Déardaoin, Meán Fómhair 23, 2010

M2010.09.07

M2010.09.06

Irish economy faces double dip recession a mhaíonn ceannteideal in alt sa nuachtán Sasanach An Gardaíon.
Ach chun titim ar ais i gcúlú arís ní foláir teacht amach as ar dtús!
Níor tháinig muid as an gcúlú ar feadh soicind fiú.

Tá OTN .i. an geilleagar baile seo againne, ag tosnú ar a thríú bhliain as a chéile i mbun crapadh, gan stad nó staonadh.
Tháinig cuid mhaith de thíortha eile na hEorpa as an gcúlú beagnach bliain ó shin. Níl polasaithe Fhianna Fáil/na nGlasach i bhfeidhm acu an dtuigeann tú .i. ciorruithe, ciorruithe níos mó ciorruithe agus sábháil sealbhóirí bannaí i mbanc marbh Fhianna Fáil!

Dá dtitfeadh geilleagar amhail an Ghearmáin arís d'fhéadfá a mhaíomh ansin go raibh cúlú de chliseadh dúbailte ann.
Ach in Éirinn is éard atá ag tarlú ná spealadh.

An Spealadh Mór Éireannach.

M2010.09.05

D'eisigh Comhairle na NA um Chearta an Duine tuarascáil aréir a fhaigheann Iosrael de shárú ar chearta daonna agus gur bhris sé an dlí nuair a d'ionsaigh a shaighdiúirí an cabhlachán cabhrach ar a bhealach chun Gaza i mí Bhealtaine i mbliana.
"Thaispeáin sé leibhéal do-ghlactha brúidiúlachta" agus "gur sárú tromchúiseach de dhlíthe cearta daonna agus de dhlí daonchairdiúil idirnáisiúnta a bhí ann".
"Tá an-fhianaise ann tacú le hionchúisimh sna coireanna a leanas laistigh d'alt 147 de Choinbhinsiún na Ginéive: dúnmharú; céasadh; ag cur pian go toiliúil nó ag gortú colainne agus sláinte"

Cáineadh nach beag atá ann mar sin, amhail is go raibh sé ag teastáil uainn le tuiscint go raibh dlíthe cearta daonna briste acu go brúidiúil neamhthrócaireach ar an oíche úd.
Mar sin, an rud is spéisiúla anois faoin scéal ná an chaoi ar tuairiscíodh agus ar thuairisceofar é. Thug Mediabite.org faoi deara ar an toirt an saghas tuairiscithe a bhí an Irish Times ag déanamh. Agus mar is dual don nuachtán sin feidhmíonn sé mar "Oifigí Caidrimh Phoiblí" ar son rialtas Iosrael ag tosnú an ailt faoin tuarascáil le preasráitis cháinteacha agus séanadh!
Faigheann na NA Iosrael i mbun sárú ar chearta daonna agus tosaíonn an Irish Times an chéad 4 paragraf san alt ag cur claonadh frith-Iosraelach i leith na NA um Chearta an Duine, polaitiú agus antoisceachas freisin!

Teanga na cumhachta arís.

Dé Céadaoin, Meán Fómhair 22, 2010

M2010.09.04

Cheap mé go raibh cartún tuillte ag an gcaint seo go léir le dhá lá anuas sna meáin maidir lenár ráta bannaí.
Ach chuimhnigh mé nóiméad ó shin go raibh ceann déanta agam cheana siar i mí na Bealtaine i mbliana. Féach thuas.

Ag an am sin rith ár gcostas iasachta ó lucht gaimbín idirnáisiúnta suas go tréan dtí 5.5% ar bhannaí 10 mbliana!
Is beag plé a bhí sna meáin ina leith ag an am. Bhí sé "soláimhsithe" an dtuigeann tú.
Níor tháinig aon athrú ar pholasaithe an rialtais ó shin, mar sin, an tseachtain seo bhain ár gcostas iasachta 6.7% amach ag pointe amháin. Go dtí gur tháinig an Banc Ceannais Eorpach isteach, arís, ag ceannach bannaí gan mhaith dár gcuid, ag laghdú ár gcostas iasachta, beagán, go dtí 6.3%.

Cad a chiallaíonn sé sin, bhuel, dar le Mac Uilliam; "leanfaidh an BCE ag tacú le bannaí Éireannacha dá dhonacht an damáiste a dhéanann na polasaithe do gheilleagar na hÉireann. Is cuma gur fásach a bheas i ngeilleagar na tíre, chomh fada agus a leantar ar aghaidh ag íoc ár bhfiacha agus ag comhlíonadh na bpoll sna bainc le hairgead an phobail Éireannaigh."

