is simplí a dhéanamh ar an eolas is bunúsaí.
Is é sin tá gnáth lagbhrú geimhridh ag bogadh isteach, níl aon rud ar leith faoi ó thaobh gaoth nó cumas báistí, ach, tá lán mara ag tarlú ag an am céanna, agus mar sin, tá baol taoide thuile in áiteanna amhail Cathair Chorcaí agus na Gaillimhe etc.

Seachas sin fuair muid áiféis agus míeolas.

Dé Céadaoin, Samhain 03, 2010

M2010.11.01

Comhghairdeas le Pearse Ó Dochartaigh as an bhua san ArdChúirt inniu.
Ní fhéadfaidh Fianna Fáil/na Glasaigh ceart daonlathais, agus cearta bunreachtúla, mhuintir Dhún na nGall Thiar Theas a shéanadh a thuilleadh. (Beidh le feiceáil cad a tharlóidh sna trí dáilcheantar eile ina bhfuil daonlathas á shéanadh).
Anois beidh sé ar an rialtas aontú leis an rún atá le cur os comhair na Dála ag Sinn Féin amárach; go reáchtálfar an fothoghchán i dTír Chonaill roimh dheireadh na míosa seo.
Níl aon dhul as do Fhianna Glas anois.

Beidh na meáin lán le hanailís ar an bhua seo, ar an agóid ag mic léinn na tíre in aghaidh ciorruithe ar oideachas á mbeartú ag giollaí na mbanc Gearmánacha, agus, gan amhras, an foréigean gan gá a d'úsáid na Gardaí ar na mic léinn lasmuigh den Roinn Airgeadais inné!

Beag an baol faoin gceann deireanach sin!

Lasmuigh den na rudaí sin is fiú súil a chaitheamh ar óráid mhac Uí Dhochartaigh faoi cad ba chóir dúinn a dhéanamh leis na hEastáit Sí/tithe folmha. Agus an chaoi a bhfuil Fianna Fail ag teacht i bhfóirithint ar na forbróirí/bainc (NAMA) lena mbeart léasa sóisialta, seachas iad a cheannach anois, ag praghas an-an-an-íseal go deo, ar son tithíochta sóisialta.

Is éard atá ann ná an 6 nóiméad is fearr a d'fhéadfaí a chaitheamh os comhair ríomhaire. Óir ní thiocfar ar a leithéid agus tú os comhair teilifíse, nuachtáin nó raidió.


Aguisín: Bhíos ag breathnú ar Nuacht TG4 anocht, agus n'fheadar an raibh Eimear Ní Chonaola ag magadh, ar bhealach, ach chuir sí an cheist ar sheanadóir Ó Dochartaigh an gcreideann sé go raibh sé "beagáinín mífhreagrach ag tabhairt faoi chás cúirte mar seo agus an tír faoi bhrú ollmhór, súile an domhain agus na hEorpa orainn agus coimisinéir na hEorpa Olli Rehn le cuairt a thabhairt orainn" i gceann seachtaine.

Bhí sé ait má bhí sí ag magadh! Agus bheadh sé níos aistí fós má bhí sí ag iarraidh a bheith dáiríre!