Dé Máirt, Meán Fómhair 21, 2010

M2010.09.03

Táim ag súil go mór leis an gclár seo amárach; 1916 - Seachtar na Cásca.
Maíonn an blurba ar shuíomh TG4 go "léiríonn an tsraith an éagsúlacht a bhain lena bpearsantachtaí agus riarann an t-aistear a thug le chéile iad mar cheannairí ar an imeacht chinniúnach seo i stair na hÉireann."

Sílim go bhfuil roghnú aisteoirí maith déanta ag na scannánóirí/léiritheoirí don seachtar. Tá tuilleadh grianghraf des na carachtair le feiceáil ar Fésbúk, anseo.
Tá cruth iontach orthu, agus na radhairc araon. Tá an "gunner eye" ag an bPiarsach fiú!



Ach lasmuigh den stíl galánta, agus nuair a chonaic mé an fógra ar dtús, rith sé liom go mbeadh díomá orm leis an gclár toisc gur annamh a léirítear i gceart an saghas sóisialachais, Gaelachais agus an poblachtachas a spreag an seachtar siúd le dul i mbun gnímh.
Agus tá tábhacht nach beag ann inniu an fhís shóisialach sin a fháil ar ais chun machnamh agus spreagadh a thabhairt d'aicme oibre na tíre.
Tá sé níos tábhachtaí fós toisc gurb é seo an chéad sraith theilifíse faoin Éirí Amach a léireodh le beagnach caoga bliain, mar a mhínítear ar an mblurba.

Níl ach nóiméad ó shin, chonaic mé cé go díreach atá ag scríobh don tsraith .i. Aindrias Ó Cathasaigh! :)
Cuirfidh mé mar seo é, bheinn billiúin uair níos muiníní agus sásta as cumas Uí Chathasaigh sóisialachas Uí Chonghaile a chur in iúl dúinn ná mar a dhéanfaidh Joe Duffy ar RTÉ!

Dé hAoine, Meán Fómhair 17, 2010

M2010.09.02

Ó Annála Uladh, bliain an domhain 841:

Longport oc Linn Duachaill asar orta tuatha & cealla Tethbai.


le linn 842:

Orggain Cluana M. Nois o genntibh di Linn Duachail.

agus aois an domhain 851:

Tetact Dubgennti du Ath Cliath co ralsat ár mór du Fhinngallaibh & coro shlatsat in longport eitir doine & moine. Slat do Dubhgenntib oc Lind Duachail & ar mor diib.

Is é sin le rá:

Longfort ag Linn Duachaill inar ndearnadh creach ar thuatha agus chealla Tethbae.

agus

Mharaigh gintlí ó Linn Duachaill lucht Chluain Mhic Nóis.

agus

Teacht Dubh-ghintlí go hÁth Cliath, dhein siad ár mór ar FhinnGhallaibh agus sléacht ar an longfort idir dhaoine agus mhaoine. Rinne na Dubh-ghintlí slad ar Linn Duachaill, agus ár mór díobh.

Bliain an domhain 2010, tháinig Éireannaigh ar Linn Duachaill agus suíomh an sladta ar Áth na gCasán

Dé Luain, Meán Fómhair 13, 2010

M2010.09.01

Tá an méid sin rudaí ann ar mhaith liom scríobh fúthu toisc nár scríobh mé faic le tréimhse sách fhada, sílim go bhfuil mo chloigeann ar tí pléascadh dá bharr!

Táim róghnóthach faoi láthair na smaointí a bhreacadh síos ach le cúnamh Croim beidh seans agam go luath.
Idir an dá linn cheap mé gurbh fhiú an t-alt thar a bheith iontach seo ón Guardian a léamh maidir le Veiniséala agus na tuairiscí eacnamaíochta a bhí cloiste agat go dtí seo.
Ní bolscaireacht agus aineolas go dtí na meáin iartharach!
Agus mar a mhaíonn an t-údar más mian leat nuacht chothrom fhírinneach a fháil, bíodh sin faoi Veiniséala nó níos cóngaraí don bhaile, ní mór duit feidhm a bhaint as an idirlíon.

Dé Sathairn, Lúnasa 28, 2010

M2010.08.13

Ar an lá seo in 1963 thug Máirtín Liútair Óg Ó Cionga a óráid mhór chlúiteach "Tá brionglóid agam" le linn mórshiúil ar son cearta sibhialta agus an ceart le hobair.
Is iomaí uair ó shin a bhaintear úsáid as roinnt des na focail chun spiorad agus fuinneamh éigin na gluaiseachta sin a athghabháil ar ais arís.
Mar atá a fhios againn go maith bhí sé mar sprioc aige cothromaíocht pholaitíochta a bhaint amach don fhear gorm sna stáit. Agus is chuige sin a bhí sé nuair a thug sé an óráid mór le rá.

Ach sna blianta i ndiaidh sin, agus de réir a chéile mar is dual do mhachnamh, rith sé leis nach mbeadh sé maith a dhóthain cothromaíocht pholaitíochta amháin a bhaint amach dá mhuintir!
Cad is fiú an chothromaíocht sin ar a aonar nuair atá neamhionannas eacnamaíochta is sóisialta lonnaithe go daingean dobhogtha dochloíte i gcroílár an chórais eacnamaíochta?

D'fhorbair sé smaointí ar an ábhar de choimhlint aicme sna blianta beaga roimh a dhúnmharú i '68.
I 1966, in óráid a thug sé i dtacaíocht do bhailitheoirí bruscar a bhí ar stailc mhaígh sé "nach féidir réiteach a fháil ar fhadhbanna eacnamaíochta an fhir ghoirm gan plé a dhéanamh faoi na billiúin dollar". Bhí saghas áirithe drogall air é a admháil ach lean sé leis: "tá muid ag snámh in uisce contúirteach, óir is éard atá á rá agam ná tá rud éigin cearr....le caipitleachas."

Is annamh a chloistear daoine ag caint faoina óráid chlúiteach "Tá rud éigin cearr, le caipitleachas"! Cén fáth sin?

Nílim ag maíomh gur sóisialach amach is amach a bhí ann ag an am ach an oiread.
8 mbliana roimhe bhí sé go láidir in aghaidh cumannachais de bharr a easpa measa ar chreideamh, agus b'fhéidir de bharr a aicme bhuirgéiseach féin.
Ach spreag cumannachas saolta é an córas agus an idé-eolaíocht ina mhair sé a cheistiú agus smaointí a fhorbairt ina leith.
Mar shampla san óráid chéanna luaite thuas, in '66, dúirt sé: "Caithfear dáileadh saibhris níos fearr a bheith ann, agus ba chóir do Mheiriceá bogadh i dtreo daonlathas sóisialach".

Dhá bhliain níos déanaí ina dhiaidh sin 1968, i mbliain a bháis, dúirt sé in óráid eile gur chóir go mbeadh "athdháileadh radacach de chumhacht eacnamaíochta" ann.
Ní bheadh an Conghaileach nó an Lorcánach in ann é a rá níos fearr, agus is léir cén treo a raibh sé ag dul ina chuid smaointeoireachta ar an cheist!

Cén brionglóid a bheadh aige inniu?

Dé Domhnaigh, Lúnasa 22, 2010

M2010.08.12

Mura bhfuil tú ag cur ama amú ag breathnú ar an mbosca amadáin anocht mholfainn an leacht thíos ó Noam Chomsky sa Collège de France le déanaí.

Tugtar míniúchán ar an leacht mar chíoradh ar bhoilgeog 2008, daonlathas agus nua-liobrálachas/corparáideachas .i. an córas eacnamaíochta/airgeadais ó dhearcadh Meiriceánach.
Blasta!



Agus mura bhfuil do sháith agat i ndiaidh sin a léitheoir ocrach is féidir do chuid ama a mheilt ag foghlaim faoin naimhdeas bunúsach a mhaireann idir tusa féin agus an caipitlí a dhúshaothraíonn tú chun brabús a bhaint amach as do chuid oibre.



Gan amhras beidh roinnt saothar ort iad go léir a thuiscint go beacht go háirithe má tá focail nua á gcloisteáil agat don chéad uair. I ndáiríre le leachtanna mar seo bíonn gá a dhul ar ais agus iad a bhreathnú níos mó ná uair amháin, sa chaoi chéanna a théitear siar ar do chuid nótaí i gcoláiste chun rud éigin a fhoghlaim i gceart agus go cruinn.
Ach ar nós aon rud arbh fhiú a fhoghlaim bíonn saothar áirithe ag baint leis.

Dé Sathairn, Lúnasa 21, 2010

M2010.08.11

In aiste dá chuid san eagrán is déanaí den Bhratach Dhearg cáineann Aindrias Ó Cathasaigh an eite chlé in Éirinn toisc nach bhfuil mórán plé nó cainte uathu ag comóradh céad bliain leabhar Uí Chonghaile Labour in Irish History.
Ní shílim féin go bhfuil locht le cur ar an eite chlé in Éirinn gan níos mó airde á chur ar an leabhar, óir is minic a bhíonn sé pléite agus léite cheana, is cuma faoina chomóradh céad bliain.
Luíonn locht na heaspa plé le staraithe Éireannacha agus an pobal Éireannach go ginearálta.

Tháinig an leabhar amach i mí na Samhna 1910, agus mar a mhaíonn sé san aiste is éard atá ann ná an acmhainn liteartha is fearr do shóisialachas Éireannach go dtí seo.

Sa leabhar rinne an Conghaileach iarracht bunús stairiúla a thaispeáint chun a fhís pholaitíochta de Phoblacht na nOibrithe a chur chun cinn.
Bhí sé ag baint úsáide as teoiric Marx a deir gur chóir cúinsí staire a mheas de réir an chóras eacnamaíochta inar thit siad amach. Go bhfios dom seo an t-aon leabhar scríofa faoi stair na tíre a amharcann uirthi trí dhearcadh Marxach.
Mar shampla simplí; míníonn an Conghaileach an Gorta Mór mar iarmhairt dosheachanta de chaipitleachas féin:
England made the famine by a rigid application of the economic principles that lie at the base of capitalist society. No man who accepts capitalist society and the laws thereof can logically find fault with the statesmen of England for their acts in that awful period.
..all except a few men had elevated landlord property and capitalist political economy to a fetish to be worshipped, and upon the altar of that fetish Ireland perished. At the lowest computation 1,225,000 persons died of absolute hunger; all of these were sacrificed upon the altar of capitalist thought.
Toisc go n-amharcann an Conghaileach ar na cúinsí seo trí chur chuige Marxach is féidir leis an Chathasach (lena thuiscint ar Marxachas) a léirmheas agus chritic a dhéanamh ar an saothar.
Agus ní foláir dom a rá, is critic thábhachtach spéisiúil é.
Ceartaíonn sé go minic úsáid amscaí Uí Chonghaile d'anailís Marx ar ghnéithe áirithe sa leabhar. Agus cuireann sé ar ár súile dúinn, mar shampla, an maíomh stairiúil mícheart go raibh úinéireacht phobail de thailte na hÉireann againn go dtí an 1640daí.

Lasmuigh de bhotúin nó dhó ar nós an shampla luaite thuas maíonn sé gurb é an ghné is tábhachtaí faoin leabhar ná an chaoi a míníonn sé seasamh na n-aicmí sa tír i stair na hÉireann. Bhí níos mó eagla ar chaipitlithe Éireannacha roimh na daoine agus cad a d'fhéadfaidís a bhaint amach dóibh féin ná mar a bhí eagla orthu roimh impireacht na Breataine a thug cosaint éigin chaipitlíoch dóibh.

Mar a dúirt mé tá an aiste le léamh san eagrán is nuaí den Bhratach Dhearg. Níl ach €2 air agus tá níos mó ná an aiste sin amháin ann.
Agus toisc go gcuireann sé a thuilleadh lenár dtuiscint déarfainn gur fiú an chritic sin a léamh sula, nó i ndiaidh, a léitear leabhar Uí Chonghaile.

Déardaoin, Lúnasa 19, 2010

M2010.08.10



Chuir National Geographic an grianghraf iontach thuas -ó Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa- suas ar a shuíomh idirlín inné (tá íomhá ardtaifigh ar fáil ar nasc GSE).

Ar dtús cheap mé go raibh sé photoshopáilte nó Gimpáilte. Níl sé.

Planctón faoi bhlás amach ón chósta atá ann. Tógadh le linn Mí Bhealtaine i mbliana agus eisíodh é cúpla lá ó shin.
Nach maith le feiceáil go leor beathú ar fáil don liamhán gréine ar aon chaoi.

Dé Céadaoin, Lúnasa 18, 2010

M2010.08.09

Spreagtha ag alt Mhic Con Mhidhe sa IT inné.
"in Éirinn tharla rud aisteach sa 19ú haois. Rinneadh coilínigh de na dúchasaigh féin. Baineadh a gcultúr agus a dteanga díobh. Bronnadh an Béarla agus cultúr Briotanach orthu. Ba choilínigh ina dtír féin iad as sin amach."
Bíonn ceist na Gaeilge leadránach de ghnáth agus ní chuirim mórán spéise inti i ndáiríre, ach is breá liom plé faoin tsíceolaíocht a bhaineanns le coilíneachas, nó an iarmhairt síceolaíochta de bharr coilíniú.
Ar ndóigh i bhfad roimh an alt thuas bhí aiste scríofa ag Tomás Mac Síomóin ar an ábhar, agus eisean ag baint úsáide as saothar Albert Memmi chun anailís éigin a dhéanamh ar ceist an fhórsa shíceolaíoch .i. an scitsifréine, atá in intinn an Éireannaigh. Scitsifréine a thiomáineann gráin do theanga dhúchas a thíre agus a chine.

Go bhfios domsa níl aon saothar níos cuimsithí ar an ábhar seo ar fáil as Gaeilge ón dhearcadh Gaelach? Agus is mór an trua é.